An samhradh 25% níos tirime ná an meán ar chósta thiar Chonamara

Bhí an méid báistí a thit i gCeann Mása anuraidh níos ísle ná an lear báistí a chaith sé ag stáisiún aimsire Bhaile Átha an Rí in oirthear na Gaillimhe

An samhradh 25% níos tirime ná an meán ar chósta thiar Chonamara

Ní saol é ach aimsir i gConamara. Ar ndóigh, bhíodh na samhraí i bhfad níos fearr san aimsir a caitheadh siar le cósta an Atlantaigh! Bhí, má bhí.

Fuireach orainn go fóilleach.

Bhí chuile shamhradh le blianta beaga anuas idir 20% agus 25% níos tirime ná an meán ar chósta thiar Chonamara. Ní call dúinn a bheith ag brath ar an gcuimhne; tá na figiúirí oifigiúla ar fáil ó Met Éireann. An bhliain seo atá díreach gaibhte thart, bhí an lear báistí a thit ag stáisiún aimsire Cheann Mása ar imeall thiar Chonamara ionann agus 20% níos lú arís ná an meán bliantúil. 1085 milliméadar báistí a chaith sé i gCeann Mása, atá suite díreach ar imeall an Atlantaigh i gCarna agus farraige mhór an Atlantaigh ag síneadh go híochtar na spéire siar uaidh. 1,340 milliméadar atá tugtha síos mar mheánfhigiúr bliantúil ag Met Éireann ag an láthair sceirdiúil seo.

Is fiú go mór sa gcás seo súil a chaitheamh ar an ‘meán bliantúil’ báistí. Tá an meán i dtéarmaí meitéareolaíochta bunaithe ar thréimhse 30 bliain. Is í tuairim na saineolaithe aimsire go bhfuil an tréimhse sin sách fada le teacht ar fhigiúr cruinn. Tá na meánfhigiúirí atá ann faoi láthair bunaithe ar an tréimhse blianta 1980-2010. Dá réir sin, ba deich mbliana ó shin, in 2010, a leagadh síos na meánfhigiúirí aimsire atá i bhfeidhm anois.

Dá réir sin, tá an t-athrú sin ar chósta thiar na Gaillimhe thar a bheith suntasach. Go deimhin, bhí an méid báistí a thit i gCeann Mása anuraidh níos ísle ná an lear báistí a chaith sé ag stáisiún aimsire Bhaile Átha an Rí in oirthear na Gaillimhe. Is iad Ceann Mása agus Baile Átha an Rí an dá stáisiún oifigiúil aimsire atá ag Met Éireann i gcontae na Gaillimhe. Ach is ceart a chur san áireamh go raibh dílí in áiteanna in oirthear na Gaillimhe i míonna Lúnasa agus Mheán Fómhair anuraidh, rud a bheadh roinnt eisceachtúil.

Tá teoiric ann go bhfuil an oiread sin teannadh faoin ngaoth i gCeann Mása agus go séidtear cuid den bháisteach soir thar an stáisiún gan í a dhul isteach sna fearais aimsire ar chor ar bith. Is deacair géilleadh dó seo nuair a chuirtear Ceann Mása i gcomórtas le cúpla stáisiún oifigiúil aimsire eile ar an gcósta thiar agus thiar thuaidh. I mBéal an Mhuirthead in 2019 thit 1,245 milliméadar báistí, is léir mar sin go ndeachaigh an bháisteach sa taisceadán sin, agus thit 1,150 milliméadar i gCionn Mhálanna. Tá neart gaoithe ag séideadh timpeall ar an dá stáisiún sin. Arís, thit 1,085 milliméadar i gCeann Mása.

Is beag athrú atá tagtha ar an teocht le trí bliana ag an dá stáisiún aimsire oifigiúil atá ag Met Éireann i gcontae na Gaillimhe – sin iad Ceann Mása agus Baile Átha an Rí.

Bhí an teocht beagán níos ísle ná an meánfhigiúr le trí bliana anuas i mBaile Átha an Rí. Bhí an teocht beagán níos airde ná an meán i gCeann Mása – 0.2 d’aon chéim amháin Celsius – in imeacht trí  liana.

Deich mbliana ó shin a cuireadh an meánfhigiúr atá ann faoi láthair i bhfeidhm.

Is minic gur i gCeann Mása a bhíonn an gála is tréine ar chóstaí na tíre seo. Tá cúpla bealach ann le léargas a thabhairt ar an dochar a bheadh ag baint le gála láidir. Tá an tréimhse deich nóiméad ann agus an neart seasta a bheadh leis an ngaoth ach tugann na gustaí is láidre inseacht sách maith freisin ar an scéal.

Bhí luas 67 muirmhíle – sin 124 ciliméadar – leis an ngusta ba láidre a shéid i gCeann Mása anuraidh, agus i mí Eanáir a tharla sin. Cé go bhfuil teannadh mór le gaoth mar sin, fós féin tá sé i bhfad níos ísle ná na cinn ba mheasa i gCeann Mása. Rinneadh tomhas ar ghusta a raibh suas le 170 ciliméadar fúithi ansin i dtús na 1990idí – tráth a mbíodh Ollscoil na hÉireann i nGaillimh ag tógáil miosúir ansin.

Fág freagra ar 'An samhradh 25% níos tirime ná an meán ar chósta thiar Chonamara'