An labhraíonn tú Polaitics?

Tá teanga dá gcuid féin ag lucht na polaitíochta, a deir ár gcolúnaí

Cartun-antain

Idir seo agus lá an olltoghcháin, cuirfear carn bileoga bolscaireachta trí bhosca na litreacha chugat, bíodh sé uait nó ná bíodh. Déanfar sciar éigin de a aistriú go canúint atá cosúil le Gaeilge. Ná bí róthrom ar aistritheoirí má chliseann orainn brí a bhaint as seoda mar putting everyone firstdelivering real change. Is é gnó an aistritheora ciall an bhuntéacs a thabhairt slán, rud is doiligh a dhéanamh má tá sé folamh ó chiall.

Bheadh trua agat fosta do na hiriseoirí Gaeilge a mbeidh acu leis an toghchán a chlúdach agus gnáthchaint na meán Béarla ina gcluasa de shíor. Fiú má tá gráin agat ar shean-nathanna mar game-changer poll-topper, caithfear a admháil go bhfuil stór focal fairsing sa Bhéarla a chuireann ar a gcumas do thráchtairí coincheapa casta a chur in iúl i mbeagán focal. Is gonta go mór transfer toxic ná ‘ní mheallfaidh siad ach fíorbheagán vótaí aistrithe’.

Is é mo thaithí féin ná go mbíonn barraíocht ómóis ag scríbhneoirí Gaeilge do fhrásaí béarlagair. Pléann muid leo amhail is gur téarmaí teicniúla iad nach ceadmhach dúinn aon dánacht a dhéanamh orthu. Seo cúpla sampla ó réimse na polaitíochta:

Is cosúil go bhfuil síleáil le tacaíocht an pháirtí.

Dearbhaíonn sé seo go raibh an rialtas ag caitheamh leis an Ghaeilge mar liathróid peile pholaitiúil.

Is é an chéad cheist atá le réiteach ná an féidir an meafar (síleáil, liathróid) a úsáid i nGaeilge. Ní hé nach bhfuil cead againn meafair a thabhairt ar iasacht ón Bhéarla – níor measadh ‘an Tíogar Ceilteach’ a bheith áiféiseach agus ghlac an pobal go fonnmhar leis. An locht is mó a bheadh agamsa ar ‘síleáil’ agus ‘liathróid’ ná nach bhfuil gá leo. Úsáidtear ceiling sa Bhéarla sa chiall ‘an leibhéal is airde is féidir a bhaint amach’ ach déanann ‘teorainn’ na Gaeilge an gnó sin go paiteanta.

Is ionann political football a dhéanamh de rud agus conspóid pholaitiúil a chruthú timpeall ar cheist nach mbaineann leis an pholaitíocht ó cheart, ag súil le buntáiste a ghnóthú. An uair amháin atá an sainmhíniú sin ann, is furasta friotal a aimsiú nach bhfuil aon bhaint aige le cúrsaí peile. Go deimhin, tá aistriúchán gleoite ar www.focloir.ie: ‘táthar ag déanamh cnámh spairne pholaitiúil as an teanga.

Cuid mhór den ábhar toghchánaíochta atá ar shuíomhanna na bpáirtithe cheana féin, ní thuigfeá choíche é gan é a rianú siar go Béarla. Geallann Sinn Féin go ndéanfaidh siad ‘téarnamh cothrom a sholáthar’– leagan aistriúcháinise de delivering a fair recovery. Cibé cruth a bheas ar an téarnamh seo, bíodh sé cothrom nó aimhréidh, ní baol d’Fhianna Fáil ligean do na Sinnéirí a gcuid féin a dhéanamh de. Geallann siadsan: ‘Coimhlint ar son na córa ar fud na tíre le linn an téarnaimh.’ Ná bí buartha mura dtig leat brí a bhaint as; ní chuige sin a cuireadh ar an suíomh é.

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'An labhraíonn tú Polaitics?'

  • Jake MacSiacais

    An deachracht le béarlagair agus leis an díoschúrsa polaitiúl I gcoitinne in Éirinn a Antaine ná go bhfuil an Ghaeilge agus an Gaelachas tréigthe a bheag nó a mhór ag lucht polaitíochta na tíre agus is i mBearla a shamhlaíonn siad an todhchaí agus is i mBéarla a ghineann siad a chuid cioncheapanna uilig. Bímísne, ar a laghad, dílis don Ghaeilge agus a gcuid Béarla agus béarlagair a fhágáil acu siúd ar suim leo é.

  • Séamas Mac Coitir

    Tá staid na Gaeilge lag go leor mar atá sí i gcoitinne, ach nuair atá béarlagair na bpolaiteoirí, agus na státseirbhíse, aistrithe focal ar fhocal go Gaeilge, ní bhíonn i gceist ach meascán mearaí gan bhun ná barr air.

    Cuireann a gcuid Gaeilge masmas agus samhnas orm ag éisteacht leo ag briotaireacht agus aisiléireacht i bhfriotal dothuigthe, a chuirfeadh fonn caca ar mhadra gan tóin!!

    Monuar géar, feictear domsa, um an dtaca seo, go bhfuil uair na cinniúna buailte linn, agus seachas an cúpla focal gágach a chloistear go hiondúil chun tús a chur le himeachtaí éagsúla, is beag feidhm a bhaintear as Gaeilge!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cluinim daoine ag cáineadh na téarmaí ‘nuachumtha’ Béarla a bhíonn a úsáid ag na meáin anois is go bhfuil trua agam do na haistritheoirí agus iad ag iarraidh Gaeilge a chur ar na focla aisteach seo.