An mó éifeacht a bheidh ag Kneecap ná Sinn Féin?

Baghcat nó páirtíocht – an dtabharfaidh ceachtar cur chuige ar Mheiriceá éirí as armáil Iosrael?

An mó éifeacht a bheidh ag Kneecap ná Sinn Féin?

Níos mó ná 30,000 marbh in Gaza agus an líon ag méadú in aghaidh an lae. Na mílte buailte ag gorta agus galar, cathracha ina smionagar, fóirithint á ceilt agus ionsaithe fíochmhara Iosrael ag leanúint gan staonadh. An t-uafás sin ag tarlú le hurraíocht airm ó Mheiriceá maille lena veto ar shos comhraic.

An bhfaighidh sibhialtaigh in Gaza faoiseamh de bharr rud ar bith a dúirt polaiteoir as Éirinn, thuaidh nó theas, i Meiriceá le seachtain? Nó an mbeidh tionchar ar an Teach Bán ag baghcat an pháirtí is mó a bhí luaite leis an gcaidreamh Gael-Mheiriceánach le leathchéad bliain?

Is fada Sinn Féin ag caint ar a nasc leis an bPalaistín. Bhí an páirtí gníomhach i léirsithe agus bhí ambasadóir na Palaistíne chun na hÉireann mar aoi acu ag ollchruinniú i mBéal Feirste chun cogadh Iosrael in aghaidh Gaza a cháineadh. Mar sin féin tá siad ag glacadh páirt sna himeachtaí bliantúla le hUachtarán Mheiriceá le haghaidh Lá le Pádraig in Washington d’ainneoin ról Mheiriceá mar chúltaca ag Iosrael.

Ar an láimh eile rinne an SDLP baghcat ar na searmanais sna Stáit Aontaithe i mbliana. D’fhógair Colum Eastwood, ceannaire an SDLP, i mí Eanáir nach ngabhfadh an páirtí go dtí an Teach Bán i mbliana mar agóid in aghaidh an chogaidh agus ról Mheiriceá ann. Ó tá cúrsaí éirithe i bhfad níos measa ó shin agus gorta á úsáid mar uirlis chogaidh dar le Eastwood bhí an SDLP ag fanacht glan ar imeachtaí na féile Pádraig ar fad in Washington. Siombalachas suntasach ó pháirtí John Hume, an fear a mheall an tUachtarán Jimmy Carter i 1977 agus a rinne cion fathaigh ina dhiaidh sin chun Meiriceá a earcú mar áisitheoir sa tóir ar shíocháin i dTuaisceart Éireann.

Níl aon luí le foirmle síochána an Tuaiscirt le brath ar chur chuige Washington sa Mheánoirthear. An bhféadfadh an Príomh-Aire Benjamin Netanyahu agus fórsaí cosanta Iosrael an cogadh seo a fhearadh d’uireasa tacaíocht Mheiriceá? Bhí ionsaí Hamas ar fhéile cheoil agus kibbutz agus fuadach gialla ar an 7 Deireadh Fómhair seo caite barbartha, do-mhaite ach tá an sléacht ar shibhialtaigh in Gaza, mná agus páistí go háirithe, thar fóir amach is amach.

Is minic a deir an tUachtarán Biden agus an Státrúnaí Anthony Blinken go n-éilíonn Meiriceá go ndéanfaidh Iosrael a seacht ndícheall chun a chinntiú nach gcuirfear sibhialtaigh in Gaza i gcontúirt. Tá a bhfreagra acu i líon na marbh, in ionsaithe ar ospidéil agus sa bhail scanrúil atá ar mhilliún duine ar a laghad. An dtabharfaidh Netanyahu aird ar an gcaint sin  fhad is tá na Stáit Aontaithe ag baint leas as a veto ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun rialú a éilíonn sos comhraic a chosc?

Is mór idir plean Mheiriceá calafort a thógáil chun cúnamh a sholáthar do mhuintir Gaza agus stop a chur le soláthar buamaí, eitleáin bhuamála, piléir agus tancanna a bhfuil slad déanta acu. Is mór freisin idir mífhoighid Chuck Schumer, an Daonlathach sinsearach, le teaictic Netanyahu agus éirí as tacaíocht a thabhairt don chogadh in aghaidh Gaza, cé gur údar uchtaigh é gur cháin sé Príomh-Aire Iosrael chomh hoscailte sin.

