An naoú plean teanga faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta

Tá os cionn €1 milliún ceadaithe anois don naoi bplean teanga atá faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh

An naoú plean teanga faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta

Tá an naoú plean teanga faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus €100,000 thar thréimhse bliana á chur ar fáil don ghrúpa Gaeilge Iorrais chun oifigeach pleanála teanga a fhostú agus tús a chur leis an obair i Maigh Eo Thuaidh.

Tá €940,000 ceadaithe cheana don ocht bplean eile a bhfuil glactha leo go dtí seo – Múscraí, Cois Fharraige, Na Déise, Cloich Chionnaola, Ciarraí Theas, Ciarraí Thiar, Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh agus Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an lúir.

Trí cinn eile de phleananna teanga atá curtha faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta ag Údarás na Gaeltachta le faomhadh, ina measc plean na Ceathrún Rua.

Tá lucht Roinn na Gaeltachta ag súil go mbeidh sé phlean eile faofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh na bliana.

Oifigeach pleanála teanga amháin atá ceaptha sa Ghaeltacht go dtí seo, Micheál Mac Aoidh a bhidh freagrach as Plean Teanga Chloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Thréaslaigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh a gcuid oibre le Gaeilge Iorrais.

“Ní gá a rá go bhfuilim féin agus mo chuid oifigigh agus oifigigh Údarás na Gaeltachta ag súil go mór le bheith ag leanúint orainn ag oibriú as lámh a chéile leis an cheanneagraíocht chun a bplean a chur i bhfeidhm agus an Ghaeilge a chur ar bhonn níos láidre i gceantar Iorrais,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit níos túisce i mbliana gur €2.65 milliún a bheadh ar fáil in 2018 “fá choinne pleananna a ullmhú agus a chur i bhfeidhm”.

Dúirt sé an mhí seo caite áfach gur €1.7m a bheadh ar fáil i mbliana d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge le tacú leis na coistí pleanála teanga feidhm a thabhairt don phróiseas.

Dar leis an iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur “trí nó ceithre chéad míle euro an fíorchaiteachas a dhéanfar ar fheidhmiú na bpleananna teanga i mbliana” agus gur chóir don Aire Stáit an méid sin a “admháil” .

Dúradh i dtuarascáil a d’fhoilsigh Coiste Oireachtais na Gaeilge le déanaí gur chóir don Aire Stáit a dheimhniú do choistí pleanála teanga na Gaeltachta go mbeidh an “maoiniú cuí” á fháil acu as seo go ceann seacht mbliana ionas gur féidir leo plean fadtéarmach a chur i bhfeidhm agus daoine a fhostú do thréimhse iomlán a bpleananna teanga.

 

 

Fág freagra ar 'An naoú plean teanga faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Colm Mac Fhionnghaile

    An eol d’aon nduine bhfuil teacht ar líne ar an phlean seo?

  • AnRógaire

    Cuirfear é ar fáil ar an suíomh http://www.gaeilgeiorrais.ie más fíor a bhfuil luaite ar an suíomh céanna.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Sílim go mba cheart na pleananna teanga seo uilig bheith ar fáil go poiblí ar líne.

    Nach bhfuil Údarás na Gaeltachta ag déanamh maoirseacht orthu? Ba cheart iad bheith ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin Údarás na Gaeltachta – agus ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta.

    Géarghá fosta le bolscaireacht agus fógraíocht a dhéanamh orthu – go háirithe sna contaetha a bhfuil siad bainteach leo. Go bhfios domh, níl na meáin Béarla áitiúla ag déanamh faic leis an Ghaeilg a chuir chun tosaigh ná le aitheantas a thabhairt do na pleananna seo.