An teach tábhairne, an teach lóistín agus an fheirm bheag – Triúr Beannaithe nach féidir fáil réidh leo

Cuireann doirse druidte na dtithe tábhairne, na lóistíní agus na bhfeirmeacha uaigneas agus doilíos croí ar ár gcolúnaí

An teach tábhairne, an teach lóistín agus an fheirm bheag – Triúr Beannaithe nach féidir fáil réidh leo

Dá mbeifeá i lár an aonaigh sa lá atá inniu le do phocán gabhair, ní bheadh do chroí i do bhéal agat. Bheadh seans maith ann go dtiocfadh ceannaitheoir éigin i do threo a cheannódh é mar pheata dá mhac nó dá iníon óg nó go mbuailfeadh feirmeoir chugat á lorg chun na sceacha lasmuigh dá thigh cónaithe a bhearradh dó! Gan trácht ar scabhta ó Aonach an Phoic i gCill Orglan!

Ach dá mbeifeá ann le tigh tábhairne, le tigh lóistín leaba agus bricfeasta agus le feirm bheag, bheifeá ann go lá Philib a’ Chleite agus fós ní thiocfadh éinne chugat chun iad a bhaint díot. Fiú dá mbronnfá ceann acu saor in aisce air/uirthi, bheadh drogall air/uirthi é a ghlacadh uait!

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ré an triúir bheannaithe seo ag druidim chun deiridh go sciobtha. Tráth dá raibh bhíodar i gcónaí ‘i lár an aonaigh’ mar a déarfá. Ach chuir paindéim Covid-19 agus cúinsí eile an chaidhp bháis orthu ar fad. Na húinéirí a bhí imithe anonn go maith sna blianta, níor bhac siad filleadh orthu nuair a tháinig deireadh leis an víreas, má tháinig. Iad siúd a tháinig slán ón víreas, b’eispéireas é a d’athraigh a ndearcadh ar an saol ar fad. Chuadar i dtaithí ar an tsaoirse a bronnadh orthu agus thaitin sí leo.

Cad atá i bpáirt ag an triúr beannaithe seo lena chéile? Níl mórán chun an fhírinne a insint ach tá rud mór amháin atá comónta: éinne atá ina mbun, bíonn sé nó sí gafa leo seacht lá na seachtaine agus 365 lá den mbliain ó mhaidin go huair mharbh na hoíche.

Sin an fáth nach bhfuil mic, iníonacha nó gaolta na n-úinéirí sásta iad a fháil le hoidhreacht óna dtuistí nó óna ndaoine muinteartha agus iad a reáchtáil mar ghnólachtaí inmharthana. Dealraíonn sé go dteastaíonn saol níos fearr ó ghlúin óg an lae inniu agus ní thógfainn orthu é. Níl insint scéil ar na huaireanta fada oibre a chuireadh tábhairneoirí, mná/fir lóistín agus feirmeoirí isteach sna blianta atá imithe tharainn.

Ba mhinic a bhíos féin, nuair a bhíos níos óige, ag taoscadh na gcárt go dtí a dó a chlog ar maidin nó tráthnóna Aoine an Chéasta nó maidin Lae Nollag fiú agus bhíos beag beann, is oth liom a rá, go raibh an fear nó an bhean a bhí taobh thiar den chuntar ag obair go dian agus gan aon sos faighte aige/aici.

Mar an gcéanna leis na lóistíní. D’fhanadar oscailte ó cheann ceann na bliana agus bricfeastaí á n-ullmhú agus á gcur ar an mbord ag bean a’ tí  agus na gréithe á ní aici ansin. Maidir leis na feirmeoirí, bhí uaireanta fada míthráthúla á gcur isteach acu maidir le ba ag breith lao, caoirigh ag breith uan, cur agus baint na mbarr agus mar sin de.

Ar an ábhar sin agus ábhair eile nárbh iad, tá an triúr beannaithe seo ar a gcosa deiridh. Ach ní hamháin faoin tuath, tá sé ag tarlúint do bheirt den triúr sna bailte beaga agus sna cathracha chomh maith. Ach is dóigh liom nach dtugtar faoi deara chomh mór sin é sna ceantair uirbeacha. Tá daoine óga ag tréigint na gceantar tuaithe le fada an lá agus is fada meath na tuaithe faoi lánseol.

I mBréanainn, mo shráidbhaile dúchais féin, tá doirse dhá thigh tábhairne druidte le dhá bhliain anuas, rud a fhágann nach bhfuil ach ceann amháin fágtha anois. Bhíodh ceithre cinn ann suas go dtí dhá scór ó shin. I sráidbhaile an Chlocháin níl ach ceann amháin fágtha, áit a mbíodh cúig cinn tráth. I gCaisleán Ghriaire níl ach dhá cheann fágtha, áit a mbíodh seacht nó ocht gcinn tráth. Agus mar sin de ar fud na hÉireann, measaim.

Maidir leis na lóistíní a chuireann leaba agus bricfeasta ar fáil, táid ag éirí fíorghann ar an dóigh chéanna sa mhéid is nach bhfuilid ag cur an bhricfeasta ar fáil. Is ionann bricfeasta a chur ar fáil agus am an eadra nó am chrúite na mbó a leanann óna 8 – 11 seacht lá na seachtaine. Ar ndóigh, bheadh ar bhean a’ tí a bheith ina suí óna seacht chun é a ullmhú agus gafa go meán lae ag iarraidh na gréithe a ní. Arís, ní bheadh an ghlúin óg sásta glacadh leis an ualach trom seo a thuilleadh. Teastaíonn a gcuid saorama agus a gcuid sosanna uathu agus ní fhéadfaí iad a lochtú ná a cháineadh dá bharr sin.

Ó mo thaobhsa féin de, cuireann doirse druidte na dtithe tábhairne, na lóistíní agus na bhfeirmeacha uaigneas agus doilíos croí orm. Braithim uaim go mór an triúr beannaithe seo, go háirithe na tithe tábhairne agus an chuileachta, an ceol agus an cultúr a bhain leo. Braithim uaim an comhluadar, an ghaois (agus fiú an bhaois!), an ragairne agus an roithleoró a ghabh leo. An t-ádh dearg orm gur thaithigh mé an méid sin díobh ar feadh breis agus leathchéad bliain.

Caithfimid cultúr an tsiopa chaife agus gach a ghabhann leis a ghlacadh chugainn anois. Athrú saoil. Dul chun cinn. Glacaim leis. Mar sin féin, aon uair a ghabhaim thar dhoras druidte d’aon cheann den triúr beannaithe seo sa Leitriúch, i dTrá Lí, i gcathair Chorcaí agus i mBleá Cliath, faigheann rud éigin bás istigh ionam.

Fág freagra ar 'An teach tábhairne, an teach lóistín agus an fheirm bheag – Triúr Beannaithe nach féidir fáil réidh leo'