Ghlac formhór an phobail, fiú más go drogallach é, leis an argóint gur ghá don Taoiseach freastal ar shearmanais Lá le Pádraig leis an Uachtarán Biden. Bhí daoine diongbháilte nár cheart do Leo Varadkar fiacail a chur ann is é ag cur in iúl don Uachtarán go raibh alltacht ar mhuintir na hÉireann faoina thacaíocht d’iompar Iosrael in aghaidh shibhialtaigh na Palaistíne. Bhí súil nach ligfeadh an Taoiseach do dheismireachtaí na taidhleoireachta baint dá cháineadh.

Mheas go leor freisin nár mhór do Michelle O’Neill agus Emma Little Pengelly freastal ar imeachtaí na féile in Washington. Ba ghá a léiriú go raibh Stormont ar ais ar a bhonn agus an chéad-aire agus leaschéad-aire ag fógairt go raibh Tuaisceart Éireann ‘oscailte le haghaidh gnó’.

Chuaigh an caidreamh eatarthu i gcion orthu sin a d’fhreastail ar dhinnéar chiste na hÉireann mar ar labhair an bheirt bhan. B’údar dóchais é dóibh sin a bhí ag súil go gcuirfeadh infheisteoirí suim sa Tuaisceart tar éis athnuachan Stormont.

Bhí aontachtaithe breá sásta go raibh Little Pengelly, Jeffrey Donaldson agus ionadaithe eile in Washington, ag tacú go láidir le hIosrael. Níorbh amhlaidh an scéal ag Michelle O’Neill. D’fhreastail sise agus Mary Lou McDonald, uachtarán Shinn Féin, ar go leor imeachtaí. Dúradar gur chuir siad in iúl go soiléir do na feidhmeannaigh in Washington go raibh iompar Iosrael in aghaidh na bPalaistíneach agus tacaíocht Mheiriceá dó go hiomlán doghlactha.

Is iomaí duine de lucht tacaíochta Shinn Fein a bhí feargach faoi ionadaí ar bith ón bpáirtí a bheith ag dul i ngaobhar na Meiriceánach i bhfianaise a bpáirt san slad ar Phalaistínigh. B’fhearr le mórán de vótóirí Sinn Féin ó thuaidh go nglacfadh an páirtí seasamh mar a rinne an grúpa Kneecap a dhiúltaigh páirt a ghlacadh sa bhféile cheoil SXSW in Texas de bharr Arm Mheiriceá a bheith mar mhór-urra. Tharraing go leor grúpaí Éireannacha eile amach as an bhféile ó shin ar an údar céanna.

Ar mó éifeacht a bhí ag na ceoltóirí?

Fág freagra ar 'An mó éifeacht a bheidh ag Kneecap ná Sinn Féin?'

  • WTF

    An-mhaith ráite. An ceart a sheasamh sin uile a bhfuil ann.

  • JP

    Is follas go bhfuil greim docht daingean ag na hIosraelaigh ar pholaitíocht SAM le fada anois. Freagraíonn an IDF, mar adeir tú, gach foláireamh ó Biden le slad breise a dhéanamh…a fhocail a shá siar ina dhraid… draid Uachtarán Mheiriceá! Ní fhaca mé aon anailís cheart déanta ar an nasc doscaoilte sin in aon áit go fóill.

  • Criostóir Ó Floinn

    Deir tuarscáil de chuid an UN gur imríodh foréigean gnéis ar na gialla Iosraelacha – an t-éigniú, céasadh gnéis agus cleachtais bharbartha eile ina measc. Deir giall mná a scaoileadh óna géibheann le déanaí go dtacaíonn formhór an phobail in Gaza le Hamas – bhí an giall sin i ngéibheann i dteach gnáth-theaghlaigh, de réir dealraimh, agus bhí páistí an teaghlaigh ag spochadh aisti agus ag gáire fúithi toisc gur Giúdach a bhí inti, agus bhí mí-úsáid gnéis á baint ag Hamas aisti. Tá sé deacair do lucht an Iarthair an sceon agus an fhearg a chothaíonn a leithéid sa phobal Iosraelach trí chéile, go háirithe nuair a thuigeann siad go bhfuil Hamas ar leac a ndorais ag iarraidh an slad agus sceimhle céanna a imirt ar an oiread Giúdach agus is féidir leo. An aon ionadh é gur mian leis an IDF deireadh a chur le Hamas faoi dheireadh is faoi dheoidh, faoi mar a rinne Meiriceá agus fórsaí an Iarthair i gcás Al Qaeda agus ISIS?

