An tobac is ansa leis na himreoirí is fearr – cogadh na stíleanna – sledging as Gaeilge – súil an tseabhaic ag Dara Ó Briain

Seo roinnt míreanna as Dialann Speisialta Tuairisc do Chluiche Ceannais na hÉireann 2025 idir Ciarraí agus Dún na nGall

An tobac is ansa leis na himreoirí is fearr – cogadh na stíleanna – sledging  as Gaeilge – súil an tseabhaic ag Dara Ó Briain

Cogadh na stíleanna

Tráth go bhfuil sé geall le bheith ina ré Mhír 31 ag bainisteoirí peile, ní foláir d’iriseoirí a bheith seiftiúil go maith chun teacht ar ábhar cainte. Dá bharr sin tá ualach agallamh á dhéanamh na laethanta seo le seana-imreoirí agus mórán anailíse á dhéanamh, mar shampla, ar chluiche ceannais na hÉireann 2014 idir an dá chontae céanna.

Cath idir dhá stíl pheile a bhí mar théama an bhliain sin agus is amhlaidh i mbliana. Ní féidir nuachtán a oscailt ná podchraoladh a chur sa tsiúl gan teacht ar dhuine éigin ag insint dúinn faoi chogadh na stíleanna – colún reatha na gConallach ag imeacht ar chosa anairde ar an bhfrithionsaí agus prionsaí na ríochta ag ciceáil na caide go ríoga gan aon bhraon allais leo.

Blúiríní ón gclár do chluiche ceannais 1955

Agus an chaint seo go léir ar siúl is tráthúil leis an cluiche ceannais 70 bliain ó shin i 1955. Maidir le cath stíleanna seans gurb  é an cluiche sin idir Ciarraí agus Áth Cliath an ceann is cáiliúla ar fad acu. Ar thaobh amháin bhí Dubanna Kevin Heffernan lena gcur chuige ‘eolaíoch’ nua-aimseartha agus ar an dtaobh eile bhí Ciarraí, cosantóirí an traidisiúin.

‘Up Kerry, up catch and kick!’ an gháir ghaisce a bhí ann nuair a thug foireann an Dr Éamonn O’Sullivan an lá leo.

70 bliain níos déanaí tá cogadh na stíleanna chugainn arís ach tá mórán eile athraithe ó shin. Ar chlár oifigiúil chluiche ceannais 1955 tá fógra leathanaigh i nGaeilge do thobac Afton. ‘I measc lucht spóirt, tá níos mó daoine ag caitheamh Afton ná mar a bhí riamh,’ a dúradh. Sa chlár chomh maith tá leagan foghraíochta d’Amhrán na bhFiann ‘given hereunder’ toisc ‘many patrons’ a bheith á lorg. Níl sé thar mholadh beirte.. (‘Shing-a Feeuna Fawil’ …’).

***

Pic: INPHO/Ryan Byrne

Súil an tSeabhaic

Bheadh jab ag Hawkeye an chonspóid a chothaigh sé ar na meáin shóisialta an tseachtain seo a shárú Dé Domhnaigh. An fear grinn Dara Ó Briain a thosaigh an raic nuair a dúirt go bhfaigheadh sé bás ar son ‘Sea’ agus ‘Ní hea’ a chur in áit ‘Tá’ agus ‘Níl’ ar an gcóras a insíonn dúinn an cúilín nó iarracht ar seachrán a bhíonn ann.

D’éirigh an-chuid daoine an-chantalach faoin gceist, níos mó ná mar a bheifeá ag súil leis, fiú ar X. Dúirt scata go mbraitheann sé ar an gceist atá á cur ar Hawkeye agus cé gur dócha go bhfuil an ceart acu bheimis ag taobhú leis an mBrianach. Pé scéal é, d’fhill sé ar an ábhar arís cúpla lá ina dhiaidh sin agus comhréiteach á mholadh aige.

“After a VERY passionate debate on this, I am now doubling  down and demanding it be ‘Cúilín’ or ‘Ar Fóraoil’, both of which terms I love and should be in common usage. I feel this is the compromise solution we can all get behind and that’s the end of the matter.”

Ba dheas an comhréiteach é ach an-seans nach rachadh trí congress go deo.

***

Seán Óg de Paor agus Aodhán Mac Gearailt of Kerry sa mbliain 2000. Pic: INPHO/Billy Stickland

Iubhaile na Gaeilge

Foireann Chiarraí ó 2000 foireann iubhaile na bliana seo agus beidh siad amuigh ar an bpáirc roimh an gcluiche ceannais. Ina measc beidh Dara Ó Cinnéide an pharóiste seo agus ní hé sin an t-aon fhear Gaeltachta a bhí ann ná baol air. Triúr eile ó Chumann Caide na Gaeltachta a bhí ar an bhfoireann leis, Darragh agus Tomás Ó Sé agus Aodhán Mac Gearailt. Páidí Ó Sé Ard an Bhóthair i gceannas orthu, trócaire air. Ar fhoireann na Gaillimhe an lá céanna bhí beirt ón gCeathrú Rua, Seán Óg de Paor agus Seán Ó Domhnaill. Tá Gaeilge chomh maith ag leithéidí Eamonn Fitzmaurice agus Killian Burns ó Chiarraí agus Ray Silke na Gaillimhe.

Dúirt Aodhán Mac Gearailt, atá ina roghnóir le foireann Chiarraí i mbliana, le Tuairisc cúpla bliain ó shin gur bhraith sé ‘an Ghaolainn agus an Ghaeltacht’ i gcluiche ceannais 2000.

Is cuimhin leis an nGearaltach chomh maith an bheirt i lár na páirce Darragh Ó Sé agus Seán Ó Domhnaill ag priocadh ar a chéile ina dteanga dhúchais.

“Ní raibh a fhios agam go dtí an lá san gurbh ann do sledging,” a dúirt Aodhán.

“Is cuimhin liom go rabhadar ag labhairt i nGaelainn lena chéile agus bhí cúpla focal crua acu lena chéile. An rud a thaitin liomsa, bhí roinnt gáire ann chomh maith. Fear seoigh é Seán ach déarfaidh sé amach go díreach leat é. Dúirt sé cúpla rud le Darragh nár thaitin leis ach a chuir ag gáire é.”

***

Fág freagra ar 'An tobac is ansa leis na himreoirí is fearr – cogadh na stíleanna – sledging as Gaeilge – súil an tseabhaic ag Dara Ó Briain'