Níl 2016 ach timpeall an chúinne uainn agus beidh cuid againn ag seasamh siar is ag smaoineamh os ard, seans:
‘Cad is brí le neamhspleáchas, le saoirse, le flaitheas, le ceannasacht?’
Agus má tá leabhar breá acadúil uait a chabhródh le do mhachnamh ar an ábhar sin, tá a leithéid de leabhar nuafhoilsithe ar fáil, saor in aisce agus é le léamh anseo, Critique of Sovereignty (Leabhar a hAon), le Marc Lombardo, Punctum Books, Brooklyn, na foilsitheoirí.
Meabhraítear dúinn go raibh an bás i ndán d’éinne sa Fhrainc a mhaslaigh an Rí – an masla ba lú agus bheadh do phort seinnte. Léigh Lombard é sin i Stair na Fraince (Histoire de France de chuid Gouy); de réir Bhunreacht Mheiriceá, áfach, tá na daoine i gceannas, an pobal. Bhuel, níl fhios agam faoi sin. An bhfuil vótóirí na tíre seo i gceannas? Tá a fhios ag an saol nach bhfuil.
An Teachta Dála ar thug tusa vóta dó, caithfidh sé nó sí géilleadh don Phríomh-Aoire, ní duitse. Is cuma leis fútsa. Tá sé istigh anois. Is leis an bPríomh-Aoire a éistfidh sé; ní gá dó éisteacht leatsa a thuilleadh. Tá tuairim agam nach bhfuil a fhios ag a leath againn cé hé an Príomh-Aoire céanna, bail ó Dhia air.
Mairimid i ré an ríomhphoist. Mheasas go rabhas i gceannas ar mo chuid teachtaireachtaí féin ach bhí breall orm. Roinnt teachtaireachtaí a sheolas amach i mbliana chuig 100 éigin duine, phreabadar go léir ar ais chugam mar nár thaitin an teachtaireacht sin le cinsire dofheicthe éigin. Más fíor a bhfuil léite agam, bhí cinsireacht dhian ar siúl ag Yahoo le linn Occupy Wall Street.
Jacques Maritain, fealsamh Caitliceach, mhaígh seisean nach raibh flaitheas ar bith ann – ach sna flaithis. Anois duit! Is léir an bhaint atá ag ‘sovereign’ le ‘sovereignty’, ‘flaith’ le ‘flaitheas’. I bhfocail eile, tá ‘flaitheas’ fite fuaite leis an stair, ar nós gach aon rud eile; téann sé siar go dtí ceart diaga ríthe – agus níos faide siar i gcás na hÉireann.
Smaointeoir eile a luaitear sa leabhar seo is ea Carl Schmitt, a dúirt:
‘From a practical or theoretical perspective, it really does not matter whether an abstract scheme advanced to define sovereignty (namely, that sovereignty is the highest power, not a derived power) is acceptable. About an abstract concept there will be no argument … . What is argued about is the concrete application, and that means who decides in a situation of conflict what constitutes the public interest or interest of the state, public safety and order, le salut public, and so on. The exception, which is not codified in the existing legal order, can at best be characterized as a case of extreme peril, a danger to the existence of the state, or the like, but it cannot be circumscribed factually and made to conform to a preformed law . . .’
D’fhoghlaimíomar go léir faoi cheart diaga ríthe ar scoil – níl agam ach breac-chuimhne ar an rud ar fad; bhíos ag féachaint amach an fhuinneog ag an am, ag smaoineamh ar bhanphrionsaí, seans, seachas ar ríthe. An é is brí le daonlathas, gurb é an duine, mise is tusa, an prionsa, an fhlaith? Ná codail ar an gcluas sin!
Ar aon nós, tá céim síos tugtha don stair mar ábhar scoile ó shin. Cén fáth sin? Cleas ag na húdaráis chun nach mbeadh an trealamh intinne ná an t-eolas againn chun a n-údarás a cheistiú, nó údarás an Troika nó na mbanc, nó na gcorparáidí ilnáisiúnta, nó pé dream a dtugaimid ár bhflaitheas ar iasacht dóibh ó am go ham?
Idir an dá linn, an bhfuil ár dTeachtaí Dála, ár gComhairleoirí Contae agus Cathrach agus ár gcuid Seanadóirí ag obair ar son an phobail, ar mo shonsa agus do shonsa, nó an ag obair dóibh féin atá siad, ag tarraingt uisce ar a muileann féin?
Ag obair duitse agus domsa atá siad, gan amhras. Gan staonadh, ó mhaidin go hoíche. Tá siad ar an bhfón anois. Heileo?
Fág freagra ar 'An Teachta Dála ar thug tusa vóta dó, géilleann don Phríomh-Aoire, ní duitse…'