‘An maith leat a bheith i do dhuine fásta?’ a d’fhiafraigh sé díom

Níor bhac ár gcolúnaí a rá leis an mBabaí nárbh í ba thréine sna rásaí riamh, fiú agus í ‘beag’

‘An maith leat a bheith i do dhuine fásta?’ a d’fhiafraigh sé díom

‘An rithfidh tú rása liom, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom. Tráthnóna geal fionnuar a bhí ann is muid ag siúl cois cladaigh, agus solas na gréine ina bhratach órga ar muir is ar tír.  

‘Ní cheapaim é,’ a deir mé.

‘Ar rith tú aon rása riamh?’ a d’fhiafraigh sé díom gan aon mhisneach aige sa bhfreagra.

Ní chuirfinn aon mhilleán air, níorbh é an chéad uair aige dúshlán rása a thabhairt dom, agus níorbh é an chéad uair agam diúltú don dúshlán. Na glúine, níl siad mar a bhídís, tá a fhios agat, is an chorróg, is pébí cé as a dtáinig an arraing aisteach sin atá i mbun mo dhroma…

‘Rith mé neart rásaí,’ a d’fhreagair mé, go postúil, ‘nuair a bhí mé beag.’

Níor bhac mé a rá nárbh mé ba thréine sna rásaí riamh, fiú agus mé ‘beag’.

‘Ach Mamaí an raibh tú beag uair amháin, dháiríre?’ a d’fhiafraigh sé díom gan mórán muiníne, is é ag pocléimneach ó chloch go cloch ar bharr an mhuirmhúir.

‘Tá mé a cheapadh go raibh,’ a deir mé.

‘An cuimhin leat é?’ a d’fhiafraigh sé díom.

‘Cuimhním ar phíosaí dhe anseo is ansiúd,’ a d’fhreagair mé.

Ba é an seoltán caol fada ar chúl na scoile an traic a bhíodh againne agus mórán aon rás a rith mé i mo shaol is ann a rith mé é.  

Rithfeá do chéad rás, agus dá mbuafá, d’fhanfá ann chun an dara rás a rith, is an tríú ceann, dá n-éireodh leat. Leanadh sé ar aghaidh nó go mbeadh seaimpín an lae ann, nó go nglaofaí ar ais sa seomra ranga muid,  is chuirfí tús arís leis na rásaí lá arna mhárach.

Níorbh iad na cluichí Oilimpeacha iad, ar ndóigh, bhí siad i bhfad níos tábhachtaí ná sin.

Is í an uair a thagadh díospóireacht i gceist, ná dá mbéarfaí ar aon duine ag iarraidh aon cheilt a dhéanamh nó aon aicearra a thógáil. Bhí rialacha dochta i bhfeidhm, bhí mioneolas againn ar fad orthu, agus gach duine againn inár moltóirí géara.

Ní raibh aon Seiko ná Omega ann, ach bhí i ngar do scór maortha ama ag faire ar an túslíne agus scór eile ag an sprioclíne. Tharraingeofá caint sciobtha go maith, dá ndéanfá iarracht an rás a thosú an leathshoicind fhéin sula mbeadh an focal ráite, nó dá sínfeá laidhricín do choise oiread na fríde amach thar an túslíne roimh am.

Go bhfios dom, ní raibh aon dópáil ná tada mar sin i gceist (murar dópáil iad na milseáin phingine black jacks. Ach, más ea, bhí muid uilig hypeáilte suas orthu sin).

‘An maith leat a bheith i do dhuine fásta?’ a d’fhiafraigh sé díom.

‘Is maith, is dóigh,’ a deir mé. ‘Agus céard fútsa, an maith leatsa a bheith i do pháiste?’

‘Ó!’ a deir sé agus stop sé den léimneach is bhreathnaigh amach uaidh ar an bhfarraige is é ag déanamh a mhachnaimh.

‘Is maith.’ a deir sé, ‘tá sé go maith.’ Agus d’fhill arís ar dhreapadh na gcloch.

Fág freagra ar '‘An maith leat a bheith i do dhuine fásta?’ a d’fhiafraigh sé díom'