An mí-ádh ar Dhún na nGall go dtí seo ach ní bheidh aon trua ag Baile Átha Cliath dóibh

Seans go raibh níos mó tuillte ag Dún na nGall ón gcéad chúpla cluiche a d’imir siad sa tsraith ach ní bhfaighidh siad tada gan dua in aghaidh churaidh na hÉireann anocht.

An mí-ádh ar Dhún na nGall go dtí seo ach ní bheidh aon trua ag Baile Átha Cliath dóibh

Eoghan Bán Gallagher (Dún na nGall) agus Kevin McManamon (Baile Átha Cliath). Pictiúr: INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Agus imreoirí Declan Bonner fós sa tóir ar a gcéad phointí sa tsraith, ní haon chluiche éasca a bheidh rompu anocht agus iad ag triall ar Pháirc an Chrócaigh chun aghaidh a thabhairt ar sheaimpíní na hÉireann.

Má bhíonn Dún na nGall fós gan aon phointe sraithe ag deireadh chluiche na hoíche anocht, beidh an-bhaol ann gurb é an t-ísliú céime ó Roinn 1 atá i ndán dóibh. Chun a gceart a thabhairt dóibh, áfach, an mí-ádh ceart a d’fhág go bhfuil foireann Declan Bonner faoi bhrú cheana féin sa tsraith.

I gCill Airne sa chéad bhabhta, bhí imreoir sa bhreis ag Ciarraí ar feadh cuid mhaith den chluiche agus cé gur éirigh le Dún na nGall 3-14 a scóráil ba iad fir na Ríochta a thug leo na pointí tar éis do Dháithí Casey cúilín na cinniúna a fháil in am cúitimh.

In aghaidh na Gaillimhe an tseachtain seo caite, bhí Dún na nGall ar comhscór arís agus an t-am caite ach fuair an t-ionadaí Seán Armstrong cúilín an bhua don Ghaillimh.

Anuas air sin, tá roinnt mhaith imreoirí in easnamh ar Bonner de bharr gortuithe, Michael Murphy, Neil McGee, Frank McGlynn agus Paddy McGrath ina measc.

Ach is beag an mhaith do Dhún na nGall a bheith ag déanamh trua dóibh féin, go háirithe agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath anocht.

Tá imreoirí ar iarraidh ar Jim Gavin freisin ach fós tá dhá chluiche as péire buaite acusan go dtí seo. In aghaidh Thír Eoghain an tseachtain seo caite, bhí siad chun deiridh ar feadh tréimhsí fada ach thug siad an lá leo mar sin féin, fiú agus Niall Scully curtha den pháirc.

Níor chruthaigh Dún na nGall ródhona in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa tsraith le roinnt blianta anuas. Chríochnaigh na cluichí eatarthu in 2013 agus in 2017 ar comhscór, ach i dTír Chonaill seachas i bPáirc an Chrócaigh a imríodh na cluichí sin.

Seans go raibh níos mó tuillte ag Dún na nGall ón gcéad chúpla cluiche a d’imir siad ach ní bhfaighidh siad tada gan dua in aghaidh churaidh na hÉireann anocht.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Fág freagra ar 'An mí-ádh ar Dhún na nGall go dtí seo ach ní bheidh aon trua ag Baile Átha Cliath dóibh'