Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear an obair atá roimh an gCoimisinéir Gaeilge ó thuaidh agus é tosaithe sa ról, tugtar blaiseadh beag den Ultais dúinn agus labhraítear faoin bpraiseach a rinne coláiste i mBaile Átha Cliath den leagan Gaeilge dá ainm.
I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá Gráinne Ní Ghilín, Máirín Ní Ghadhra agus Maitiú Ó Coimín. Phléigh siad na dúshláin atá roimh Phól Deeds ina ról nua, idir reachtaíocht lag agus easpa tola polaitiúla, agus an fanacht a d’fhéadfadh a bheith ar an bpobal ar thoradh na hoibre.
Múineadh dúinn céard é an ‘flure-sucker’ agus caitheadh súil freisin ar an scéal go bhfuil ainm gan chiall tugtha ar choláiste i mBaile Átha Cliath, a rinne neamhaird ar chomhairle aistritheora gairmiúil.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Tá obair le déanamh le dul i bhfeidhm go ciúin ar dhaoine’ – an Coimisinéir Gaeilge nua agus na dúshláin atá roimhe'