An leithreas mar láthair oibre? Áit dhraíochtúil…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: an áit is príobháidí sa teach an áit is fearr chun géarchéimeanna cruthaitheachta a réiteach 

An leithreas mar láthair oibre? Áit dhraíochtúil…

Bhí greannán agam nuair a bhí mé óg a bhí suite sa todhchaí, na mílte bliain ón lá inniu. Bhí an cine daonna tar éis a bheith díofa ón bpláinéad agus bhí seandálaithe eachtardhomhanda ag déanamh anailíse ar na hiarsmaí a d’fhág an duine ina dhiaidh. An tuiscint a bhain na seandálaithe seo ón spás as a gcuid anailíse ná gurbh fhearas a bhain le reiligiún a bhí sa leithreas. Ba é an chaoi gur tháinig siad ar bhabhla leithris i bhfothrach gach tí, agus dá bhrí sin mheas siad gur saghas altóra baile a bhí ann, scrín a dtéadh an duine ar a ghlúine roimpi chun labhairt le fórsaí osnádúrtha.

Chuimhnigh mé ar an ngreannán sin (nach cuimhin liom a theideal, faraor) nuair a bhí mé i mo shuí, cá háit eile, ach ar an mbabhla leithris.

Ní rachainn chomh fada lena rá gur áit naofa é teach an asail agus na gcearc, ach áit speisialta é gan dabht. Áit é ar ionann an bochtán agus an rí, ar ndóigh, ach ní hé an meabhrúchán laethúil gur ionann sinn go léir an chúis go bhfuil meas ar leith agam ar an áit a scaoilimid ár bputóga ann.

Áit dhraíochtúil é don scríbhneoir. Is iomaí uair gur ar an mbabhla leithris a bhí mé i mo shuí nuair a rith réiteach ar fhadhb scríbhneoireachta éigin liom, géarchéim chruthaitheachta a bhí dosháraithe ar feadh dhá uair an chloig roimhe sin. Is minic, leis, a bhuail splanc inspioráide mé san áit chéanna. Go deimhin, is i mo shuí ar an leithreas a bhí mé nuair a rith an smaoineamh don cholún seo liom.

Cén fáth gur sa leithreas a réitítear géarchéimeanna cruthaitheachta? Cén fáth gur ann a bhuaileann splanc na hinspioráide an aigne nach mbíonn ag súil lena leithéid san áit sin?

Tá freagra na ceiste sa cheist: toisc nach mbímid ag súil leis. 

Ní maith leis an bhfo-chomhfhios, an chuid sin dár n-aigne ina ndéantar cinní cumadóireachta seachas cinntí eagarthóireachta, an iomarca brú. Tagann crampa air. Dúnann sé an doras. Ach coinníonn sé air ag obair.

Nuair a bhíonn an scríbhneoir féin taobh thiar den doras dúnta, sa chuid is príobháidí dá theach, a aird ar fad ar a chorp seachas ar a aigne chéasta, sin í an uair a mbíonn fonn ar an bhfo-chomhfhios réiteach na fadhbe a thabhairt dó.

Is amhlaidh, ar ndóigh, a tharlaíonn nuair a théann an scríbhneoir ag siúl, ag rith, ag rothaíocht, ag snámh, nó i mbun chúraimí an tí. Gníomhaíocht ar bith a bhainfeadh an brú ón bhfo-chomhfhios bocht, ón aigne chéasta, is chun tairbhe na cruthaitheachta a rachaidh sé.

Agus sin é go díreach an fáth nach ndéanfadh teach an asail agus na gcearc cúis mar bhuanláthair oibre. Ceisteanna sláinte as an áireamh, dá mbogfadh an scríbhneoir a dheasc nó fiú leabhar nótaí isteach sa leithreas, ní oibreodh an cleas.

Fág freagra ar 'An leithreas mar láthair oibre? Áit dhraíochtúil…'