‘An Sorcas Salach’ ar na himeachtaí ag féile nua a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge i gcathair na Gaillimhe

Reáchtálfar an fhéile ‘Tonnta’ idir 1-4 Feabhra agus seisiúin cheoil, imeachtaí ealaíne, ócáidí do pháistí, cainteanna agus neart eile ar siúl ar fud na cathrach idir seo agus an Domhnach

‘An Sorcas Salach’ ar na himeachtaí ag féile nua a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge i gcathair na Gaillimhe

Tá ‘Trad Rave’ agus ‘The Dirty Circus’ ar chuid de na himeachtaí a bheidh ar siúl i gcathair na Gaillimhe as seo go ceann cúpla lá mar chuid d’fhéile nua a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar stádas dátheangach na cathrach.

Reáchtálfar an fhéile Tonnta idir 1-4 Feabhra agus beidh seisiúin cheoil, imeachtaí ealaíne, ócáidí do pháistí, cainteanna agus neart eile ar siúl ar fud na cathrach idir seo agus an Domhnach.

An eagraíocht Gaillimh le Gaeilge atá ag eagrú na féile le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Fáilte Ireland.

Beidh na himeachtaí dírithe ar chainteoirí Gaeilge agus orthusan ar spéis leo an teanga a athnuachan agus beidh cuid mhaith de na ceardlanna agus na himeachtaí dátheangach dá bharr.

Cuirfear tús leis na himeachtaí inniu agus eagrán speisialta den phodchraoladh aitheanta Beo ar Éigean á thaifeadadh sa Taibhdhearc idir 1-3in tráthnóna.

Agus an fhéile á seoladh Lá Fhéile Bríde, tá an ceiliúradh ar mhná ar cheann de phríomhthéamaí na féile i mbliana. Beidh taispeántas grinn ag Mnásome Geeze sa Róisín Dubh agus Seisiún Ceoil na mBan i dteach tábhairne an Crane ar chuid de na himeachtaí.

Tá turais bhia agus uisce beatha á reáchtáil ag Galway Food Tours le linn an deireadh seachtaine, chomh maith le scata imeachtaí do theaghlaigh. Beidh Céilí Mór ar siúl Dé Sathairn, an 3 Feabhra, ar an bhFaiche Mhór idir 2-5in ina measc.

Beidh leagan speisialta dátheangach den seó buirlisce agus cabaret aitheanta, The Dirty Circus, ar siúl oíche Dé Domhnaigh sa Taibhdhearc do dhaoine fásta. Beidh An Club Féile á reáchtáil sa Taibhdhearc ón 10in ó Aoine go Satharn chomh maith.

Is féidir tuilleadh eolais faoi na himeachtaí a fháil agus ticéid a chur in áirithe ar tonnta.eu.

Fág freagra ar '‘An Sorcas Salach’ ar na himeachtaí ag féile nua a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge i gcathair na Gaillimhe'