An Ghaeltacht ag súil le deireadh a chur le scéal thaibhsí Pháirc an Chrócaigh

Níl i Lá Fhéile Pádraig 2004 ach scéal d’fhir óga na Gaeltachta agus iad ag iarraidh a marc féin a fhágáil ar stair an chumainn

An Ghaeltacht ag súil le deireadh a chur le scéal thaibhsí Pháirc an Chrócaigh

Craobh Idirmheánach Peile na hÉireann – Cluiche Ceannais
An Ghaeltacht v Gleann an Iolair – Páirc an Chrócaigh, 3.30pm (Beo ar TG4)

Ní hí an aimsir amháin a chuir drithlíní fuachta ar chuid de lucht tacaíochta na Gaeltachta agus iad ag déanamh a mbealach isteach go Páirc an Chrócaigh tráthnóna. Is iomaí lá maith a bhí ag an dream thiar sa bpríomhchathair agus glas agus ór á chaitheamh acu ach d’fhág cliseadh na Gaeltachta i gcoinne na Cealtraí dhá bhliain is fiche ó shin lorg buan ar mhórán acu.

Ba cheart taibhsí 2004 a fhágáil ar Bhóthar Mhic Sheoin tráthnóna, áfach, mar tá a scéal féin ag foireann na linne seo, scéal a bhfuil cuid den bhriseadh croí ann chomh maith ar ndóigh ach scéal ar údar bróid agus mórtais é d’aon duine atá á leanúint.

Is beag duine a cheap an t-am seo anuraidh go mbeadh séasúr na Gaeltachta 2025 fós ar siúl in Eanáir 2026 agus gur i bPáirc an Chrócaigh a chríochnódh sé.

Tar éis dhá dhrochbhliain inar chríochnaigh an chraobh don fhoireann théis cúpla seachtain, chuir an Ghaeltacht tús leis an mbliain agus gan aon bhainistíocht acu. Éanna Ó Conchúir, a bhí gortaithe ag an am, a bhí i bhfeighil na foirne don chéad bhabhta de Shraith Chiarraí Thiar.

Drochthús a déarfadh go leor ach is féidir cuid den sprid a bheadh chomh tábhachtach sin i bhfeachtas na Gaeltachta a fheiceáil sa scéal beag sin faoi cheannairí a bheith ag teacht chun cinn in am an ghátair.

Bhí an sprid le feiceáil go soiléir i mbabhtaí ceathrú ceannais an chontae. Agus iad cúig phointe chun deiridh ar Ghníomh go Leith agus an 60 nóiméad caite i nGallaros, bhí an chuma ar an scéal go raibh rás fhir na Gaeltachta rite ach rinne siad éacht chun teacht slán agus dhá scór dhá phointe aimsithe ag Cathal Ó Beaglaoich sna soicindí deireanacha.

Bhí David Clifford agus an Fosadh le sárú i gcluiche ceannais an chontae ach rinne Franz Sauerland agus a chomrádaithe chomh maith is a d’fhéadfaí smacht a choinneáil ar Pheileadóir na Bliana. Bhí na Beaglaoigh sa líne leathchúil ina laochra an lá sin. Beidh caint ar thaispeántas Bhriain, a d’aimsigh naoi bpointe sa gcéad leath, go ceann i bhfad ach léirigh an t-ógánach lena thaobh, Aodhna, a chumas an lá sin i dTrá Lí chomh maith, é ag gearradh tríd arís agus arís eile nuair a theastaigh scíth ón tsíorchosaint i gcoinne na gaoithe sa dara leath.

Bhí meirg le brath ar imirt na Gaeltachta i gcluiche leathcheannais na Mumhan i gcoinne Chora Finne agus an Ghaeltacht ag teacht chucu féin ach bhíodar tomhaiste agus ceannasach ina gcuid imeartha sa gcluiche ceannais i gcoinne Achadh Bolg agus an faobhar bainte de na Corcaígh ag sárchosaint Chian Uí Mhurchú agus Phádraig Óig Uí Shé.

