Ar ais chuig an nádúr

Tá leabhar faoi uiscebhealaí intíre na hÉireann seolta ag Manchán Magan in Áth Luain.

Údar an leabhair, Brian Cassells, Carmel Meegan, Uachtarán, Comhlachas Uiscebhealaí Intíre na hÉireann, agus Manchán Magan.
Údar an leabhair, Brian Cassells, Carmel Meegan, Uachtarán, Comhlachas Uiscebhealaí Intíre na hÉireann, agus Manchán Magan.

Sheol an craoltóir agus scríbhneoir Manchán Magan leabhar maidir le huiscebhealaí intíre na hÉireann in Áth Luain.

Tá Comhlachas Uiscebhealaí Intíre na hÉireann (IWAI) seasca bliana d’aois agus leabhar curtha i gcló á chomóradh sin ag ball on Tuaisceart dá gcuid, Brian Cassells.

I measc na rudaí a luaigh Brian ina óráid, bhí ilghnéitheacht na ndaoine a bhí san eagraíocht ag an tús, ach iad tiomanta d’aidhmeanna na heagraíochta san am gcéanna: beirt a bhí chun tosaigh, mar shampla, ná Harry Rice, a bhí tráth ina oifigeach in airm na Breataine, agus Sean Mac Giolla Bhríde, a bhí tráth ina cheannaire ar an IRA.

Nuair nach bhfuil sé d’ádh ort a bheith i do chónaí le hais an chósta, agus fiú má tá, is tábhachtach na huiscebhealaí intíre, na haibhneacha agus na canálacha inar féidir báid a stiúradh go fóill agus go mbíonn suim ar leith ag turasóirí iontu, Gearmánaigh go háirithe, agus atá ar fáil ó cheann ceann na tíre.

Ar nós roinnt mhaith de na hiarnróid, mar shampla na ceanna a théann go hAcaill agus chuig an gClochán, ní bheadh formhór mór na mbealaí uisce seo ar fáil do dhaoine inniu ach go ndearna an Comhlachas seo an fód a sheasamh agus stocaireacht a dhéanamh ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta.

Mar shampla, bhí na húdaráis chun droichead íseal a chur trasna na Sionainne an tráth sin, rud a chuirfeadh stop leis na báid, ach d’éirigh leo a chinntiú nár tharla sé sin.

Is cath leanúnach é seo, agus tugann an eagraíocht spreagadh do lucht na mbád leanacht ag úsáid na huiscebhealaí mar chuid de sin. Bíonn “Railí na Sionainne” acu gach samhradh, cuirim i gcás, rud a nglacann a lán úinéirí agus a gcuid bád páirt ann.

Tharla an ócáid in Áth Luain (sa leabharlann) de bharr gur ansin a chaith Harry Rice – an duine a raibh fís don eagraíocht aige an chéad lá – cuid mhaith dá chuid ama, agus nuair a bhí sé ar pinsean, rinne sé a lán cairteacha de na huiscí sa cheantar, cairteacha atá in úsáid go fóill.

Ní raibh Manchán taobh thiar den doras nuair a bhí moladh le tabhairt dóibh siúd a bhí páirteach san eagraíocht. Léirigh an grúpa an saibhreas timpeallachta agus cultúrtha a bhí thart orainn, a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh 20 bliain caite aige ag taisteal an domhain, cuid mhaith den am ag déanamh cláir theilifíse.

Bhí ionad do lobhair rite aige sna Himiléithe agus brú cónaithe rite aige ar theorann Pheiriú, ach ba dá éis sin ar fad a tugadh le fios dó féin nach raibh sé riamh ar an gCanál Ríoga, cé go bhfuil sé ina chónaí i bhfoisceacht 15 nóiméad dó agus é san Iarmhí.

Bhí sé tábhachtach foghlaim faoin dúlra béal dorais dó féin freisin.

Bhí sé den tuairim go mb’fhéidir go bhfuil an cúlú eacnamaíochta freisin ag spreagadh daoine le dul i dteagmháil arís leis an timpeallacht mar bhí suim ag Éireannaigh i gcónaí sna haibhneacha, sna locha agus sna cnoic.

Nuair a bhreathnaíonn tú ar chomh maith agus a d’éirigh le “Slí an Atlantaigh Fhiáin” i mbliana agus an bhéim a chuir an rialtas ar an gcósta, b’é an chéad céim eile ná an bhéim a chur ar chúrsaí intíre ar nós na n-aibhneacha, fiú má thógann sé roinnt mhaith ama leis sin a bhaint amach, a dúirt Manchán.

Ba ré nua turasóireachta a bheadh i gceist dá dtarlódh sin, a dúirt sé, ré a bheadh i bhfad níos dílsí d’íomhá na tíre seo. Tá an leabhar foilsithe ag Cottage Publications.

Fág freagra ar 'Ar ais chuig an nádúr'

  • @seancomheas

    Go bhfòire Dia orainn an mbeadh teideal níos fearr nà seo agaibh don phíosa seo. Nach mbeadh sè níos fearr an píosa a scríobh as Bèarla. An mheas agam as Tuairisc.ie ach muna Bèarlachas an teideal seo níl a fhios agam cad è Bèarlachas. Aon mholtaí ag aon duine? Dearfain fèin, Ag filleadh ar …..