An té a bhíonn thíos buailtear cos air – cás na bPalaistíneach

Tá i bhfad níos mó ná an aicíd ag cur isteach ar an bpobal Palaistíneach, ach léiriú eile é scéal na paindéime ar an gcos ar bolg

An té a bhíonn thíos buailtear cos air – cás na bPalaistíneach

Tá cloiste againn le roinnt laethanta anuas faoin díshealbhú atá i gceist in Oirthear Iarúsailéim. Tá Palaistínigh a bhí ina gcónaí san áit le fada an lá le bheith caite amach ar an mbóthar mar bíodh is nach bhfuil aon cheart dlisteanach ag na Síónaigh ar an talamh seo creideann siad gur leo é agus tá arm Iosrael ag tacú leo.

Tá an teannas ag méadú anois mar gheall ar an tseilbh iomlán atá glactha go mídhleathach ar thailte na Palaistíne. Cuid den chúis go bhfuil an teannas sin ag dul in olcas ná nach raibh an pobal idirnáisiúnta sásta gníomhú thar na blianta. Agus le drochscéal a dhéanamh níos measa rinne fórsaí Iosrael ionsaí ar Mhosc Al Aqsa in Iarúsailéim, ionsaí inar gortaíodh go leor daoine. Ionad adhartha – ní féidir leo fiú paidir chiúin a rá. Tá go leor maraithe in Gaza, gasúir ina measc, agus an chuma air nach bhfuil deireadh leis fós. Fós leanann na Síónaigh leis an imeaglú agus leis an sléacht, ag déanamh leatrom iomlán ar na Palaistínigh agus déanann siad é gan aon bhaol pionóis mar is léir go bhfuil a gcúl tugtha leo ag tíortha idirnáisiúnta.

Is léir mar sin go bhfuil i bhfad níos mó ná an aicíd ag cur isteach ar an bpobal Palaistíneach ach léiriú eile é scéal na paindéime ar an gcos ar bolg.

Faoin am seo tá tíortha an iarthair – an tírín s’againn féin ina measc – ag iarraidh oscailt suas agus teacht amach as an tromluí seo. Feidhmiú scafánta na gclár vacsaíne a cheadaíonn dúinn é sin a dhéanamh.

Tá tuairiscí go leor ann faoi Iosrael a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le dáileadh na vacsaíne ar mhaithe leis na gnáthshaoránaigh. Ach is é fírinne an scéil nach mbeidh aon vacsaín curtha ar fáil acu do thart ar 3.5 milliún daoine ar an mBruach Thiar agus i nGaza gur Palaistínigh iad. Tá an galar Covid-19 ag cur isteach ar na daoine seo ar an gcaoi chéanna le chuile dhuine eile. Tagann siad, le fírinne, faoi cheannas rialtais Iosrael ar bhonn laethúil. Tá dualgas ar Iosrael faoin Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta aire a thabhairt do shláinte phoiblí na ndaoine a thagann faoina smacht.  Clúdaíonn na dualgais sin galair thógálacha a shrianadh ar mhaithe leis an bpobal Palaistíneach freisin, tá stádas speisialta acu faoi Choinbhinsiún na Ginéive. De réir an Dlí Idirnáisiúnta is cumhacht forghabhála é Iosrael agus tá oibleagáid air na cearta daonna céanna a thabhairt do na Palaistínigh sna Críocha Gafa agus atá ag na hIosraelaigh féin.  Úsáideann Iosrael an leithscéal go dtagann na Palaistínigh faoi Chomhaontú Osló 1993 ach ar ndóigh faoin gComhaontú sin bhí stát neamhspleách geallta do na Palaistínigh taobh istigh de chúig bliana agus níor tharla sin riamh. Mar sin caithfidh na Palaistínigh leanúint orthu ag fulaingt leis an bpaindéim is measa le cuimhne na ndaoine agus ag fanacht ar chúnamh idirnáisiúnta faoi COVAX, fad atá na hIosraelaigh ag maíomh faoin ngaisce vacsaínithe atá déanta acu.

