An t-ochtú plean teanga faofa agus €150,000 ceadaithe do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta go raibh plean Chiarraí Thiar ceadaithe aige agus Ionad nua foghlama á oscailt aréir aige i nDún Chíomháin i mBaile an Fheirtéaraigh

An t-ochtú plean teanga faofa agus €150,000 ceadaithe do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Tá an t-ochtú plean teanga faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus €150,000 thar thréimhse bliana á chur ar fáil do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne chun tús a chur le feidhmiú phlean Chiarraí Theas.

Tá €790,000 ceadaithe cheana do na seacht bplean eile a bhfuil glactha leo go dtí seo – Múscraí, Cois Fharraige, Na Déise, Cloich Chionnaola, Ciarraí Theas, Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh agus Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an lúir.

Tá glactha anois ag na coistí pleanála teanga sna ceantair sin ar fad leis an maoiniú a cuireadh ar fáil dóibh.

Ceithre cinn eile de phleananna teanga atá curtha faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta ag Údarás na Gaeltachta le faomhadh, ina measc plean na Ceathrún Rua agus plean Mhaigh Eo Thuaidh.

Tá lucht Roinn na Gaeltachta ag súil go mbeidh seacht bplean eile faofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh na bliana.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Thréaslaigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh a gcuid oibre le  Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus dúirt sé go gceadódh an maoiniú breise dóibh “aghaidh a thabhairt láithreach ar raon rudaí breise a dhéanamh go háitiúil chun cuidiú tuilleadh le staid na Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa cheantar”.

D’fhógair an tAire Stáit go raibh plean Chiarraí Thiar ceadaithe agus é ag oscailt Ionad nua foghlama i nDún Chíomháin i mBaile an Fheirtéaraigh tráthnóna inné.

Coláiste na hOllscoile Corcaigh a d’fhorbair an t-ionad foghlama I nDún Chíomháin, ar cuid den ollscoil é, agus fuair siad tacaíocht don togra Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Fág freagra ar 'An t-ochtú plean teanga faofa agus €150,000 ceadaithe do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne'

  • Colm O Cathasaigh

    Maith sibh. Coimead ar an eolas me le bhur dtoil.

    Le dea mhein,
    Colm