Agus tuairiscí ann go bhfuil Met Éireann ar tí foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’ a eisiúint maidir leis an bhfronta Artach ‘The Beast from the East’, tá muintir na hÉireann ag prapáil don drochaimsir atá geallta.
Ach cén Ghaeilge a thabharfá ar ‘The Beast from the East’? Mar is dual dóibh, tá neart tuairimí ag Gaeil Twitter.
Tá an cuntas Coiste Focal Nua chun tosaigh san obair chumadóireachta seo agus ‘An Torathar ón Oirthear’, nó ‘Torathar an Oirthir’, ar an leagan is coitianta atá á úsáid go dtí seo.
Tá neart moltaí eile ann chomh maith agus bheadh fuar ag aon duine a chromfadh ar ‘An Sioc ar Buile’ a shárú mar imeartas focal.
An Torathar ón Oirthear – The Beast from the East? Aon smaointe eile agaibh? pic.twitter.com/2LLniOFu0d
— Coiste Focal Nua (@coistenabhfocal) 26 Feabhra 2018
An Sioc ar Buile – the beast from the east. Aon tuairimí eile?
— Coiste Focal Nua (@coistenabhfocal) 26 Feabhra 2018
An Sioc Ar Buile. Iontach! ? Ailliliú, an sioc ar buile… is féidir liom an t-amhrán a cloisteáil anois! ?? https://t.co/9LP3ync7DR
— Mr. Russell’s Class (@MrRussellsClass) 26 Feabhra 2018
Cé acu is fearr libh? Gaeilge ar #BeastFromTheEast
— Bliain na Gaeilge (@gaeilge2018) 26 Feabhra 2018
Sin tús maith! … Leá na hoibre!
(Mo leithscéal!)
— Ailbhe Ó Monacháin (@AilbheOM) 27 Feabhra 2018
I measc na moltaí eile a bhí ag lucht Twitter, bhí ‘Feannadh anoir’, ‘Ollphéist an Oirthir’ agus ‘Bodach ón Oirthear’.
Feannadh anoir?
— Iarla Mac Aodha Bhuí (@Iarla_Mac_Aodha) 27 Feabhra 2018
An Ollphéist ón Oirthear!
— Mairéad Nic (@ismiseMairead) 26 Feabhra 2018
bodach an oirthir
— brídóg ni bhuachalla (@Bridogni) 26 Feabhra 2018
Chuaigh daoine eile ag tochailt sna seanfhocail ar thóir na hinspioráide.
Cúpla ceann ó sheanfhocail uladh #stoirm #storm pic.twitter.com/FB9d6zUuBg
— Áine Ní Bhreisleáin (@AineEibhlin) 26 Feabhra 2018
De réir na dtuairiscí is déanaí d’fhéadfadh titim sneachta 6cm a bheith ann as seo go ceann 24 uair a chloig agus deir Met Éireann go bhfuil seans ann go n-eiseofar foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’ don Déardaoin agus don Aoine. D’fhágfadh sin, agus teacht Stoirm Emma, go ndúnfaí scoileanna ar fud na tíre, a dúirt an tAire Tithíochta Eoghan Murphy.
Tá stádas flannbhuí aimsire i bhfeidhm cheana féin go dtí maidin amárach i mBaile Átha Cliath, i gCeatharlach, i gCill Dara, i Laois, i Lú agus i gCill Mhantáin, ach meastar gur in olcas a rachaidh an aimsir i dtreo dheireadh na seachtaine.
— Met Éireann (@MetEireann) 27 Feabhra 2018
Anna Heussaff
An ceann a rith liom féin ná ‘Arracht Sneachta an Oirthir’.. ach tá An Sioc ar Buile go maith, más mó ná siocadh a bheidh I ndán dúinn..
Simon Ó Faoláin
An Díbheargach Síbéarach
leitheoir
Cad d’imigh ar an bhfocal ‘anoir’? Seachas ‘ón Oirthear’ .i. ‘An T’RATHAR anoir’. Nó ‘cruafaidh agus siocfaidh sé anoir’? Nó ‘beidh dubh-oighear anoir ann’. Sea, beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhubhoighir!
leitirmor
Agus na meáin ag rith le brothall faoin gcéapar seo uileag! Muintir na hÉireann curtha soir acu!
leitheoir
Tá buaite glan ag ‘an díbheargach Síbéarach’ ! (agus ‘síob’ iontuigthe dar ndó’).
Sam
Armageddon? Tonn teasa thar a bhfacthas riamh san Artach ….abraimis an paidrìn páirteach.