An laoch nó bithiúnach é James McClean?

Níor mhaith an rud go gcuirfí iachall ar imreoirí na Breataine lile na Cásca a chaitheamh dá mbeidís ag imirt sa tír seo

An laoch nó bithiúnach é James McClean?

James McClean. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

An laoch nó bithiúnach é James McClean? Tá an fear as Cathair Dhoire sa líne lámhaigh faoi láthair agus ní hé an chéad uair aige é. A choir? Gan a bheith sásta an poipín a chaitheamh go poiblí ar lipéad a gheansaí sacair agus é ag imirt do Stoke City agus do chlubanna sacair eile roimhe seo. Tá an t-imreoir Nemanja Matic, a imríonn do Manchester United, sa chás céanna leis cé nach ndírítear leath an méid nimhe agus goimhe ina threo sin nuair a ritheann sé amach ar an bpáirc imeartha is a dhírítear ar McClean.

Tá sé dochreidte go mbeadh iachall ar imreoir ar bith an suaitheantas áirithe seo a chaitheamh i gcúrsaí spóirt. Tá sé amuigh ar an spórt gur feiniméan é nach bhfuil baint ar bith aige le cúrsaí cogaidh agus le cúrsaí náisiúnachais. Áirítear é mar fheiniméan a thugann daoine le chéile, a aontaíonn daoine seachas a mhalairt. Tá sé soiléir don dall nach mar sin atá.

Ar an leibhéal is simplí is suaitheantas é an poipín a dhéanann comóradh orthu siúd a fuair bás sa chéad agus sa dara Cogadh Domhanda. Comhartha cuimhneacháin más maith leat. Ar leibhéal eile is suaitheantas de chuid Impireacht na Breataine atá ann. Suaitheantas caithréimeachais seachas suaitheantas cuimhneacháin. Sin argóint nach bhfuil réiteach simplí uirthi agus níl an réiteach agamsa, faraor.

Níor mhaith liomsa go gcuirfí iachall ar imreoirí na Breataine lile na Cásca a chaitheamh dá mbeidís ag imirt sa tír seo. Ná níor mhaith liom go gcaithfeadh imreoirí na tíre seo í ach an oiread. Níor cheart, dar liom, go mbeadh ar fhear (nó ar bhean) spóirt ar bith suaitheantas de chineál ar bith a chaitheamh. Ach dá dteastódh ó dhuine ceann a chaitheamh, níor mhaith liom go ngearrfaí pionós air ach an oiread. Ach b’fhearr go mór liom nach mbeadh áit ar bith ag an gcaithréimeachas, an glóiriú ná an comóradh i gcúrsaí spóirt ach sa chás go mbíonn sé bainteach le cúrsaí spóirt amháin. Agus fiú sa chás sin níor cheart go mbeadh suatheantais i gceist.

Tá beatha James McClean i mbaol de bharr nach bhfuil sé sásta an poipín seo a chaitheamh. Tá beatha a chlainne i mbaol. Tá sé ina bhodach agus ina choirpeach agus ina sceimhlitheoir i súile mhionlaigh mhóir de lucht leanúna an tsacair thall ansin. Tá sé ina bhodach i súile an-chuid tráchtairí spóirt gan trácht ar na nuachtáin lathaí agus lear mór daoine sa saol poiblí agus polaitíochta. Níl sé seo inghlactha ar chor ar bith.

Ní bheadh an misneach agamsa, ar bhonn pearsanta, a bhfuil á dhéanamh aige a dhéanamh. Dul amach ar an bpáirc imeartha agus na sluaite daoine ag iarraidh éiric a bhaint asam, amhail is go mba ghliaire i bhFóram na Róimhe mé agus cíocras fola orthu. Tuigim dóibh siúd freisin ar leasc leo an poipín a chaitheamh ach go gcaitheann siad é ar mhaithe leis an bhfothragadh agus an fuath a sheachaint.

Agus cá seasann Cumann Peile na Breataine agus na húdaráis sacair sa chás seo? Is beag tacaíocht a thugann siad d’aon imreoir nach bhfuil sásta an poipín a chaitheamh, feictear domsa. Agus cá seasann Parlaimint na Breataine? An bhfuil siad sásta go bhfulaingeodh fear spóirt ar an dóigh seo? Cá bhfuil a chearta daonna mar shaoránach de chuid na tíre sin? An bhfuil sárú á dhéanamh orthu?

Is mór an scannal agus an tragóid é. Ní ceart go gcuirfí beatha fir spóirt i mbaol mar seo ná ní ceart pionós a ghearradh air. Cuireann an sága truamhéalach seo cearta daonna an tsaoránaigh siar leathchéad bliain ar a laghad.

Fág freagra ar 'An laoch nó bithiúnach é James McClean?'