An gcuirfidh plean nua beocht arís i bpobal Iorras Aithneach?

B’fhéidir nach bhfuil sampla níos fearr ann de phobal imeallach tuaithe atá in aghaidh an bhalla anois ná Iorras Aithneach i nGaeltacht Chonamara

‘Why are the songs so sad?’ a fiafraíodh den chailín a bhí ag freastal sa mbeár i sráidbhaile tuaithe in Éirinn. Arsa sise go truamhéalach: ‘Maybe its because they are always going away’. Línte as ceann de mhórdhrámaí John B. Keane – Many Young Men of Twenty. Dráma a bhí ann a bhain leis an imirce sna 1950idí. Is féidir fonn a chur leis fós, ach ar bhealaí eile.

Na fir óga agus na mná óga scór blianta d’aois a d’imigh sna blianta sin – agus scaitheamh maith ina dhiaidh sin – ní raibh uathu ach jab de shaghas éigin. Ní raibh fáil ag mórán daoine ar oideachas meánscoile, ní raibh mórán de rogha oibre acu.

Tá ‘Many Young Men of Twenty’, agus mná óga scór blianta d’aois imithe as ceantracha tuaithe anois freisin. Ach is ag Coláiste atá a bhformhór imithe agus iad ag bordáil ar an scór. Níl le déanamh ach breathnú ar na táblaí a foilsíodh i nuachtán Domhnaigh an tseachtain seo caite. Ag staidéar ábhair éagsúla atá na daoine óga seo i ndeireadh na ndéaga agus i dtús na bhfichidí. Ar obair agus ar shaol atá ag teacht leis an gcineál oideachais agus oiliúna atá ag dul orthu atá compás na ndaoine óga seo dírithe. 

Beidh baint ag an gclaonadh láidir sin i dtreo oideachas tríú leibhéal leis an bPlean Cúig Bliana d’Iorras Aithneach a seoladh i gCarna an tseachtain seo.

B’fhéidir nach bhfuil sampla níos fearr ann de phobal imeallach tuaithe atá in aghaidh an bhalla anois ná Iorras Aithneach, sin é ceantar Chill Chiaráin agus Charna i bhfad siar le cósta i nGaeltacht Chonamara – 80 ciliméadar siar ó chathair na Gaillimhe. Ráta 34% den phobal atá gan jab anois agus é i measc ‘spotaí dubha’ dífhostaíochta na tíre.

Plean uaillmhianach atá sa bplean nua leis an bpobal a tharraingt as duibheagán na dífhostaíochta, a deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh. Tugtar síos go gcuirfear 150 post nua ar fáil sa bpobal in imeacht na gcúig bliana atá romhainn amach. Braitheann go leor ar fhorbairt Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, Páirc Thionsclaíochta bunaithe ar acmhainní cladaigh agus mara. Leagan Micheál Ó hÉanaigh an-bhéim ar úsáid acmhainní na mara in iarthar Chonamara, feamainn, sliogéisc, bradáin agus cineálacha eile éisc agus tionscail éagsúla taighde agus bhreisluacha a bheith ag fás timpeall ar na hacmhainní sin. Ach, tá sé ina imní ar chuid mhór den phobal, de bharr a bhfuil feicthe acu d’agóidí in aghaidh tionscail a mbíonn feilméaracht éisc bainteach leo, go gcuirfear go láidir in aghaidh Pháirc na Mara sa gcóras pleanála. Is maith an scéalaí í an aimsir, ach d’fhéadfadh sé go bhfuil rud níos bunúsaí agus níos casta ná sin ag dul ar aghaidh i saol na tuaithe, rud a bhfuil breis fianaise faighte againn le déanaí faoi.

Dúirt fear amháin liom scaitheamh ó shin gur jabanna le haghaidh an ghnáthdhuine a bhí ag teastáil in Iorras Aithneach agus i gceantracha tuaithe. Níl a fhios agam cén míniú a bheadh ag an bhfear seo ar ‘an gnáthdhuine’ in 2019 ach tugann na staitisticí is deireanaí léargas breise dúinn ar cé hé nó cé hí féin.

I mbliana chuaigh 84% de na daltaí a d’fhág Gairmscoil na bPiarsach i Ros Muc ar aghaidh go dtí an córas oideachais tríú leibhéal. Chuaigh os cionn 80% de dhaltaí Phobalscoil Mhic Dara i gCarna ar aghaidh go dtí na hinstitiúidí oideachais tríú leibhéal. ’Sé an cás céanna é ar fud na háite. I mbeagán focal, chuaigh idir 80% agus 100% de dhéagóirí Chonamara -thuaidh agus theas – ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal i mbliana. Is é an duine atá ag dul ar aghaidh go dtí na coláistí tríú leibhéal an ‘gnáthdhuine’ anois.

Murar féidir postanna atá ag teacht lena gcáilíochtaí agus a gcuid oiliúna a chur ar fáil don dream sin go háitiúil – nó sách gar don áit arb as iad – níl seans na ngrást go bhfanfaidh mórán acu ag baile. Ní ag déanamh beagáin den obair monarchan nó an obair láimhe atá mé, obair bhreá í sin ar mhórán bealaí, ach cén luí atá ag formhór na ndaoine atá gaibhte thrí choláistí leis an gcineál sin oibre, nó an mbeadh mórán acu sásta aghaidh a thabhairt uirthi mar shlí mhaireachtála?

Ar ndóigh, bheifí ag súil go dtiocfadh an oiread fáis ar thionscnaimh ar nós Pháirc na Mara agus go mbeadh réimse postanna ar fáil d’eolaithe, bainisteoirí agus lucht stiúrtha, chomh maith le hobair phróiseála agus a leithéid. Sin é an cuspóir atá ag Micheál Ó hÉanaigh agus ag Údarás na Gaeltachta.

Plean uaillmhianach agus plean dúshlánach, a deir sé, agus tá an-mholadh ag dul don Phríomhfheidhmeannach as iarraidh mhór a thabhairt faoi. Beidh siad siúd a bhfuil fuil agus mianach Iorras Aithneach iontu ag súil gur cuireadh cor chun feabhais i gcinniúint na háite nuair a seoladh an Plean Gníomhaíochta Forbartha Cúig Bliana d’Iorras Aithneach i gCarna an tseachtain seo caite agus go mbeidh go leor de na ‘Many Young Men of Twenty’ agus mná óga na linne seo in ann postanna a fheileann dóibh a fháil ina bpobal dúchais.

D’fhágfadh sin nach mbeidís ag imeacht i gcónaí.

Fág freagra ar 'An gcuirfidh plean nua beocht arís i bpobal Iorras Aithneach?'

  • Tuairisg

    Bhfuil sé tugtha faoi ndeara ag aon duine nach mbíonn mná i gceist ar chor ar bith i gcaint Coiste Jabanna? Chuile agallamh a dhéantar níl cead cainte ach ag na fir is cosúil. Seanleaids ag déanamh trua i gcónaí do na fir óga. Ar thóir jabanna go do ghnáth fhir, inis an fhírinne, ní “gnáth dhaoine”

  • Acmhainní an phobail ar díol

    Má choinníonn muintir Iorras Aithnigh greim ar na hacmhainní nádúrtha, cois cladaigh agus sa bhfarraige atá timpeall urthu beidh todhchaí ag an bpobal. Má dhíoltar na hacmhainní sin le comhlachtaí idirnáisiúnta ar nós Acadian ó Cheanada srl ní bheidh ach borradh beag gearthéarmach in ann don cheantair.