An treoir ‘fan sa mbaile’ caite i dtraipisí don ghartheagmhálaí a bhfuil an teanndáileog aige

Cinneadh ag cruinniú Rialtais inniu go ndéanfaí níos boige na rialacha a bhaineann le haonrú gartheagmhálaithe

An treoir ‘fan sa mbaile’ caite i dtraipisí don ghartheagmhálaí a bhfuil an teanndáileog aige

Ón Aoine bheag seo ní call do ghartheagmhálaithe a bhfuil an teanndáileog faighte acu fanacht sa mbaile.

Tá cúig lá aonraithe le déanamh ag a leithéid de dhuine faoin treoir atá i bhfeidhm faoi láthair.

Ó mheán oíche Déardaoin, ní bheidh ar an ngartheagmhálaí a bhfuil an teanndáileog faighte aige fanacht amach ó dhaoine eile ach beifear ag moladh dó masc ardchaighdeáin a chaitheamh agus tástáil antaigine a dhéanamh go rialta.

Dúirt an tAire Sláinte inniu go mbeadh na treoracha nua seo i bhfeidhm go dtí an 27 Feabhra mura dtagann aon athrú ar chúrsaí idir seo agus sin.

Táthar ag súil go laghdóidh an t-athrú seo an brú atá ar sheirbhísí riachtanacha agus ar an gcóras sláinte agus maidhm Omicron ag scaipeadh fud fad na tíre.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go bhféadfadh an cineál fíorthógálach sin den choróinvíreas a bheith tolgtha ag suas le 500,000 duine sa tír seo le seachtain.

Seacht lá féinaonraithe a bheidh le déanamh ag duine nach bhfuil an teanndáileog faighte aige agus a bhí i ngartheagmháil le duine a bhfuil an víreas tolgtha aige agus é sin deimhnithe le tástáil.

Aon duine ar dheimhnigh tástáil go raibh an víreas air, in áit 10 lá ag seachaint daoine, seacht lá a bheidh le déanamh aige feasta.

Moltar dóibh tástáil antaigine a dhéanamh sula rachaidh siad in áiteanna plódaithe nó i ngar do dhaoine lasmuigh den teaghlach arís.

Gartheagmhálaithe a raibh an Covid-19 orthu le trí mhí agus nach bhfuil an teanndáileog faighte acu, beidh an t-aonrú cúig lá a bhíodh ann go dtí seo maite dóibh freisin.

Daoine atá idir ceithre bliana agus 39 bliain, ní gá dóibh tástáil PCR a bheith acu mar déanfaidh tástáil antaigine an gnó.

Sa gcás go léiríonn an tástáil antaigine ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil an víreas orthu, iarrtar orthu an toradh a chlárú ar shuíomh an HSE agus sonraí a ngartheagmhálaithe a liostú.

Tá sé ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) go mbeadh an Covid-19 tolgtha ag leath de dhaonra uile na hEorpa faoi cheann sé nó ocht seachtaine.

 

Fág freagra ar 'An treoir ‘fan sa mbaile’ caite i dtraipisí don ghartheagmhálaí a bhfuil an teanndáileog aige'

  • Duine breoite

    Náireach, seafóideach agus marfach.

    Gheobhaidh tuilleadh daoine COVID agus bás, agus beidh na mílte daoine sa mbreis thíos le fad-ChOVID de dheasca an drochchinnte seo, cinneadh nach bhfuil bunús eolaíochta dá laghad leis, i ndáiríre, mar a léiríonn an t-alt seo a leannas: https://www.forbes.com/sites/victoriaforster/2022/01/10/peak-infectiousness-with-omicron-is-3-6-days-after-symptom-onset-says-new-study/?sh=3e17a13b1e32

    An t-airgead agus an geilleagar, ní hiad príomhchúraim rialtas na hÉireann, ach an t-aon chúram amháin atá acu ó thús na paindéime.

    Mo náire an rialtas, NPHET agus gach duine dá mball a bhí sásta tacú leis an gcinneadh náireach, seafóideach, marfach seo.