Anseo i bPáras atá go leor de rúin Bloomsday

Níor éirigh liom bun nó barr a dhéanamh de Ulysses go dtí go chuir mé féin fúm sa chathair sin atá i gcroílár an scéil – Páras

Anseo i bPáras atá go leor de rúin Bloomsday

Gach bliain ar Bloomsday, déanaimid ceiliúradh ar Ulysses, sárshaothar James Joyce. Theastaigh seacht mbliana agus breis is 700 leathanach uaidh chun cur síos a dhéanamh ar gach uile chor a chuir Leopold Bloom de i mBaile Átha Cliath ar an 16 Meitheamh 1904.

Is le teann ceanndánachta a léigh mé féin an t-úrscéal eipice seo agus mé i mo mhac léinn sa phríomhchathair. Níor thuig mé ach corr-abairt anseo is ansiúd ar ndóigh. Fós féin, as sin amach bhínn istigh i Davy Byrne’s ar Bloomsday, le gloine dheas d’fhíon na Burgúine i mo ghlac agus barra gallúnaí líomóide ó Sweny’s i mo phóca, ag insint do gach duine a thabharfadh cluas dom gur léigh mé an diabhal de leabhar ó chlúdach go clúdach.

Tar éis dom lorg Bloom a leanúint ar fud na cathrach, ó Reilig Ghlas Naíon go dtí an túr Martello, ba leasc liom a admháil go raibh mé fós caillte. Déanta na fírinne, níor éirigh liom bun nó barr a dhéanamh de Ulysses go dtí gur chuir mé féin fúm sa chathair sin atá i gcroílár an scéil: Páras.

“I want to give a picture of Dublin so complete that if the city suddenly disappeared from the earth it could be reconstructed out of my book.”

Agus é ár gcur soir leis an uafás mionsonraí faoin gcathair, ní cheapfá go deo nár leag James Joyce cos i mBaile Átha Cliath a fhad is a bhí Ulysses á scríobh aige. Ní haon áibhéil a rá go raibh caidreamh achrannach aige lena chomhthírigh. Chláraigh sé do rang Gaeilge sa bhliain 1898 agus cé a bhí mar mhúinteoir aige ach Pádraig Mac Piarais féin. Bhí an oiread sin gráin ag an ilteangach óg ar dhearcadh cúng claonta an mhúinteora gur gheall sé dó féin nach bhfoghlaimeodh sé an Ghaeilge go brách. Ré na hAthbheochana a bhí ann agus faoi anáil Yeats, Lady Gregory agus Dubhghlas de hÍde, bhíothas ag iarraidh íomhá dheas idéalaithe den tír a chothú. Bhí Joyce ag amharc chun cinn: ‘You talk to me of nationality, language, religion. I shall try to fly by those nets.’

Is sa bhliain 1912 a chuaigh an lasóg sa bharrach. Bhí Joyce ar ais i mBaile Átha Cliath agus a chéad leabhar, Dubliners, á fhoilsiú. Faraor géar gur chaill an clódóir a mhisneach ag an nóiméad deiridh agus dhóigh sé gach uile chóip den leabhar ‘graosta’. Níor leag Joyce cos in Éirinn arís go deo. Nuair a fuair sé bás sa bhliain 1941, shocraigh polaiteoirí na hÉireann gan freastal ar an tsochraid agus ní bheadh fáil ar Ulysses in Éirinn go dtí na 1960idí. “History, Stephen said, is a nightmare from which I am trying to awake.”

Tuigim thú, a mhac.

Seans maith nach bhfeicfeadh Ulysses solas an lae murach gur iarr an file Ezra Pound ar Joyce teacht go Páras sa bhliain 1920. Dar leis an bheathaisnéisí Richard Ellmann, bhí Joyce le seachtain a chaitheamh i bPáras ach d’fhan sé ann ar feadh 20 bliain. Is ansin a chríochnaigh sé Ulysses (ag 71 Rue du Cardinal Lemoine) agus is léir an tionchar a bhí ag Les Années Folles ar an saothar. Tháinig mé féin ar thuiscint iomlán nua ar Ulysses nuair a thum mé mé féin sa ghluaiseacht ealaíne a bhí ag borradh i bPáras sna 1920idí. Ezra

Pound, Gertrude Stein, Picasso – cathair na havant-gardists a bhí ann agus bhí Joyce ina eiseamláir acu siúd a bhíodh ag crochadh thart sna caiféanna i Montparnasse.

Ní hamháin nár scríobhadh Ulysses i mBaile Átha Cliath, ní raibh seans faoin spéir go n-éireodh le Joyce a leithéid de leabhar a fhoilsiú ansin. Cuireadh Ulysses amach i bhfoirm sraithe ar dtús, rud a thug deis do na húdaráis i Meiriceá agus i Sasana cosc a chur ar an úrscéal sular éirigh le Joyce é a chríochnú fiú. Bhí Joyce bocht in umar na haimléise. Bhuail sé isteach chuig Shakespeare and Company, siopa beag leabhar ag 12 Rue de l’Odéon chun a thrioblóidí a roinnt leis an úinéir, Sylvia Beach. Bean ar leith a bhí i Beach agus ba mhór an tacaíocht a thug sí do mhórscríbhneoirí an lae ar nós Hemingway, Fitzgerald agus Eliot. Bhuail smaoineamh í an lá cinniúnach sin.

Níl Bloomsday dá dtéann thart nach siúlaim síos Rue de l’Odéon chun an phlaic bheag bhídeach ag n°12 a léamh:

En 1922 Dans cette maison Melle Sylvia BEACH publia ULYSSES De James JOYCE 

D’fhoilsigh Sylvia Beach Ulysses sa bhliain 1922, an bhliain a bunaíodh Saorstát na hÉireann agus bhí teachtaireacht láidir ag ár bpríomhexile don stát óg: “If Ireland is to become a new Ireland she must first become European.”

Ar chóir dúinn scéal mór a dhéanamh den túr Martello agus Reilig Ghlas Naíon ar Bloomsday? An bhfuil an barra gallúnaí chun aon rud a shoiléiriú? An bhfuil tuiscint le fáil ag bun na gloine fíona? Chun spléachadh a fháil ar chroí an scéil, b’fhearr dúinn breathnú níos faide ó bhaile.

Fág freagra ar 'Anseo i bPáras atá go leor de rúin Bloomsday'

  • Aine Cullen

    Alt iontach agus scríofa go han-mhaith ag an údar. D’fhoghlaim mé an oiread sin nach raibh a fhios agam. Tar éis dom an t-alt a léamh ba mhaith liom níos mó a léamh faoi na hábhair a pléadh. Alt den scoth.