An riachtantas Gaeilge do na coláistí múinteoireachta bainte amach ag 88% de dhaltaí Ardteiste

Deir leasdhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Pádraig Ó Duibhir go bhfuil an baol ann go bhfuil caighdeán na Gaeilge ag daltaí Ardteiste ag titim agus daoine fós ag fáil ardmharcanna

An riachtantas Gaeilge do na coláistí múinteoireachta bainte amach ag 88% de dhaltaí Ardteiste

Tá ceisteanna le cur faoi líon na ndaltaí a ghnóthaíonn ‘ardmharcanna’ i scrúdú Gaeilge na hArdteiste, dar le leasdhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Pádraig Ó Duibhir.

Dar le Ó Duibhir go bhfuil ceisteanna faoi bhailíocht scrúdú na Gaeilge agus an líon mór daltaí a n-éiríonn leo marc ard a dhóthain a fháil sa scrúdú Gaeilge chun cáiliú do chúrsaí bunmúinteoireachta.

Bheadh marc ard a dhóthain sa Ghaeilge ag 88% de na daltaí a thug faoin Ghaeilge ag an ardleibhéal i mbliana chun an riachtanas Gaeilge d’áit sna coláistí oiliúna a chomhlíonadh.

19,757 duine den 22,400 dalta a rinne scrúdú ardleibhéil na Gaeilge i mbliana a bheadh cáilithe ó thaobh na Gaeilge chun tabhairt faoi chúrsa bunmhúinteoireachta.

Níor theastaigh ó thaobh na Gaeilge i mbliana ach H5, nó 50-60%, sa scrúdú ardleibhéal chun go mbeadh an cháilíocht Ghaeilge ag dalta chun céim sa bhunmhúinteoireacht a dhéanamh.

H4, nó 60% nó níos mó, an marc a theastóidh an bhliain seo chugainn, nuair a thagann athrú ar an chóras arís.

Faoi chóras na bliana seo chugainn, bheadh marc ard a dhóthain sa Ghaeilge ag 70% de na daltaí a thug faoin Ghaeilge ag an ardleibhéal i mbliana chun an riachtanas Gaeilge d’áit sna coláistí oiliúna a shásamh.

Dar le Pádraig Ó Duibhir go bhfuil patrún i gceist leis na torthaí arda i nGaeilge na hArdteiste.

“Tá na torthaí mórán mar a chéile le torthaí na bliana seo caite, ó thaobh scaipeadh na ngrád agus na gcéatadán daoine a bhain gráid áirithe amach. Tá an córas atá ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit leagtha amach ar shlí go gcinntítear nach mbíonn aon athrú mór ann.

“An fhadhb a fheicimse, má thiteann an caighdeán sa chóras thar thréimhse cúig bliana dhéag mar shampla, ní bheidh sin le sonrú sna torthaí.  Gheobhaidh thart ar 5% de dhaltaí H1 gach bliain, mar shampla, beag beann ar chaighdeán na Gaeilge atá acu. Má bhíonn an caighdeán ag titim agus daoine fós ag fáil ardmharcanna, sin an áit a fheicimse go bhfuil fadhb ann.

“Bheadh bonn níos seasmhaí faoi scrúdú Gaeilge na hArdteiste agus faoin gcúrsa trí chéile dá mbeadh nasc idir é agus Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (Common European Framework for Languages). Tá slat tomhais agus critéir atá neamhspleách ansin agus dá mbeadh an cúrsa ceangailte leis an gcreat measúnaithe sin, sin thabharfadh sé tuiscint i bhfad níos fearr dúinn ar an gcaighdeán seachas mar atá á fháil againn le gráid na hArdteiste faoi láthair.”

Dar le Ó Duibhir go bhfuil an scrúdú cainte “ar cheann de laigí móra” i scrúdú Gaeilge na hArdteiste agus gur chóir fáil réidh leis na sraitheanna pictiúr atá mar chuid den scrúdú sin, a bhfuil 40% de mharc iomlán an scrúduithe ag dul leis.

