‘Aontaíonn tú liom? Tá an ceart againn beirt mar sin!’ – díospóireacht bhearnach na meán sóisialta

Ní minic a bhíonn plé, díospóireacht nó argóint cheart againn ar na meáin shóisialta mar ní aithníonn ciaróg ach ciaróg eile…

‘Aontaíonn tú liom? Tá an ceart againn beirt mar sin!’ – díospóireacht bhearnach na meán sóisialta

Bhí ionadh, nó alltacht fiú, ar chuid againn nuair a bhuaigh Dónall a’ Trumpa toghchán SAM. Bhí an t-ionadh céanna orainn nuair a d’éiríomar maidin an 24 Meitheamh agus scéal romhainn go raibh pobal na Ríochta Aontaithe tar éis vótáil ar son na Breatimeachta.

Ba dheacair dúinn a chreidiúint gur vótáil ár mbráithre agus ár siúracha Albanacha i gcoinne a neamhspleáchais féin in 2014, nó go deimhin gur atoghadh páirtí a bhí tar éis polasaí déine a chur i bhfeidhm ar chosmhuintir na tíre le cúig bliana roimhe sin.

B’ait linn conas sa diabhal a tharlódh a leithéid, nó bhí formhór mór na ndaoine a bhí ag plé na gceisteanna seo linn ar aon fhocal agus ar aon mheon linn?

Seo ceann de na fadhbanna móra atá againn ar na saolta seo – an tslí ina bhfaighimid, agus ina scaipimid, eolas. De réir a chéile tá ár dtuiscint ar an domhan á chruthú agus á mhúnlú ag an eolas atá á fháil againn ar na meáin shóisialta, agus is tuiscint chlaonta bhearnach an tuiscint chéanna go minic.

Tá an t-ionadh sin thuas fréamhaithe sa léamh atá againn ar thuairimí na ndaoine a bhailímid inár dtimpeall ar líne; ár gcairde ar Twitter nó Facebook agus na foinsí nuachta a roghnaímid.

Nach raibh scéalta á gcloisint againn go raibh ár ngaolta i Meiriceá ag dul timpeall le greamacháin Trump ar a gcairteacha acu? Nach raibh ár gcol ceathracha i Sasana ag tacú leis an mBreatimeacht?

Ach níor thugamar aon tor ar sin; gealt fhánach anseo is ansiúd, dar linn.

Bhí sé i bhfad Éireann ní ba fhusa dúinn bheith ag cleithmhagadh agus ag fonóid fé lucht leanúna Trump, mar shampla, ná iarracht a dhéanamh ar iad féin agus fáthanna a mbuartha a thuiscint. Bhí formhór dár gcairde ar líne ag déanamh amhlaidh, agus i measc ár ngrúpaí sóisialta ar líne ba bheag léargas a bhí á fháil againn ón dtaobh eile. Fé mar a dúirt Christopher Hooton in alt a scríobh sé do Independent Shasana an tseachtain seo,

‘Chuamar isteach inár mbothanna macalla, mar a chraobhscaoilimid ár dtuairimí ar dhaoine atá ar aon fhocal linn cheana féin agus bainimid sásamh as ár dtuairimí féin bheith ag teacht ar ais chugainn.’

Gné den saol ar líne é seo atá an-dainséarach mar ní minic a bhíonn plé, díospóireacht nó argóint cheart againn. Conas a bheadh má bhíonn gach éinne ag teacht le tuairimí a chéile?

donald_trump_by_gage_skidmore_5-e1478686423332

Féach ar na daoine atá á leanúint agat ar na meáin shóisialta agus déan áireamh ar an líon acu go mbeadh bearna mhór eadraibh maidir le bhur dtuairimí faoi aon mhórcheist. Thabharfainn an Bíobla nach bhfuil puinn acu ann.