Lá mór a bhí i gcluiche leathcheannais na hÉireann, an babhta céanna inar theip an Ghaeltacht in 2018, agus is beag nár thit an tóin astu arís an uair seo i bPáirc Uí Chaoimh.

Gan Brian Ó Beaglaoich, Cathal Ó Beaglaoich, Rónán Ó Beaglaoich ná Tomás Ó Sé (Dún Chaoin), bhí an fhoireann go mór faoi mhíbhuntáiste i gcoinne na Sollán as Cill Dara agus d’fhág gaiscí Ruaidhrí Uí Bheaglaoich agus sárthaispeántais ó leithéidí Adam Mac Amhlaoibh, Aidan Walsh agus Seán Ó Gairbhí go raibh an Ghaeltacht ceithre phointe chun cinn agus deich nóiméad fanta. Ach scaoileadh leis an bhfarasbarr sin agus bhí cliseadh eile i ndán dóibh agus na Solláin chun cinn agus an t-am breise nach mór thart.

Tá a fhios againn céard a tharla ansin, áfach. Fuair Éanna mór Ó Conchúir cic saor dhá phointe chun an cluiche a bhuachan agus áit a bhaint amach sa gcluiche ceannais.

An cheist mhór atá ann ná cén chaoi a bhfuil na coirp don chluiche ceannais. Bhí cuma mhaith go leor ar Bhrian Ó Beaglaoich sa 40 nóiméad nó mar sin a d’imir sé ach ní fhéadfá an rud céanna a rá faoin imreoir contae eile, Cathal Ó Beaglaoich, a tugadh isteach agus a tógadh amach arís agus é ar leathchos. Bhí Ruaidhrí Ó Beaglaoich agus Aidan Walsh ar bheirt eile a raibh orthu imeacht ón bpáirc roimh an deireadh agus miorúilt bheag a bheadh dá mbeidís uile tagtha chucu féin ar fad in achar ocht lá. Ach cluiche ceannais na hÉireann atá anseo agus má táthar in ann ar chor ar bith, feicfear iad.

Tá a scéal féin ag cleas Dhoire agus Gleann an Iolair ag ceiliúradh 100 bliain in 2025, ach ná bí ag súil go mbeidh aon chárta breithlae ag an nGaeltacht dóibh.

Tá cruthaithe go maith ag foirne Dhoire sa gcomórtas seo le blianta beaga anuas. Baile Stíl a thug an chraobh leo in 2022 agus bhain Baile an Doire cluiche ceannais na bliana seo caite amach. Sháraigh Baile Stíl agus Baile an Doire curaidh Chiarraí, na Gaeil agus Aibhistín de Staic faoi seach, sna babhtaí leathcheannais sna blianta sin, léiriú ar chaighdeán ard foirne Dhoire.

Cosúil leis an nGaeltacht, tá meascán acu idir óg agus níos sine. Chaith Eoin Bradley na blianta i ngeansaí Dhoire agus é fós ag imirt lena chumann in ainneoin go bhfuil sé 42 bliain d’aois anois. D’aimsigh sé dhá phointe sa bhua ar Bhéal na mBuillí ó Rós Comáin sa gcluiche leathcheannais ach níl aon amhras ach gurb é Ryan McNicholl an té a chaithfidh an Ghaeltacht srian a chur air. D’aimsigh an t-imreoir contae Faoi 20 2-1 an tseachtain seo caite agus 6-16 atá aimsithe aige sna sé chluiche a d’imir Gleann an Iolair ó chluiche ceannais an chontae ar aghaidh.

D’imir Néill McNicholl sa gcúl do Dhoire i mbliana ach imreoir tábhachtach é i lár na páirce do Ghleann an Iolair agus tá a lán fuinnimh freisin ag leithéidí Traglach Bradley, Cathal Hasson agus Chrissy Dempsey sa trian láir sin.

Is iad Gleann an Iolair rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí ach ná bíodh iontas ar aon duine má bhíonn cúpla casadh eile sa chúpla leathanach deireanach de scéal na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht ag súil le deireadh a chur le scéal thaibhsí Pháirc an Chrócaigh'