Anó agus ocras san ‘extreme west’ 100 bliain ó shin

Is ag iarraidh an scéal a cheilt, a bheag nó a mhór, a bhí an chéad rialtas sa Saorstát agus daoine i gConamara agus in áiteanna eile faoin tuath ag fáil bháis leis an ocras

Anó agus ocras san ‘extreme west’ 100 bliain ó shin

Pictiúr: HV Morton

DEATHS FROM STARVATION IN CONNEMARA

  • An Curadh Connachtach, 7 Feabhra 1925

Is minic linn fós gurb é an béal bocht againn é, an iomarca dhe sin scaití. Sé an béal folamh a bhí ann nuair a scríobhadh an cheannlíne thuas, agus níl muid ag dul siar sna cianta cairbreacha.

Cé go rabhadar ró-óg le cuimhne a bheith acu air, tá daoine beo fós i gConamara agus i gceantracha eile ar imeall thiar na hÉireann, a bhí ar an saol nuair a scríobhadh an scéilín seo sa gCuradh Connachtach, earrach na bliana 1925 – céad bliain ó shin go díreach.

Bhí caint ann, fiú amháin i nDáil Éireann, gur san “extreme West” ba mheasa a bhí an t-ocras agus an t-anó, ach ní mba scéal nua é sin a dúradh i dTeach Laighean. Ach i measc na ndaoine ar leic an teallaigh, bhain 1925 barr amach. An dúchan ar na fataí agus an mhóin báite.

Bhí aimsir dúchana againn le gairid sa mbliain seo, 2025; laethanta marbhánta, brádánacha. Níl aon bheann againn ar an dúchan anois. Ach i stair mhór an tsaoil, níl ann ach an lá inné nuair ó bhí muid ag brath ar na fataí san extreme West.

Cé gur minic muid ag trácht ar athrú aimsire agus athrú aeráide anois, is léir go raibh macasamhail na haimsire céanna againn 100 bliain ó shin. Tháinig 1923 agus 1924 fliuch agus fealltach. Lobh na fataí agus níor triomaíodh fód móna. Bhí leagan cainte i gConamara – ‘bliain an spairtigh’. Bhí 1924 inchurtha le bliain spairtigh ar bith acu le báisteach. Fágadh daoine go leor gan fata ná fód móna – ocras agus préachadh.

San alt scanrúil sin, tharraing An Curadh Connachtach aird ar chás ar oileán Iomaí amach ó chósta an Chladaigh Dhuibh, sa taobh ó thuaidh de Chonamara. Ba í Oíche Chinn Bhliana 1924 a bhí ann nuair a cuireadh fios ar dhochtúir le freastal ar fhear darbh ainm Micheál Ó Catháin ar an oileán. Nuair a shroich an dochtúir an teach bhí Micheál sínte ar urlár cloiche agus gan de theas aige ach drochthine a bhí plúchta sa ngríosach. Bhí beirt pháistí in aois a dó agus trí bliana sínte taobh leis. Tugadh Micheál chuig an ospidéal i nGaillimh ach shéalaigh sé dhá lá ina dhiaidh sin. Ní raibh aon amhras ar an dochtúir acu gur ocras ba chionsiocair lena bhás.

Bhí sé ráite nach raibh fata beag ná mór ag 75% de mhuintir Chonamara faoin tráth sin.

Bhí an fhulaingt chomh dona céanna i dTír Chonaill. Thug fear darbh ainm Bob Stewart (bhain sé le Páirtí Cumannach na Breataine) tuairisc théis dó filleadh as Cill Charthaigh agus Teileann go raibh an pobal ansin san an-chaoi. Fuair eagraíocht fóirithinte i mBaile Átha Cliath litir ó scoil Mhín na Croise inar dúradh go raibh na gasúir ag teacht chun na scoile gan lón ná greim le n-ithe. Iarradh go dtiocfaí i gcabhair orthu go práinneach.

Is uafásach an buille a leithéide seo de chruachás sa saol ach ba mheasa ná sin é de bharr go raibh an rialtas – an chéad Rialtas sa Saorstát – ag iarraidh é a cheilt, a bheag nó a mhór. Níor fheil sé go hidirnáisiúnta go gcuirfí scéal amach go raibh gorta in Éirinn agus an chéad ghlúin de pholaiteoirí dúchasacha i bhfeighil na tíre. Agus, baineadh leas (nó aimhleas) as an leithscéal go mbíodh sé ina chruachás go minic san “extreme West” ar aon nós. Drochshaol sna sála ar dhrochshaol.

Labhair an tAire Talmhaíochta P.J. Hogan sa Dáil i 1925 agus dúirt:

There is no abnormal distress in the West this year. I say that definitely and deliberately. There is always distress in the West, but the distress this year is not…particularly unique.

Díol iontais a bhí ann nár chuir aon duine sa Dáil in aghaidh chaint Uí Ógáin agus choinnigh sé ar an port céanna nuair a tháinig scéalta as Contae an Chláir go raibh beithígh ag fáil bháis as éadan agus go raibh daoine ansin ar an bhfaraor géar.

Shoraí daoibh, arsa P.J. Hogan, tá an locht oraibhse a mhuintir an Chláir féin a vótáil do pholaiteoirí gan rath!

Cén chaoi a dtáinig muid slán san extreme West ón ocras, agus ó pholaitíocht mar sin?

Tá údar againn a bheith buíoch in 2025.

Fág freagra ar 'Anó agus ocras san ‘extreme west’ 100 bliain ó shin'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Alt an spéisiúil.

  • Máire Uí Dhufaigh

    Oscailt súl.

  • Seán Mag Leannáin

    Bhí cónaí ag an Aire i nGaillimh é féin ach in oirthear na Gaillimhe gar do Chill Rícill, áit a raibh feirm mhór aige. Bhí cúlra i gcontae an Chláir aige freisin. Ba fheirmeoirí móra iad muintir a athar sa chontae sin. Ba dhuine mór le rá i gCumann na nGael é Paddy Hogan. Ba chara é le Kevin O’Higgins agus, dála O’Higgins, fear mór dlí agus ord a bhí ann. Fuair sé bás i dtimpiste bóthair ag an ndroichead in Eachroim sa mbliain 1936.