An Prótacal, an DUP agus a leathbhádóirí aisteacha

Jeffrey Donaldson ag dul sa seans – an é leas an DUP é a bheith ag cuimilt meala le lucht na léirsithe in aghaidh an phrótacal iarBhreatimeachta?

An Prótacal, an DUP agus a leathbhádóirí aisteacha

Bhí míshuaimhneas Jeffrey Donaldson follasach. Ag léirsiú frithphrótacail ar an Lorgain cúpla seachtain ó shin bhí tréadaí Meiriceánach ar an ardán leis, feachtasóir in aghaidh an ghinmhillte a chuir síos ar ospidéal Craigavon mar ‘gheataí Ifrinn’. 

Bhí an dílseoir Jamie Bryson ann freisin, fear a éilíonn go ngéarófaí ar an bhfeachtas in aghaidh an phrótacail, go gcothófaí guagacht agus mísheasmhacht. Thug duine de na cainteoirí, iar-iarrthóir de chuid an TUV feallaire agus ‘lundy’ ar Doug Beattie, ceannaire an UUP toisc gur thug sé droim láimhe do na hagóidí mar go raibh teannas á chothú. Ba ag an ócáid sin freisin a b’éigean do Donaldson agus Jim Allister póstaeir de Beattie le rópa faoina mhuineál a bhaint den ardán.

Lean Donaldson ag freastal ar na hagóidí áfach, é ag ceann i gCaisleán na Deirge in iarthar Thír Eoghain Déardaoin agus baill dá pháirtí liostáilte le páirt a ghlacadh i gcinn i dtuaisceart Bhéal Feirste, i dTamhnaigh Naomh agus ar an mBaile Nua in aice le Doire.

Mar cheannaire an DUP roghnaigh Jeffrey Donaldson an treo ina mbogfadh sé an páirtí. Mheas sé tráth go raibh buntáistí le baint as an bprótacal ach faoi bhrú ón TUV a bhí ag fás nuair a bhí tacaíocht an DUP ag titim de réir na bpobalbhreitheanna chinn sé nár mhór dó bogadh i dtreo an TUV agus diúltú as éadan don bprótacal. Nuair a tharraing sé a Chéad-Aire Paul Givan amach as an bhFeidhmeannas shásaigh sé an TUV, dílseoirí ar nós Jamie Bryson, an LCC, an grúpa a labhraíonn thar ceann paraimíleataigh dhílseacha, grúpaí a dteastaíonn uathu go gcaithfí Comhaontú Aoine an Chéasta agus roinnt na cumhachta i dtraipisí.

Nuair a cheistítear na polaiteoirí faoin gcomhluadar ina bhfeictear iad ag an hagóidí deir siad nach iadsan a eagraíonn na himeachtaí agus nach mbíonn a fhios acu roimh ré cé eile a bhéas ag caint. Nós contúirteach é do pholaiteoir a bheith rannpháirteach in imeacht nach bhfuil smacht ar bith aige air ná dóthain eolais aige chun diúltú seasamh i gcomhluadar a tharraingeodh míchlú air.

Tá daoine san DUP a deir nach raibh an dara rogha ag Donaldson. Deir siad go raibh an chosmhuintir sa pháirtí chomh corraithe sin faoin teorainn i Muir Éireann agus ‘ísliú céime’ do Thuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe nach nglacfadh siad le cúrsa ar bith eile ón gceannaire. Séanann siad gur laige é sin, an ceannaire faoi ordóg na mball in ionad ceannaireacht a thaispeáint. Creideann daoine lasmuigh den pháirtí go bhfuil Donaldson ar adhastar ag Jim Allister, Jamie Bryson agus daoine anaithnide.

Sí an cheist an fiú é? Sa ngearrthéarma is féidir dhá shlat tomhais a úsáid. An sábhálfaidh sé an DUP ó threascairt sa toghchán ar an 5 Bealtaine – le cabhair ó aistrithe an TUV? Agus an dtarlóidh leasú/ cealú ar an bprótacal a bheidh inghlactha ag an bpáirtí?

Mhaígh foinsí san DUP le déanaí go mbeadh 26 suíochán ag an bpáirtí – nach gcaillfidís ach péire de na suíocháin a bhuadar in 2017 ach go gcaillfeadh Sinn Féin trí cinn. D’fhágfadh sin Michelle O’Neill sa dara háit le 24 teachta ar fad. D’fhéadfadh sé tarlú ach ní thig leo talamh slán a dhéanamh de. Thabharfadh sé sin le fios nach raibh pionós ar bith á ghearradh ag vótóirí ar an DUP as Stormont a scrios nó, go deimhin, as praiseach a dhéanamh den Bhreatimeacht. 

Thug tuairisc san Financial Times Dé hAoine uchtach don DUP fiú má chuir sé alltacht ar a lán eile. De réir na tuairisce tá reachtaíocht á hullmhú ag rialtas na Breataine chun an prótacal a chealú, go haontaobhach. Níor léir an raibh an rialtas i ndáiríre faoin sárú seo ar chonradh idirnáisiúnta nó arb í an aidhm lucht an dianBhreatimeachta i measc na dTóraithe a choinneáil suaimhneach agus an DUP a mhealladh chun filleadh ar Stormont i ndiaidh an toghcháin. Tá caint den chineál seo cloiste cheana, cá bhfios an bhfuil brí leis an t-am seo. 

Agus i bhfianaise a dtaithí ar cheart don DUP focal Boris Johnson a chreidiúint? 

Fág freagra ar 'An Prótacal, an DUP agus a leathbhádóirí aisteacha'