Ar ndóigh níl tada nua anseo don domhan idirnáisiúnta. Déantar leithcheal ar bhonn cine ar na Palaistínigh gach lá. Is sampla maith iad na lonnaíochtaí

mídhleathacha ar an mBruach Thiar agus in Oirthear Iarúsailéim. Tá 700,000 lonnaitheoir i 250 lonnaíocht ar fad. Tá na lonnaíochtaí seo tógtha ar thalamh na bPalaistíneach. Tá siad mídhleathach mar i gcogadh a tógadh iad agus tá siad coinnithe le os cionn 50 bliain ag na hIosraelaigh. Tá srianta millteanacha ar na Palaistínigh. Tá ballaí, bacainní, sconsaí agus seicphointí tógtha agus idirdhealú déanta i gcúrsaí pleanála, seirbhíse, forbairt eacnamaíochta agus póilíneachta. Tá bonneagar speisialta curtha ar fáil do na lonnaitheoirí le go mbeidh siad i dteagmháil le hIosrael – nach bhfuil ar fáil do bhunáite na bPalaistíneach. Tá an Bruach Thiar faoi dhlí míleata, tá na hIosraelaigh ag glacadh seilbh ar an talamh go laethúil, tá an chosmhuintir faoi ionsaí seasta ag na lonnaitheoirí agus iad ag iarraidh slí mhaireachtála bunúsach a bhaint amach. Agus Covid-19 anuas sa mullach air sin uile.

Tá an chuma air go bhfuil meon an phobail idirnáisiúnta ag athrú beagán ach níl cur chuige na rialtas ag teacht leis an athrú sin fós.  Tá B’Tselem, ceann de na heagraíochtaí is mó cáil ó thaobh cearta daonna in Iosrael, tar éis a rá i dtuairisc nua go bhfuil cinedheighilt ar siúl ansin. Tá eagraíocht mhór idirnáisiúnta eile Human Rights Watch tar éis teacht ar an gconclúid chéanna agus focail amhail ’ansmacht córasach’, ‘cinedheighilt institiúideach’, ‘gníomhaíochtaí cruálacha’ agus ‘sárú cearta daonna bunúsacha’ á n-úsáid acu le cur síos a dhéanamh ar iompar Iosrael.

Tá údar an ailt seo ina bhall de Chomhghuaillíocht Phalaistíne na hÉireann (SADAKA)

Fág freagra ar 'An té a bhíonn thíos buailtear cos air – cás na bPalaistíneach'

  • An Teanga Bheo

    Sin Fírinne ach is searbh an scéal é go minic

  • S. Mac Muirí

    Is í an chinedheighilt sheicteach an chinedheighilt is measa. Mheas Mandela go raibh an córas seicteachais a oibríonn in aghaidh na bPalaistíneach ní ba mheasa ná cinedheighilt an chiníochais a oibrítí i gcoinne na ndaoine gorma agus mhuintir na hInde san Afraic Theas. A éiliocht ar an bPalaistín le glúin anuas go háirid mar a bhfuil na daoine curtha i ngéibheann Bantústanach i nGása, ar an mBruach Thiar 7 san iliomad ‘campaí’ ní ba lú ná iad. Samhlaigh na milliúin Éireannach teannta isteach ar mullach a chéile i gco. Lú.
    Is náire shaolta é ó lord balfour anuas go dtí inniu féin.

  • Pat Butler

    Mo ghreidhin thú, a Bheirtí.
    Dírím sibh uilig ar mo chlársa, leis an tréan fhear Con Bushe, ‘The Palestinians – One People Too Many?’ le ‘Today Tonight’ ón gcéad Intefada i 1988 ar cheart dó bheith ar an idirlín, agus scaoil uait na deora má tá deora ionat.
    Trí bliana is tríocha ina dhiaidh sin, níl faic foghlamtha ag Iosrael, ag Stáit Aontaithe Mheirceá, ná, le bheith macánta, ag Pailistínigh a chuirfeadh an t-uafás seo chun suain.

  • Gearóidn Mhic Dhiarmada

    Tá léiriú an-mhaith san alt sin a Bhertie. Is úfásach ar fad an chaoi a bhfuil an domhain ag tabhairt droim láimhe do na Pailistínigh . Tuigeann an domhain an cás go maith, ach feileann sé do na náisiuin bheith umhal do Iosrael mar gheall ar gnéithe eacnamaíochta agus an trádáil….agus ar ndóigh tá Meiriceá i gcónaí ag faire ar an Iaráin agus ag ligint d’Iosrael a rogha rud a dhéanamh dá bharr. Beidh mé ag cuardadh an chláir sin a mhol Pat Butler.
    Tá fíor-dhroch-chaoi ar na Pailistínigh bochta…ní fios conas mar a mhaireann siad ar chor ar bith…leatrom á imirt orthu lá i ndiaidh lae, easpa sláinteachais, easpa uisce, easpa gach ceart daonna…tá sé do-chreidthe. ….”má tá deora ionat” adeir Pat Butler….sea, tá .