An Seomra Teaghlaigh faoi lán seoil ag an Oireachtas

Beidh neart imeachtaí ar siúl do theaghlaigh óga ag Oireachtas na Samhna i mbliana

Citywest

Tá Corn Thuismitheoirí na Gaeltachta le bronnadh den chéad uair i mbliana ar bhuaiteoir an chomórtais amhránaíoctha ar an sean-nós faoi 9 mbliana d’aois. Beidh an comórtas, ar comórtas nua ag an Oireachtas é, ar siúl ag 9.30 maidin Dé hAoine in Óstán an Citywest.

Beidh 26 ball óg a bhaineann le Tuismitheoirí na Gaeltachta, an t-eagras a thacaíonn le teaghlaigh Ghaeilge sa Ghaeltacht, ag glacadh páirte i gcomórtais an Oireachtais i mbliana.

Chaith na gasúir ceithre seachtaine ag cleachtadh faoi stiúir Chaitríona Ní Chonaola, Chaitlín Ní Chualáin, Mháirín Mhic Lochlainn agus Mháire Ní Chualáin.

Beidh imeachtaí á n-eagrú ag an eagras i rith an deiridh seachtaine freisin, ina measc ‘Tae Beag’, ‘Seisiún na nÓg’ agus ‘Club na Féile na nÓg’.

Cóisir bréagfheistis, dioscó Gaelach agus greimín le n-ithe a bheidh i gceist leis An Tae Beag, a bheidh ar siúl ag a sé a chlog anocht i Seomraí Kingswood (An Seomra Teaghlaigh).

Seisiún ceoil agus amhránaíochta don aos óg i gcomhar leis an nGaelacadamh atá i Seisiún na nÓg, a bheidh ar siúl an oíche ina dhiaidh sin sna seomraí céanna.

Tá neart imeachtaí eile á n-eagrú ag an Oireachtas féin sa ‘Seomra Teaghlaigh’ freisin. Osclaíodh an Seomra go hoifigiúil ar maidin le Giggles an Fear Grinn. 

Beidh ceadlanna drumadóireachta, scéalaíochta, amhránaíochta agus damhsa ar siúl ann, chomh maith le seónna puipéad agus taispeántais scannán.

Tá an t-eolas uilig faoi imeachtaí an tSeomra Teaghlaigh ar fáil ar leathanach 4 de chlár an Oireachtais.

Fág freagra ar 'An Seomra Teaghlaigh faoi lán seoil ag an Oireachtas'