‘Fan socair go gcasfaidh mé air an clipéar!’ a d’fhógair Beainín na Naíonáin Bheaga ar an mBabaí agus salón socraithe suas sa gcistineach aici an oíche cheana.
Bhí an Babaí ag lúbarnaíl ar an stól agus tuáille na soithí ceangailte thart ar a mhuineál ag an ngruagaire. Sárlaoch na soithí, cába seicear dúghorm scaoilte thar a dhroim agus aghaidh chróga á tabhairt aige ar bhearradh gruaige.
‘An bhfuil tú ag iarraidh mórán a bhaint dhó?’ a d’fhiafraigh sí dhe ansin, a glór ardaithe aici le go gcloisfí í os cionn dordán an deimhis ina láimh.
Tá sé ag breith ar sé mhí ó bhí bearradh gruaige aige go deireadh agus bhí a chuid gruaige ag imeacht fiáin. Ba chuma, ach go raibh sí ag cur tochas ina mhuineál, a dúirt sé. ‘Ruainne ar chúl,’ an treoir a thug sé.
‘No problem!’ a deir sí is d’ardaigh an clipéar. ‘Cá’l mo raca?’
Léim Fear an Tí aníos ón tolg. Ba eisean an custaiméir deireanach a bhí sa gcathaoir chéanna agus bhí sé suite ag ól braoinín tae ina dhiaidh agus é ag dul i dtaithí ar a stíl nua ghruaige.
‘An bhfuil a fhios agat céard é fhéin,’ a deir sé leis an ngruagaire, ‘b’fhéidir go ndéanfainnse an uair seo é agus d’fhéadfadh tusa a chuid gruaige a bhearradh an chéad uair eile.’
Ghéill sí dó cé go raibh an chuma uirthi nach raibh sí róshásta an clipéar a scaoileadh uaithi. D’iarr sí ormsa ansin bearradh gruaige a thabhairt di féin.
Cheap mé ar dtús go raibh sí ag magadh fúm.
Bhí sé trí nó ceithre bliana ó rinne mé iarracht bearradh gruaige a thabhairt di cheana agus níor éirigh rómhaith linn. Tá sise den tuairim go raibh a cuid gruaige gearrtha cam agam.
Tá sé curtha i mo leith aici freisin, gur scríob mé a cluas leis an siosúr. Bíonn dhá insint ar gach scéal, a deirimse.
An tseachtain seo caite a chuir mé tús le mo phrintíseacht nua mar ghruagaire is mé imithe i muinín YouTube.
Chuir mé téarmaí isteach sa mbosca cuardaigh nár cheap mé go gcuirfinn isteach go brách.
‘How to cut your own hair,’ a chuir mé isteach ar dtús, agus ansin chuimhnigh mé orm féin agus chuir an focal ‘quickly’ leis.
Tá súil agam gurb é an bearradh gruaige an t-aon chuardach dá leithéid a bheidh le déanamh agam.
Beidh muid togha chomh fada is nach mbeidh ‘cén chaoi le d’fhiacail féin a tharraingt amach,’ á chuardach lá éigin amach anseo, nó ‘aipindeachtóime don amadán’.
Nuair a d’iarr Beainín na Naíonáin Bheaga orm bearradh gruaige a thabhairt di, caithfidh mé a rá nach raibh mórán fonn orm é a dhéanamh.
Cé gur éirigh liom jab sách maith a dhéanamh de mo chuid gruaige féin, ní raibh mé ag súil le mórán.
An faitíos a bhí orm ná go mbeadh sise níos uaillmhianaí ná mar a bhí mise.
Tharraing mé chugam mo mhisneach, is printíseach anois mé, tar éis an tsaoil.
Niall na Naoi bPiontaí
An-mhaith ar fad – an-scríbheoireacht mar is nós ó phinn Bhríde :-)