Is minic go stopfá ag leanúint duine a déarfadh rud éigin a chuirfeadh alltacht ort. Úsáidtear an téarma ‘troll’ go rómhinic nuair a deir duine rud éigin a thagann salach ar do Weltanschauung féin. Ag eascairt as an saghas seo timpeallachta tá glúin na gcalóg shneachta, a sheachnaíonn aon argóint nó aon rud a chruthódh easaontas.

Fágann san gur tógadh falla ar na meáin shóisialta eadrainn féin agus na daoine gur chóir dúinn bheith i mbun díospóireachta leo, agus fuarthas léargas aontaobhach ar chás Trump agus ar na nithe a bhí ag dó na geirbe ag a lucht tacaíochta. Ní raibh ag Dónall a’ Trumpa ach tionlacan na n-amadán is na n-óinseach, a cheapamar, agus ní raibh aon dul go raghadh sé isteach. Bhí dearúd trom orainn.

Ní comhluadar nádúrtha é go minic. Cuimhnigh ar a bheith cois cuntair i dtigh an óil agus comhrá ar siúl ó cheann ceann an tseomra. Bí cinnte go mbeidh daoine ann ar aon intinn leat faoi gach a bhfuil á rá agat, ach beidh daoine ann leis a raghadh i mbun allagair leat. Rud maith é an meascán de thuairimí a fhaightear sa ghnáthshaol, ach mura mbíonn ag caint leat ach do mhacasamhail féin, ráitis atá á ndéanamh in ionad comhrá.

A chomhrá féin a dheineann pléisiúr do gach amadán agus óinseach, fé mar a dúirt an té a dúirt.

Feicim é seo go mór sna feachtais atá á rith fé láthair i gcoinne agus ar son an ochtú leasú a aisghairm. Níl aon phlé ceart á dhéanamh ag an dá dhream lena chéile. Tagann béic ó thaobh amháin den chlaí a deir gur dúnmharfóirí iad gach duine de lucht an Reipéil nach mbeidh sásta nó go gceadaítear an ginmhilleadh don leanbh atá ocht mbliana déag d’aois. Tagann freagra a deir gur bunchreidmhigh chaitliceacha nó jesus freaks gach duine díobh siúd a easaontaíonn le lucht an Reipéil, gan aon splinc mheabhrach acu féin agus iad á dtreorú ag Pápa na Róimhe. Leanann na reipéilears a chéile, agus leanann na ‘antis’ a chéile, agus nuair a théann an dá dhream in adharca a chéile ní bhíonn faic dá bharra ach blocáil is balbhú, díleanúint agus asacháin.

Bíonn folús tuisceana istigh sa lár, agus rud baolach é sin in aon sochaí.

Rud nótálta is ea na meáin shóisialta – osclaíonn siad doirse chun cairdis agus osclaíonn siad ár súile ar an saol. Ach b’fhéidir gur fiú dúinn féachaint thar claí anois is arís, comhrá ceart fásta bheith againn leo siúd atá ar mhalairt tuairim linn agus foghlaim uathu féin go díreach seachas bheith ag dul timpeall le púicíní orainn. Ní gá go n-aontóimis le chéile, ach b’fhéidir go dtuigfimis a chéile níos fearr.

Fág freagra ar '‘Aontaíonn tú liom? Tá an ceart againn beirt mar sin!’ – díospóireacht bhearnach na meán sóisialta'

  • Brenda Ní Shúilleabháin

    Aontaím ar fad leat, an ceart ar fad againn araon!

    An dtógann tú ceann d’fhaisisteachas áirithe ag baint le ‘liobrálaigh’, go mórmhór Meiriceánaigh ná réitíonn le Trump? Fé mar is nár cheadmhach do dhaoine a vóta a chur lena rogha?

    Agus maidir leis an 8ú: cheart dúinn tosnú ag caint air. Go síbhialta, tuisceanach. Ní theastaíonn a thuilleadh Savita Halapannavar. Agus Ní theastaíonn slad ar leanaí,más bhroinn nó lasmuigh de. Ní sásófar gach éinne. Ach deinimis ár ndícheall.

    Alt deas ar Mhainín gheal Luain!

    Brenda