I bhfochair Helen ar an eagrán an-speisialta go deo seo de ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…’ tá an file agus béaloideasóir aitheanta Bríd Ní Mhóráin. Agus Lá Fhéile Bríde linn, sí Naomh Bríd atá faoi chaibidil agus plé á dhéanamh ar an seanchas, an béaloideas, an faoiseamh, an leigheas agus an tsaoirse a bhaineann le ‘Muire na nGael’. Labhraíonn Bríd faoin rian a d’fhág Naomh Bríd ar a cuid filíochta agus ar a tuiscint ar an saol, agus ar an méid go bhféadfaimis go léir a fhoghlaim uaithi.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Bríd Ní Mhóráin do Lá Fhéile Bríde– ‘Nuair a bhím le dán, bím sa lios’'