“Tá sé léirithe go bhfuil píosaí cainte á bhfoghlaim de ghlanmheabhair ag na daltaí.  Níl sé sin ag cur le cumas nó scileanna labhartha na ndaltaí. Tá an-deacracht agam leis sin. Má tá tú in ann 40% de na marcanna a fháil sa tslí sin, níl sé bailí mar shlat tomhais ar chumas Gaeilge an dalta,” a dúirt leasdhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Féadtar suas le 40% de mharcanna iomlána an scrúdaithe Gaeilge don Ardteist a fháil ar an scrúdú cainte agus tá suas le 10% le fáil ar an gcluastuiscint, rud a fhágann go bhféadfadh dalta a dhóthain marcanna a ghnóthú le háit a fháil sna coláistí oiliúna gan an scrúdú scríofa a dhéanamh ar chor ar bith.

De réir Tuarascáil an Phríomhchigire 2010-2012, tuarascáil de chuid na Roinne Oideachais, bhí fadhbanna ag baint le foghlaim na Gaeilge i 32% de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu. Ba léir freisin easnaimh sa tslí ina raibh an t-ábhar á theagasc i 28% de na ceachtanna Gaeilge a ndearnadh cigireacht orthu.

Dúradh sa tuarascáil chigireachta chéanna go raibh caighdeán na Gaeilge lag ag 25% de na múinteoirí Gaeilge.

 

Fág freagra ar 'An riachtantas Gaeilge do na coláistí múinteoireachta bainte amach ag 88% de dhaltaí Ardteiste'

  • Carraig

    Múinteoir Béarla ab ea Con Houlihan i dtús a shaoil. Bhí cóip amháinbden scrúdpháipéar faoina ascaill aige nuair a casadh ar x é. “An aiste ab fhearr dá bhfaca riamh”, ar sé. “Bhronn mé ‘A’ air multum cum laude. Tamall ina dhiaidh sin casadh ar x arís é. “Conas mar a bhí ag an gcuid eile acu?”, an fiarfaí. Bhí gramhas ar Con á fhreagairt, ‘B’í an aiste chéanna í ag gach uile dhuine acu!”

  • Mánus

    Is an-mholadh ar fad é ag Padraig Ó Duibhir go núsáidfí an CTET (Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha) chun slat tomhais agus critéir atá neamhspleách a leagan síos le caighdeán na Gaeilge a mheas chun áit a ghnóthú ar cúrsa bunmhúinteoireachta. Níl sna torthaí Ardteiste Gaeilge Ardleibhéal ach áibhéil bhréagach gan náire agus tá na torthaí míréalaíocha sin faoi smacht ag “bell-curve” Choimisiúin na Scrúduithe Stáit / Roinn Oideachais.
    Ins an leabhar “An Chonair Chaoch” ar lth. 282 scríobh Padraig Ó Duibhir “Ba chóir go mbeadh rogha ag pobal na Gaeltachta, faoi mar atá ag tuismitheoirí na nGaelscoileanna, scoil lán-Ghaeilge a roghnú dá bpáistí…Cén mhaith do na pobail pleananna “teangalárnaithe” a ullmhú má ta an bonn á bhaint dá gcuid iarrachtaí go laethúil sna scoileanna?”
    Níl an Gaeilge á mhúineadh go leibhéal ard ins na scoileanna Lán-Ghaeilge faoi láthair agus má cuireann tú sin in éineacht leis an drochstaid ina bhfuil an Ghaeilge sna scoileanna sa Ghaeltacht Oifigiúil tá géarchéím ó thaobh na Gaeilge de san earnán oideachais go náisiúnta. Ní bheidh múinteoirí le hardchaighdeán Gaeilge ar fáil amach anseo mura nathraítear rudaí.
    Tá dhá réiteach ar an fhadhb seo:
    a. Cúrsa nua Gaeilge Ardteiste dírithe go príomha ar na scoileanna LánGhaeilge agus ar na scoileanna sa Ghaeltacht Oifigiúil go mbíonn an teagasc tré mheán na Gaeilge.
    b. Coláiste Oideachais LánGhaeilge