An t-aighneas idir Rialtais na hÉireann agus na Breataine faoin bprótacal ag dul in olcas

Deir an Tánaiste Leo Varadkar nár léirigh Rialtas na Breataine ‘mórán measa’ ar mhuintir na Breataine lena bplean reachtaíocht a thabhairt isteach a chuirfeadh gnéithe den phrótacal ar ceal

An t-aighneas idir Rialtais na hÉireann agus na Breataine faoin bprótacal ag dul in olcas

Tá ag géarú ar an aighneas idir rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann faoin bprótacal iar-Bhreatimeachta.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar inniu nár léirigh Rialtas na Breataine “mórán measa” ar mhuintir na Breataine lena bplean reachtaíocht a thabhairt isteach a chuirfeadh gnéithe den phrótacal ar ceal.

Dúirt Varadkar go raibh 59 den 90 teachta a toghadh chun Tionól Stormont i gcoinne chealú an phrótacail. Dúirt sé gur vótáil muintir na Breataine ar son an mhargaidh Bhreatimeachta i dtoghchán.

“Níl mórán measa á léiriú sa chur chuige seo ar mhuintir na Breataine ach an oiread mar vótáil siad ar son seo i dtoghchán.

“Caithfidh go dtuigeann siad na himpleachtaí don Aontas. Má leanann siad orthu ag iarraidh rudaí a bhrú ar Thuaisceart Éireann nach bhfuil ag teastáil ó Thuaisceart Éireann, brúfaidh siad i dtreo an náisiúnachais agus in aghaidh an Aontais. Agus chuirfeadh sé mearbhall ar dhuine.”

Tagann ráiteas an Tánaiste sna sála ar an gcáineadh a rinne an Taoiseach Micheál Martin ar Rialtas na Breataine inné.

Chuir Martin i leith Boris Johnson, Príomh-Aire na Breataine, go raibh comhaontuithe á gcaitheamh i dtraipisí aige go haontaobhach ar mhaithe lena mhianta polaitiúla féin.

Dúradh inné go mbainfeadh an tAontas Eorpach feidhm as “gach beart atá ar a gcumas” sa gcás go dtéann Rialtas na Breataine ar aghaidh lena phlean fáil réidh le codanna de phrótacal Thuaisceart Éireann.

Dúirt Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a bhfuil cúram idirbheartaíochta an Bhreatimeachta air, gurb é mian an Aontais Eorpaigh gur trí idirbheartaíocht agus comhaontú a thiocfaí ar shocrú maidir leis an bprótacal.

Dheimhnigh Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Liz Truss inné go bhfuil rún aici reachtaíocht a thabhairt isteach “sna seachtainí beaga seo” d’fhonn athruithe a dhéanamh ar an bPrótacal.

I ráiteas a rinne sí i dTeach na dTeachtaí, dúirt sí go dtabharfaí an bille isteach fad a bheadh tuilleadh cainteanna ar siúl leis an Aontas Eorpach.

Mhaígh Truss go raibh sé “riachtanach gníomhú” de bharr “cúrsaí a bheith chomh tromchúiseach agus dáiríre i dTuaisceart Éireann”.

Dúirt sí nár theastaigh ón rialtas an prótacal a chaitheamh i dtraipisí.

Dúirt sí leis na teachtaí go gcuirfeadh an Bille deis ar fáil na bearta riachtanacha a réiteach ionas go bhféadfaí “an t-ualach ar an trádáil siar is aniar a laghdú agus a chinntiú go mbeadh teacht ag pobal Thuaisceart Éireann ar na buntáistí céanna atá ag pobal na Breataine.”

“Cinnteoidh an Bille nua, tríd an gcainéal glas, go bhfaighfear réidh le maorlathas nach gá i gcás earraí a bheidh á n-aistriú agus ag fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe,” a dúirt Truss.

“Aithníonn sé seo stádas Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe, ina críocha custam agus cosnaíonn sé margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe.

“Ag an am céanna, cinntíonn sé go gcuirfear na seiceálacha agus na rialacháin ar fad faoi dhlí an AE ar earraí atá ag dul chuig an Aontas Eorpach.”

D’fhéadfadh an tAontas Eorpach bearta trádála, ar a n-áirítear taraifí agus bearta eile, a chur i bhfeidhm a chuirfeadh an margadh saorthrádála iarBhreatimeachta ar fionraí.

Luaigh Maroš Šefčovič trí údar imní a bhí ag an Aontas Eorpach faoin reachtaíocht a bhí á pleanáil ag Rialtas na Breataine.

An chéad fhadhb, dúirt sé gurb é an prótacal an réiteach a aontaíodh idir an tAE agus an Ríocht Aontaithe le déileáil leis na dúshláin a chruthaigh an Breatimeacht d’oileán na hÉireann agus “chun na sochair a tháinig as próiseas na síochána, agus a saothraíodh go géar, a chosaint”.

An dara fadhb, comhaontú idirnáisiúnta is ea an prótacal a shínigh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

“Ní féidir glacadh le gníomh aontaobhach nach mbeadh ag cloí le conradh idirnáisiúnta,” a dúirt sé.

Agus an tríú fadhb, dúirt Šefčovič gurb iad an conradh aistarraingthe, agus an prótacal atá mar chuid de, an bhonnchloch riachtanach atá leis an gcomhaontú trádála agus comhoibrithe iarBhreatimeachta.

Sa mbille nua seo molfar dhá lána éagsúla, “glas” agus “dearg”, d’earraí a bheadh á seoladh idir an Bhreatain agus Tuaisceart Éireann agus ní bheadh aon seiceálacha de chuid an Aontais Eorpaigh le déanamh ar earraí nach bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe.

Dúirt an Príomh-Aire Boris Johnson go raibh sé i gceist ag an Ríocht Aontaithe fáil réidh le “bacanna trádála a bhí sách mion”.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, gur údar mór aiféala dó “gníomh aontaobhach” rialtas na Breataine maidir le conradh idirnáisiúnta a bhfuil ceangal dlí leis.

Dúirt sé “go raibh dochar á dhéanamh don iontaoibh agus gurb amhlaidh a bheadh sé níos deacra réitigh a aimsiú ar an imní dháiríre atá ar phobal Thuaisceart Éireann faoin tslí a bhfuil an prótacal á chur i bhfeidhm.”

Fág freagra ar 'An t-aighneas idir Rialtais na hÉireann agus na Breataine faoin bprótacal ag dul in olcas'