Ar cheart d’fhear a d’fheicfeadh bean uaidh agus í ina haonar ar bhóthar uaigneach an bóthar a thrasnú?

Spás a thabhairt do bhean a bheadh ina haonar ar bhóithrín dorcha, ar eagla go mbeadh sceoin uirthi – nó gan? Sin ceist amháin atá spreagtha ag an bhfeachtas #MeToo

Ar cheart d’fhear a d’fheicfeadh bean uaidh agus í ina haonar ar bhóthar uaigneach an bóthar a thrasnú?

Cén fáth ar thrasnaigh an fear an bóthar?

Toisc go raibh bean ina haonar ar an mbóthar céanna.

Ó thosaigh an feachtas #MeToo tá suim mhór curtha agam i ngné ar leith den díospóireacht: ar cheart d’fhear a d’fheicfeadh bean uaidh agus í ina haonar ar bhóthar uaigneach moilliú ar a choiscéim, nó an bóthar a thrasnú, d’fhonn spás a thabhairt di?

Is é an fáth gur chuir mé oiread suime sa cheist sin ná gur nós liom féin a leithéid a dhéanamh, ó instinn, sular tharraing feachtas #MeToo aird ar an gceist chéanna ar chor ar bith. Tá bóithrín cúng dorcha gar don áit a bhfuil cónaí orm agus mar bharr ar an donas téann sé suas in aghaidh an aird. Nuair a d’fheicinn uaim bean ina haonar agus í ag dul suas an cnoc, mhoillínn ar mo choiscéim i gcónaí ar fhaitíos go gceapfadh sí – Dia idir sinn agus an drochrud – go n-ionsóinn í.

Tabhair faoi deara go bhfuil an aimsir ghnáthchaite in úsáid agam san abairt thuas. Mhoillínn ar mo choiscéim. Ní dhéanaim amhlaidh níos mó.

Lig dom a mhíniú cén fáth.

Ó chuir mé spéis sa ghné áirithe seo den díospóireacht atá spreagtha ag an bhfeachtas #MeToo, fuair mé amach go bhfuil tuairim choitianta i measc feimineach go léiríonn a leithéid – spás a thabhairt do bhean léi féin ar bhóthar uaigneach – go léiríonn a leithéid dímheas ar an mbean sin agus ar mhná i gcoitinne. Is é an chaoi, dar leo, go léiríonn an chúirtéis seo ag fir go ndéanann siad sin talamh slán de go mbeadh faitíos ar mhná rompu – agus gur rud nádúrtha é sin.

Bhí lón machnaimh sa mhéid sin – agus ‘lón machnaimh’ a deirim toisc nach bhfuil Gaeilge ceaptha ag éinne fós, go bhfios dom, ar an leagan cainte úsáideach úd sa Bhéarla: mind f**k.

Céard sa diabhal!? Bhí mise ar mo mhíle dícheall gan faitíos a chur ar mhná, ach bhí mná ann, de réir cosúlachta, a bheadh maslaithe ag a leithéid!?

I ndáiríre píre d’aontóinn, go pointe, leis na feiminigh sin a cheapann nár cheart d’fhir an bóthar a thrasnú nuair a fheiceann siad uathu bean ina haonar. Dar liom nach chun leasa na mban – ná go deimhin chun leasa éinne – é ‘bolgán’ a chruthú ina dtimpeall féin. 

Ach ní hé sin an fáth, sa deireadh, gur éirigh mé as a bheith ag tabhairt spáis do mhná a bheadh leo féin ar bhóithríní uaigneacha.

 Tar éis mo chuid machnaimh ar fad faoin gceist, b’fhacthas dom nach bhfuil sé inmholta a bheith ag smaoineamh do dhuine éigin eile, bean ná fear. 

Nós é sin – a bheith ag smaoineamh do dhaoine eile – a léiríonn go gceapann an té a chleachtann é go bhfuil sé féin níos cliste ná daoine eile, nó go mbeadh níos mó freagrachta ar a ghuaillí féin ná mar a bheadh ar ghuaillí dhaoine eile.

Agus ag deireadh an lae, is le gach duine an bóthar. 

A rogha féin ag chuile dhuine é a thrasnú.

Fág freagra ar 'Ar cheart d’fhear a d’fheicfeadh bean uaidh agus í ina haonar ar bhóthar uaigneach an bóthar a thrasnú?'

  • R

    Mar a deir tú is údar machnaimh é cinnte. Ar deireadh thiar thall ní droch rud é a bheith cúirtéiseach le do chomharsan.

  • leitheoir

    Is peaca é smaoineamh ar pheaca a dhéanamh ach cur suas dó?