Ar an tolg le ‘Shtisel’, ‘Cnámh’, The Talk of the Town, Inni-k agus Oisín Mac Diarmada

Sa tsraith seo insíonn daoine éagsúla dúinn faoi na leabhair, scannáin, albaim, podchraoltaí agus eile atá ag tabhairt faoiseamh, spreagadh nó lón machnaimh dóibh

Ar an tolg le ‘Shtisel’, ‘Cnámh’, The Talk of the Town, Inni-k agus Oisín Mac Diarmada

Nuair a cuireadh an saol as a riocht aimsir Lá ’le Pádraig ní fhéadfainn a chreidiúint cé chomh lúfar is a bhí aos ealaíon na tíre agus cé chomh tapa is a tharla an t-ollaistriú ar líne.

Is dócha gur ceapadh ag an am go mbeadh laethanta fada díomhaoine le cur isteach againn go léir agus go mbeadh gá le hábhar cultúrtha le muid a thabhairt slán ó mhaidin go hoíche.

Agus b’fhíor sin, do roinnt daoine.

Tuigfidh éinne a bhfuil beirt leanaí faoi bhun aois a trí acu nach cuid de rithim an lae é an díomhaointeas.

Agus tuigeann an té a bhíonn ag obair ó bhaile agus beirt leanaí faoi bhun aois a trí aige gur éacht is ea é an cith féin a bheith agat!

Nuair a shílim go bhfuil deis aimsithe agam chun rud éigin a léamh tagann ordú ó m’iníon le haghaidh “uisce fuar”.

Agus sea, mura mbíonn sé fuar a dhóthain di ní bhíonn drogall uirthi é a ordú arís ón bhfreastalaí tuirseach, ach uisce fuar a deir sí an babhta seo.

An féidir argóint le beainín dhá bhliain go leith, mar a dúirt an té a dúirt…

É sin ráite, tá éirithe liom cuid den ollsoláthar cultúrtha ar líne a bhlaiseadh. Is breá liom Inni-k agus bhaineas an-sult as ceolchoirm dá cuid ar line. Bhain mé sult chomh maith as mo chomrádaí ceoil Oisín Mac Diarmada, a sheinn lena chéile mná, Samantha, beo óna dteach i Sligeach mar chuid de Ireland Performs, sraith ceolchoirmeacha atá le moladh.

Is maith go bhfuil tacaíocht ar fáil d’ealaíontóirí atá tar éis a gcuid gigeanna ar fad a chailliúint, ach tagann imní orm, uaireanta, go mbeifear ag súil go mbeidh imeachtaí cultúrtha ar fáil saor in aisce as seo amach.

Cinnte, beidh go leor againn ag streachailt as seo go ceann i bhfad, agus tá líon ollmhór daoine a bheidh dífhostaithe ar feadh tréimhse, ach bheadh baol ann, dar liom, dá dtiocfadh an tuairim chun cinn go bhfuil na healaíona saor in aisce.

Caithfear ealaíontóirí a chúiteamh chomh maith.

Bíonn go leor le léamh agam agus mé ag plé le Comhar mar eagarthóir liteartha.

Tagann an oiread sin ábhair chugam, gan trácht ar leabhair nua, go mbím gafa cuid mhaith ag an gcúram sin. Ardaím cnuasach gearrscéalta Eoghain Mhic Giolla Bhríde Cnámh gach re lá agus léim scéal eile uaidh.

Scríbhneoir ar leith is ea é, a scríobhann don tsúil (féach na scannáin Silence agus Song of Granite agus na radhairc fhísiúla gan aon chaint) agus don chluas, ach is é an bua is mó atá aige atmaisféar ar leith a chruthú a thugann isteach i saol na gcarachtar thú.

Tháinig leabhar nua sa phost an tseachtain seo caite – sea, leabhar nua! – dar teideal The Talk of the Town, cnuasach nua dátheangach leis an bhfile Caitríona Ní Chléirchín.

Tuigim canathaobh go mbeadh drogall ar dhaoine rudaí a eisiúint i láthair na huaire, ach is breá liom go bhfuil de mhisneach ag ealaíontóirí saothar nua a eisiúint fiú agus cúinsí chomh dúshlánach is atá siad. Chuaigh na dánta i bhfeidhm go mór orm, go háirithe na dánta a bhain le ceist na teorann.

Bíonn gá ag cláir ar nós An Cúinne Dána, a chuirim i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, le hábhar nua, le hábhar plé, le hábhar. Chuireas an-fháilte roimh an gcnuasach an-bhreá sin.

Maidir le ceol, chuir beirt de na haíonna a bhí agam ar an gclár ó chianaibh i dtreo Arvo Pärt agus a shaothar Spiegel im Spiegel mé.

 

Bíonn sé againn anois roimh am dul a luí.

Socraíonn sé Maud agus Joni. Socraíonn sé mé féin.

A mhalairt de cheol a bhíonn againn ar maidin, amhráin agus rannta a chum mo bhean, Sadhbh. Beidh ceirnín nua léi á eisiúint ag Gael Linn i mbliana dar teideal Picnic Teidí agus cuireann an ceol ag damhsa, ag canadh, agus ag gáire muid gach maidin.

Nuair a bhíonn an tigh ciúin – Netflix.

Tar éis dúinn breathnú ar Unorthodox, mhol mo thuismitheoirí dúinn breathnú ar Shtisel.

Tá áthas orm gur dhein.

Tá sé ar cheann de na sraitheanna is fearr a chonac riamh.

Teaghlach Hasadach ag maireachtáil thall in Iarúsailéim agus na dúshláin go léir a thugann le chéile agus a bhrúnn óna chéile iad, agus gan aon bhreithiúnas déanta orthu.

Airím uaim mo mhuintir féin.

Ach táim an-bhuíoch gur chuireas aithne ar mhuintir Shtisel.

Baruch Hashem.

Fág freagra ar 'Ar an tolg le ‘Shtisel’, ‘Cnámh’, The Talk of the Town, Inni-k agus Oisín Mac Diarmada'