An Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath a bhíonn ag obair le Paddington agus Kenneth Branagh

Eagarthóir físe agus Gaeilgeoir í Úna Ní Dhonghaíle. Bhronn An British Film Editors Society gradam uirthi le deireanas as an éacht atá déanta aici in earnáil na heagarthóireachta físe. Labhair sí le Tuairisc

An Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath a bhíonn ag obair le Paddington agus Kenneth Branagh

Eagarthóir físe ealaíonta í Úna Ní Dhonghaíle agus súil ghrinn aici don scéalaíocht ar scáileán. Tá obair déanta aici ar réimse leathan scannán agus sraitheanna teilifíse, ina measc Three Girls, arbh í Nicole Taylor a scríobh agus Phillipa Lowthorpe a stiúir. Bronnadh gradam BAFTA ar Úna as Three Girls. D’oibrigh sí freisin ar an scannán Belfast le Sir Kenneth Branagh, agus Paddington in Peru, scannán a tháinig amach i mbliana, a ghnóthaigh áit ar ghearrliosta don eagarthóireacht di sna gradaim IFTA le deireanas.

Thaitin an obair sin go mór léi agus an-mholadh aici do léiritheoirí Paddington in Peru – Rosie Alison, Rob Silva, Ron Halpern agus Dan McCrea – agus do Dougal Wilson a stiúir.

Bhronn an British Film Editors Society (an BFE) Gradam ‘Cut Above’ uirthi i mbliana, as éacht thar na bearta in earnáil na heagarthóireachta físe. Cumann oinigh gan bhrabús is ea an BFE d’eagarthóirí scannán agus teilifíse. Seo é an chéad bhliain ag an eagraíocht an gradam nua seo a bhronnadh agus é d’aidhm aige aitheantas a thabhairt do dhaoine a bhfuil obair mhór déanta acu ar son na hearnála i gcoitinne. Is é Kenneth Branagh a bhronn an gradam uirthi ag an ócáid bhronnta.

“Bhí ríméad orm nuair a thug an BFE an gradam seo dom, mar is gradam é a thagann ó do chomhghleacaithe agus a thugann aitheantas don obair atá déanta agat don earnáil. Tá sé dochreidte gurb é seo an chéad ghradam dá leithéid agus gur thug siad d’Éireannach é.

“Nuair atá mé anseo bím i gcónaí ag iarraidh cabhair a thabhairt do dhaoine eile. Thug mo thuismitheoirí an creideamh sin dom féin is do mo dheartháireacha, tá an saol an-ghearr agus caithfidh muid uilig cabhrú lena chéile.”

Caitheann Úna a saol idir a stiúideo sa mbaile i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil cónaí uirthi lena fear agus a gclann, agus ag taisteal dá cuid oibre anonn go Londain.

Bíonn sí ag iarraidh tacú le daoine óga atá ag tosú amach i gceird na heagarthóireachta.

“Bíonn mé i gcónaí ag iarraidh an doras a oscailt mar is mise an chéad duine sa gceird seo i mo chlannsa agus buaileann mé le daoine a bhfuil an stair sin ina gclann, ach domsa ní raibh sé agam.

“Bhí orm oibriú an-dian ach bhí an t-ádh liom gur bhuail mé le daoine an-deas ar thaitin mo chuid oibre leo. Teastaíonn uaim an cúnamh sin a thabhairt ar aghaidh do dhaoine eile an méid agus is féidir liom.”

Rugadh agus tógadh í i mBaile Átha Cliath, áit ar tógadh le Gaeilge í. Chuir a muintir béim mhór ar thábhacht na Gaeilge agus ar an ngníomhaíocht phobail agus í ag fás aníos.

“Is as an Tuaisceart ó dhúchas m’athair agus b’as an gCabrach mo mháthair agus chuaigh sí go Scoil Chaitríona. Nuair a rugadh mise agus mo dheartháireacha chuaigh mo thuismitheoirí isteach le tuismitheoirí eile agus bhí siad go léir bainteach i bhforbairt Scoil Naithí agus Coláiste Íosagáin, tá muid uilig fós an-mhór lena chéile. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh deis ag páistí oideachas a fháil trí Ghaeilge,” a deir sí.

Chaith sí ceithre bliana i ndiaidh na hArdteiste in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar Shráid Aungier áit a ndearna sí staidéar ar scannánaíocht, stiúrthóireacht agus ceamaradóireacht. Theastaigh uaithi leanúint ar aghaidh lena cuid oideachais ina dhiaidh sin agus chuala sí faoi chúrsa nua sa National Film and Television School i Beaconsfield i Sasana.