    Mar is léir nach féidir mórán idirbheartaíochta a dhéanamh le Hamas, grúpa faisisteach atá ag iarraidh na hIosraelaigh go léir a dhíothú. Tá ráite ag Hamas go leanfaidh siad leis na hionsaithe ar Iosrael go dtí go n-éireoidh leo sin a dhéanamh – is é sin le rá nach nglacann siad le Giúdach ar bith a bheith beo ar thalamh na Palaistíne (i.e. tá siad ag iarraidh na Giúdaigh ar fad in Iosrael a mharú agus an talamh ar fad a bheith acu dóibh féin). Dream iad Hamas a fhaigheann inspioráid ón Hitléireach féin (féach gur thacaigh bunaitheoir na cúise Palaistíní, an tArd-Mhuftaí al-Husseini, leis an Uileloscadh agus go raibh sé ag iarraidh é a chur i bhfeidhm sa Mheánoirthear.) Agus is é Hamas a bhí i gceannas ar fhormhór na scoileanna in Gaza le blianta beaga anuas. Caithfear deireadh a chur leis an mbolscaireacht fhrith-Sheimíteach sa Phalaistín má tá aon socrú síochána le bheith ann – dúshlán mór a bheidh ann mar tá an frith-Sheimíteachas fréamhaithe go smior sa chultúr Palaistíneach faoin am seo (agus sa chultúr Arabach trí chéile – féach go bhfuil an-tóir ar ‘Mein Kampf’ sa domhan Arabach).

  • JP

    Tá léirsiú millteach mór ar fad ar siúl sa Bhruiséil inniu (mar a bhfuilim) ar son Gaza agus feicim baicle maith Giúdaigh rannpháirteach ann chomh maith. É de dhánaíocht ag roinnt acu dathanna Iosraeil a chaitheamh fiú agus iad chomh glórach, chomh tógtha céanna le haon Phailistíneach nó Arabach eile amuigh. An mbeidís ag máirseáil dá mbraithfidís go bhfuil siad i mbaol a mbáis?? ‘Faisistigh’ agus ‘tóir ar Mein Kampf’, deir Ó Floinn sa trácht eile romham. Is é Rialtas Iosraeil a bhaist ‘Untermënschen’ ar mhuintir Gaza . Tá ‘Lebensraum’ á chur i bhfeidhm ag na ‘Völken’ lonnaitheoirí agus ‘blitzkrieg’ á imirt ar shibhialtaigh Gaza ag an IDF ó 7 Deireadh Fómhair seo caite nuair a tharla an t-uafás danartha sin. Is iad an fhoclaíocht agus an cur chuige ceannann céanna a chleacht na Naitsithe a úsáideann polaiteoirí Iosraeil i leith na bPalaistíneach. Gan an ghairm phoiblí ar “Amlek”(cinedhíothú) a rinne Netanyahu a bhac. Ba mhian le Neatanyahuu agus a chamthaí freisin gach uile Phalaistíneach beo a dhíbirt glan amach as Gaza ar fad, faoi mar bhí ar intinn ag na Naitsithe a dhéanamh (Madagascar luaite mar rogha amháin acu!). Is é fírinne an scéil nach féidir Hamas a chur de dhroim an tsaoil “faoi dheireadh is faoi dheoidh” gan pobal iomlán Gaza a chur chun báis freisin, idir leanaí, mhná, sheandaoine, easláin agus eile. Agus sin é atá ar siúl ag Iosrael faoi láthair .i. cinedhíothú.

