Gan dabht bhí sé soiléir ó toghadh Donald Trump ina uachtarán ar Mheiriceá den dara huair i ndeireadh na bliana seo caite go mbeadh an fear céanna sna ceannlínte go mion minic in 2025 – ach tá mé ag ceapadh nach raibh lá ar bith nach raibh an Trumpach sa nuacht ó insealbhaíodh é ar an 20 Eanáir.
Cá dtosóimid? Leis an argóint a bhí aige sa Teach Bán le Volodymyr Zelenskyy i mí Feabhra? An titim amach le Elon Musk i mí an Mheithimh? Leis na táillí iompórtála ollmhóra a ghearr sé ar chuid mhór den chuid eile den domhan i mí Aibreáin? Lena chuid bagairtí ar Veiniséala? Leis an gcaoi ar bhain sé siar as an Eoraip i mí na Nollag nuair a foilsíodh straitéis nua slándála na Stát Aontaithe, inar deimhníodh, dubh ar bhán, rud a bhí ag éirí níos soiléire agus níos soiléire ó thús na bliana: go bhfuil na Stáit Aontaithe ag tabhairt droim láimhe don iltaobhachas mar bhunphrionsabal dá bpolasaithe idirnáisiúnta, agus gur ar a conlán féin atá an Eoraip ó thaobh chúrsaí cosanta de?
In ainneoin iarrachtaí an Trumpaigh duais Nobel na síochána a ghnóthú (gníomhaí de chuid an fhreasúra i Veiniséala, Maria Corína Machado, a bhuaigh an duais sin, ach thiomnaigh sí do Trump í) níl sé ina shíocháin san Úcráin go fóill. Agus cé go bhfuil sos cogaidh i bhfeidhm idir Hamas agus Iosrael ó thús mhí Dheireadh Fómhair, níl cuma rósheasmhach ar an sos cogaidh céanna agus gan dabht tá Gaza nach mór scriosta agus leanann géarchéim ó thaobh sláinte agus soláthar bia dá bharr.
Bhí sé ina chogadh, leis, idir Iosrael agus an Iaráin i mí an Mheithimh; ina scliúchas idir an India agus an Phacastáin i mí na Bealtaine agus idir an Chambóid agus an Téalainn i mí Iúil; lean cogadh cathartha agus gorta ar aghaidh sa tSúdáin.
Ceann de na rudaí a sheas amach sa straitéis slándála a d’fhoilsigh rialtas Trump i mí na Nollag ná raidhse tagairtí don inimirce san Eoraip. Dar leis an Trumpach, is cosúil, tá sibhialtacht na hEorpa ‘i mbaol a scriosta’ dá barr. San Eoraip, d’oibrigh an port céanna go han-mhaith do roinnt páirtithe de chuid na heite fíordheise i mbliana.
Sa Ghearmáin, rinne AfD, páirtí atá chomh fada sin amach ar an eite dheis go bhféadfaí a rá gur páirtí faisisteach iad, go han-mhaith: bhain siad 20.8 faoin gcéad den vóta amach in olltoghchán mhí Feabhra, a dhá oiread vótaí agus a ghnóthaigh siad san olltoghchán roimhe sin in 2021. Chríochnaigh siad sa dara háit, i ndiaidh na nDaonlathach Críostaí, an CDU/CSU.
Ní raibh aon cheann de na páirtithe eile sásta dul isteach i gcomhrialtas leis an AfD áfach agus bunaíodh comhrialtas idir an CDU/CSU agus Daonlathaigh Shóisialta an SPD faoi cheannas Friedrich Merz.
Béal dorais, san Ísiltír, chríochnaigh páirtí an phobalóra chonspóidigh Geert Wilders, an PVV, sa dara háit san olltoghchán i mí Dheireadh Fómhair. Ní raibh ach oiread na fríde idir páirtí Wilders agus an páirtí is mó a ghnóthaigh vótaí, D66, páirtí atá rud beag bídeach ar chlé ón lár. An chuma atá ar chúrsaí anois ná go mbeidh ceannaire an pháirtí sin, Rob Jetten, ar an bpríomhaire is óige san Ísiltír riamh, agus ar an gcéad phríomhaire sa tír sin atá aerach go hoscailte.
Díol suntais a bhí sa spéis a léiríodh i mí an Mhárta in olltoghchán na Graonlainne, tír a bhfuil an daonra inti níos lú ná daonra chathair Phort Láirge; bagairtí Donald Trump an Ghraonlainn a cheannach nó a ghabháil ba chúis, gan dabht, le spéis na meán idirnáisiúnta sa nuacht ó Nuuk. Ag an bpáirtí Demokraatit, atá ar son neamhspleáchais ón Danmhairg am éigin amach anseo – ach ní go fóilleach – a bhí an bua.
