Ar an mBóthar Beag a bheas an choimhlint is fearr agus Connacht ag iarraidh breith ar na Cheetahs

Tá an stíl imeartha chéanna ag an Cúige Chonnacht agus atá ag Cheetahs na hAfraice Theas, iad crua agus fisiciúil i measc na dtosaithe agus an-oscailte agus gasta i measc na gcúlaithe

Ar an mBóthar Beag a bheas an choimhlint is fearr agus Connacht ag iarraidh breith ar na Cheetahs

Seans go bhfuil Cúige Mumhan breá sásta a bheith ar ais sa mbaile i gCorcaigh tar éis dóibh greadadh a fháil, 40-16, ar an mbóthar agus iad i gcoinne na Cheetahs san Afraic Theas coicís ó shin. Fiú má bhí go leor d’imreoirí na Mumhan ar dhualgas idirnáisiúnta sa tSeapáin ní dóigh gur róshásta a bhéas lucht leanta an Airm Dheirg le cur chuige a bhfoireann.

Tá deis acu rudaí a chur ina gceart anocht agus iad ag cur fáilte roimh na hOspreys, foireann atá ar thóir a ndara bua i gceithre chluiche. Ní hamháin sin ach seo é an tríú cluiche as baile acu agus gan ach Babhta 4 den chomórtas i gceist fós. Níl ceann ar bith buaite ar an mbóthar acu fós. Go deimhin, fuair siad dhá bhualadh uafásacha agus iad as baile i mBabhtaí 1 agus 2 i gcoinne Chúige Uladh agus Chúige Laighean. Is deacair aon athrú scéil a fheicéail dóibh sa gcoimhlint seo anocht. Sea, is cinnte go mbeidh foireann an bhaile thar a bheith díomách má theipeann orthu.

Anocht freisin a bheas na hUltaigh, a bhí ag imirt san Afraic Theas i mBabhtaí 2 agus 3, ag cur chun páirce i mBéal Feirste i gcoinne Caerdydd. Tá dhá chluiche as trí cinn buaite ag na hUltaigh agus dhá chluiche as trí cinn atá caillte ag Caerdydd. Chomh maith leis sin, is i gcoinne na foirne is laige sa gcomórtas, na Southern Kings, a fuair Caerdydd an bua sin. Ní dóigh dá bhrí sin go mbeidh mórán misnigh acu agus iad as baile i gcoinne na nUltach. Níl mise ag tabhairt mórán seans dóibh, ach go háirithe.

Ar an Satharn a bheas na Laighnigh agus na Connachtaigh ag cur chun páirce. Ní dóigh go mbeidh mórán stró ar na Laighnigh agus iad san Iodáil i gcoinne Zebre, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo. Seans gur cuma cén fhoireann a chuireann Leo Cullen chun páirce, is deacair bua do Zebre a thuar. Bua eile le pointe bónais do Chúige Laighean.

I mo thuairim seans gur ar an mBóthar Beag a bheas an choimhlint is fearr i mBabhta 4 den Pro 14. Cuirfidh na Connachtaigh fáilte roimh Cheetahs na hAfraice Theas go Gaillimh agus iadsan as baile den chéad uair an séasúr seo. Bhain na Cheetahs chuile leas as buntáiste an bhaile sa gcéad trí chluiche agus bhí trí bhua le trí phointe bónais acu. An cheist anois an mbeidh siad in ann imirt chomh maith céanna i nGaillimh. Is cinnte gur dúshlán ollmhór é seo do na Connachtaigh. Mar sin féin níl cúis ar bith ann nach mbeadh siad in ann an ceann is fearr a fháil ar na cuairteoirí, sin má imríonn siad mar a rinne siad i mBabhtaí 2 agus 3.

Tá an stíl imeartha céanna ag an dá fhoireann seo, iad crua agus fisiciúil i measc na dtosaithe agus an-oscailte agus gasta i measc na gcúlaithe. Seans go mbeidh an láimh in uachtar ag pé foireann a dhéanann an líon is lú botún.

Is dóigh liom go mbeidh an lámh in uachtar ag na Connachtaigh díreach mar gur acu atá buntáiste an bhaile, ach sin é an t-aon bhuntáiste atá acu. 

Caithfidh siad a bheith thar a bheith cúramach ar fad.

Fág freagra ar 'Ar an mBóthar Beag a bheas an choimhlint is fearr agus Connacht ag iarraidh breith ar na Cheetahs'