  • Criostóir Ó Floinn

    Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart ná cóir stát Iosrael a ionannú leis na Naitsithe (go deimhin, sílim gur samhnasach an chomparáid atá ann). Dá olcas é Netanyahu agus cuid dá airí rialtais (agus cuid dá bhfuil ráite acu), ní hé an polasaí stáit atá acu Palaistínigh a dhíothú. Níl aon rud cosúil le ‘Mein Kampf’ scríofa ag Netanyahu, leabhar inar nocht Hitler an fonn a bhí air na Giúdaigh go léir a chur de dhroim an tsaoil agus leabhar ar bunaíodh polasaí cinedhíothaithe an stáit air níos déanaí. Tá gach cuma ar an scéal go gcuirfear Netanyahu agus a rialtas as oifig sna chéad toghcháin eile ar aon nós, nuair a bheidh deireadh leis an gcogadh.

    B’fhéidir nach féidir Hamas a chur de dhroim an tsaoil ‘faoi dheireadh is faoi dheoidh’ ach is féidir ceacht a mhúineadh dóibh agus a gcumas troda a mhaolú, faoi mar a múineadh ceacht do Al Qaeda agus ISIS – dhá dhream nach gcloistear mórán fúthu na laethanta seo…(seachas corrsceimhlitheoir nó grúpaí fánacha anseo is ansiúd).

    Mura gcreideann tú mé faoi ‘Mein Kampf’ a bheith forleathan sa domhan Arabach, féach cad a bhí á dhíol ag Aonach Leabhar Cairo anuraidh – eagráin iomadúla Arabaise de ‘Mein Kampf’ ar taispeáint agus á ndíol go hoscailte, chomh maith le leabhair fhrith-Sheimíteacha eile ar nós ‘The Protocols of the Elders of Zion’.

  • Pádraig

    Cuireann JP polasaí ‘Lebensraum’ i leith Iosrael – ach bhí Iosrael sásta glacadh le socrú críochdheighilte an UN in 1947 (bhí tromlach Giúdach acu sna críocha a tugadh d’Iosrael ar dtús, fiú sular theith cuid mhaith Arabach nó sular díbríodh iad) nuair nach raibh na Palaistínigh ná na stáit Arabacha sásta glacadh leis. Fearadh cogadh ar Iosrael an uair úd agus tá sé ag iarraidh é féin a chosaint ó shin i leith. Ní tógtha ar Iosrael é go bhfuil sé in ann é féin a chosaint agus an ceann is fearr a fháil ar na tíortha Arabacha máguaird, agus gur ghlac sé seilbh ar thalamh mar chrios maolánach. Bhí sé sásta an talamh sin a thabhairt do na Palaistínigh ar son dearbhú síochána (rud ar dhiúltaigh na Pailistínigh dó arís is arís eile).

    Tá sé deacair do na tíortha Moslamacha glacadh le stát Giúdach a bheith ann ar chor ar bith sa Mheánoirthear mar is ‘dimmithe’ a bhí sna Giúdaigh riamh anall sna críocha Moslamacha (is é sin le rá go raibh stádas an íochataráin acu). Tá náire ar na hArabaigh nár éirigh leo na Giúdaigh a chloí sna cogaí iomadúla a d’fhear siad orthu, agus sin cuid den chúis go bhfuil fearg chomh mór sin ann i leith Iosrael. Nach dream bocht dearóil iad na Giúdaigh nár cheart cumas troda nó féinchosanta a bheith iontu in aon chor?

    Bhí 1.7 milliún Palaistíneach ann in 1948 – tá 5.5 milliún ann sa Bhruach Thiar agus sa stráice Gaza sa lá atá inniu ann (sin gan trácht ar an milliún Arabach in Iosrael féin agus an diaspóra). Ní thuigim cén chaoi gur cinedhíothú é sin. I bhfeachtas a mhair 9 mí in 2017, mharaigh fórsaí an Iarthair thart ar 11,000 sibhialtach agus iad ag iarraidh fáil réidh le ISIS i Mosul san Iaráic. Ar ndóigh, is tubaiste é an oiread sin sibhialtach bás a fháil ach ar cuireadh i leith thíortha NATO go raibh cinedhíothú á dhéanamh acu ar phobal na hIaráice? Níor cuireadh – tuigeadh go raibh siad ag iarraidh fáil réidh le grúpa sceimhlitheoireachta a chuireann iad féin faoi cheilt i measc na sibhialtach. Níor damnaíodh fórsaí an Iarthair ó dhubh go dubh as an méid a rinne siad – tuigeadh go raibh misean casta baolach acu agus go mba fhíordheacair dóibh gan sibhialtaigh a mharú. Is ionann ISIS agus Hamas.