I gCeanada, bhí bua gan choinne ag an bPáirtí Liobrálach in olltoghchán i mí Aibreáin; Mark Carney, eacnamaí mór le rá a bhfuiltear ag súil leis go seasfaidh sé an fód sa chogadh trádála leis an Trumpach ó dheas, a tháinig i gcomharbacht ar Justin Trudeau.
B’éigean toghchán a reáchtáil sa Vatacáin tar éis don Phápa Proinsias bás a fháil Luan Cásca agus é 88 bliain; bhí Proinsias, an chéad phápa ó Mheiriceá Theas, i gceannas ar an Eaglais Chaitliceach ar feadh 12 bliain. Leo XIV, a rugadh sna Stáit Aontaithe ach a chaith cuid mhór dá shaol i bPeiriú, a tháinig i gcomharbacht air.
Tharla drochfhalscaithe i ndeisceart California i mí Eanáir, agus san Eoraip le linn tonnta teasa i mí an Mheithimh agus i mí Iúil. De bharr théamh an domhain, d’éirigh seacláid agus caife an-daor i mbliana; tá sé ag éirí róthe do phónairí cócó in iarthar na hAfraice, agus sa Bhrasaíl, ina bhfástar an tríú cuid de na pónairí caife, mhill drochaimsir arbh é athrú na haeráide ba chúis léi cuid mhaith den fhómhar.
Mar sin féin toradh díomách go leor a bhí ar chomhdháil bhliantúil aeráide na Náisiún Aontaithe, an COP30, a eagraíodh in Belém na Brasaíle i mí na Samhna; níor aontaíodh tada faoi éirí as breoslaí iontaise ná faoi dheireadh iomlán a chur leis an dífhoraoisiú.
Fad is a bhí súile an domhain ar Belém bhí súile mhuintir na Brasaíle féin ar an ardchathair Brasília, mar ar chuir iar-uachtarán na tíre, Jair Bolsonaro, tús leis an téarma pionóis 27 mbliana agus 3 mhí a gearradh air i mí Mheán Fómhair as iarracht coup d’état a dhéanamh in Eanáir 2023.
In Hong Cong, i ndeireadh mhí na Samhna, maraíodh ar a laghad 159 nuair a chuaigh seacht gcinn de thúir árasán trí thine, an dóiteán is measa sa chathair sin le 63 bliana anuas. An tseachtain ina dhiaidh sin, thug údaráis na Síne rabhadh d’iriseoirí éagsúla ón gcoigríoch, ag cur ina leith go raibh eolas ‘míchruinn’ á scaipeadh acu faoin dóiteán.
Ag caint ar iriseoirí, de réir na heagraíochta Reporters sans frontières dúnmharaíodh 67 iriseoir le 12 mhí anuas, an líon is airde in aon bhliain amháin ó bhí 2018 ann. I nGaza a tharla nach mór leath de na cásanna sin (29) agus Palaistínigh ba ea mórchuid acu sin; bhí cúigear iriseoirí i measc an scór duine a fuair bás nuair a d’ionsaigh Iosrael Ospidéal Nasser i ndeireadh mhí Lúnasa. I Meicsiceo na mbuíonta drugaí, agus sna cogaí sa tSúdáin agus san Úcráin a tharla an chuid is mó de na cásanna eile.
Ar deireadh, liosta beag de dhaoine mór le rá a chuaigh ar shlí na fírinne in 2025. An Pápa Proinsias (88) gan dabht. An polaiteoir conspóideach ón bhFrainc, Jean-Marie Le Pen (96); an t-amhránaí ón mBreatain, Marianne Faithfull (78); an t-aisteoir ó Mheiriceá, Gene Hackman (95); an cumadóir ceoil ón Rúis, Sofia Gubaidulina (93); an dornálaí ó Mheiriceá, George Foreman (76); an t-údar ó Pheiriú, Mario Vargas Llosa (89); an t-údar ó Chéinia, Ngũgĩ wa Thiong’o (87), an ceoltóir ón mBreatain, Ozzy Osborne (76), an gníomhaí polaitiúil de chuid na heite fíordheise ó Mheiriceá, Charlie Kirk (31), a dúnmharaíodh i mí Mheán Fómhair, agus an zó-eolaí ón mBreatain, Jane Goodall (91).
Fág freagra ar 'An Trumpach sna ceannlínte chuile lá beo'