  • Criostóir Ó Floinn

    Mar is gnách is féidir do rogha rud a rá faoi Iosrael sna tráchtanna ar Tuairisc.ie (go bhfuil cinedhíothú ar bun aige, gur Naitsithe iad an IDF, etc.) ach bíonn an-drogall ar na heagarthóirí tráchtanna a fhoilsiú ina gcosnaítear Iosrael ar na rudaí a chuirtear ina leith.

  • JP

    Ceard é go díreach a bhí i gceist ag Netanyahu nuair a d’úsáid sé Amalek (Bíobla na hEabhraise) chun fórsaí Iosraeil a ghríosú sa chogadh atá á fhearadh ag Ollchumhacht mhíleata ar mhuintir Gaza FAOI LÁTHAIR??
    Amalek, Samuel 3;
    “Anois gabhaíg amach agus buailíg Amalek go trom agus déanaíg GACH a bhfuil acu a choscairt agus a scrios agus NÁ spárálaíg iad, ach básaigh idir fheara is mhná, naíonáin agus siolpairí, daimh is caoire, camal agus asal.” Príomh-Aire Iosraeil a labhair.

  • Criostóir Ó Floinn

    A JP, ar mhiste leat a rá liom cá bhfaca tú an t-athfhriotal sin a chuireann tú i leith Netanyahu? Sna foinsí nuachta a chonaic mé féin (fiú na cinn a dhamnaíonn Netanyahu) agus san fhíseán den óráid, ní luann sé an méid a deir tú (‘básaigh idir fheara is mhná’, etc.). Is fíor go luann sé muintir Amalek, arb iad naimhde traidisiúnta na nIosraeilíteach iad, ach déanann sé sin i gcomhthéacs cogadh a fhearadh ar Hamas agus ní deir sé faic faoi ghnáthmhuintir Gaza a mharú.

    Arís, níl fúm Netanyahu a chosaint ach ní macánta an rud é bréagráiteas a chur i leith duine ar bith, rud a mheasaim atá á dhéanamh agat anseo. Tá tusa ag rá go dtuigeann tú níos fearr cad atá i gceist ag na hIosraelaigh a dhéanamh ná mar atá a fhios acu féin – tá ráite go minic ag an IDF nach é an sprioc atá acu sibhialtaigh a mharú. Sula ndéanann an IDF ionsaí ar sprioc, caithfidh siad dul i gcomhairle le dlíodóirí a bhfuil saineolas acu ar an dlí idirnáisiúnta chun a chinntiú nach bhfuil an dlí idirnáisiúnta á shárú acu. Cuireann siad go leor rudaí san áireamh – cén baol a bhaineann leis na sceimhlitheoirí arb iad an sprioc iad, cén baol atá ann do shibhialtaigh, cén cineál réamhfhógra is féidir a thabhairt do na sibhialtaigh (rud is gá dóibh a dhéanamh), etc. Is é nádúr na cogaíochta go bhfaigheann go leor daoine neamhchiontacha bás agus is trua sin (go háirithe i gcás cogadh i gcoinne grúpa sceimhlitheoireachta a chuireann iad féin faoi cheilt i measc na sibhialtach). Ach is trua freisin gur vótáil muintir Gaza do Hamas, dream a tharraing scrios agus ár ar an bpobal seachas a gcúinsí saoil a fheabhsú agus iad i gcumhacht.

    An é gur mian leat a rá gurb ionann an IDF agus na Naitsithe, mar sin? Tá an IDF ag fearadh cogadh féinchosanta i gcoinne grúpa sceimhlitheorachta barbartha a rinne slad ar an bpobal Iosraelach; rinne na Naitsithe marú tionsclaíoch ar an bpobal Giúdach (agus ar phobail eile) a bhí go hiomlán neamhchiontach as na rudaí a cuireadh ina leith.