“Bhí orm rogha a dhéanamh idir stiúrthóireacht agus eagarthóireacht. Dá ndéanfainn stiúrthóireacht bheadh orm rogha a dhéanamh cén seánra raibh mé ag iarraidh díriú air. Ach dá roghnóinn eagarthóireacht bheinn ábalta obair a dhéanamh i seánraí éagsúla, só phioc mé eagarthóireacht agus bhí mé ag obair ar scannáin bheochana ar dtús.”

Bhí 500 duine istigh ar áit ar an gcúrsa sin ach ní fhaigheann ach seisear an deis an cúrsa a dhéanamh gach bliain. Bhí Úna ar dhuine den seisear sin agus ba í an chéad Éireannach a rinne an cúrsa. Tá an scéalaíocht an-tábhachtach di, tréith a cheapann sí a tháinig óna hóige, agus bíonn sí i gcónaí ag iarraidh obair a dhéanamh ar thograí a bhfuil scéal láidir ag baint leo.

“Chothaigh mo thuismitheoirí, agus Coláiste Íosagáin chomh maith, meas ar na healaíona ionam. Bhí daoine ag casadh ceoil agus ag canadh sa scoil agus bhí na hábhair sin chomh tábhachtach céanna leis an mata agus an fhisic.

“Ceapaim go bhfaigheann gach duine a n-áit féin sa saol má ligtear dóibh agus caitheann muid an oiread sin ama ag obair go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh tú in ann an t-áthas a chothú i do chuid oibre.”

D’inis sí scéal a hathar sa scannán faisnéise The Invisible Man (2015), togra a ndearna sí eagarthóireacht air agus a chomhstiúir sí leis an stiúrthóir Georg Misch as an Ostair. Bronnadh gradam IFTA don eagarthóir is fearr uirthi sa mbliain 2016 as an obair a rinne sí ar an tsraith.

Tá an scannán faisnéise, a craoladh ar RTÉ1 sa mbliain 2015, bunaithe ar an éalú a rinne a hathair as Príosún Shráid Chromghlinne i mBéal Feirste Lá Nollag 1960. Gearradh téarma príosúnachta 10 mbliana ar a hathair, Danny Donnelly, agus é 18 mbliana d’aois, as a bhallraíocht san IRA.

Bhí ceithre bliana den téarma sin déanta aige nuair a d’éirigh leis éalú as an bpríosún, rud a spreag ceann de na tóraíochtaí ba mhó riamh i stair na hÉireann. Níor éirigh leo greim a fháil air agus sa scannán faisnéise tugann siad cuairt arís ar na háiteanna a ndeachaigh sé agus é ar a theitheadh agus chas siad arís ar chuid de na daoine a thug tearmann dó.

“Toisc scéal m’athar, agus toisc go raibh mé i mo dhalta i scoil lán-Ghaelach, bhí muid i gcónaí ag déanamh staidéar ar an stair agus scéalta cearta sibhialta. Bhí tionchar mór aige sin orm i mo shaol.”

Sa mbliain 2018 bhuaigh sí duaiseanna BAFTA, IFTA agus WIFTA as an obair a rinne sí ar an mionsraith teilifíse Three Girls inar insíodh scéal coscrach a bhaint le hionsaithe gnéis ar chailíní óga i Rochdale i Sasana.

“Ceapaim go bhfuil na scéalta sin i mo chnámha agam. Bím i gcónaí meallta ag scéalta a thugann guth do dhaoine atá gan ghuth. I gcás Three Girls rinne na cailíní sin an-iarracht a scéal a insint agus níor creideadh iad.

“Nuair a bhí mé ag obair ar an scannán sin bhí sé de phribhléid agam bualadh leo, agus chuaigh sé sin go croí ionam. Bhí siad thart ar 13 bliana d’aois nuair a tharla na heachtraí, agus bhí siad 23/24 bliana d’aois nuair a chas muid leo.”

Bhí an obair sin an-tábhachtach di.

“Thóg muid na focail ar fad atá le cloisteáil sna radharcanna cúirte go díreach ó thras-scríbhinní an cháis cúirte féin. Bhí sé thar a bheith tábhachtach nach mbogfaí na focail timpeall, go mbeadh muid fírinneach san insint is go bhfeicfí na rudaí a dúradh i gcoinne na gcailíní sa gcás cúirte. Bhí muid ag iarraidh é sin a thaispeáint, an bhiogóideacht institiúideach.”

Bhí tionchar ag an obair agus an mhionsraith sin ar na mná iad féin. Deir Úna gur dhúirt na mná leo go raibh imní mhór orthu go mbeadh daoine ina n-aghaidh nuair a chraolfaí an clár, ach is é a mhalairt a tharla.

“Nuair a craoladh an clár bhí na mná ag seoladh téacsanna chugainn ina dhiaidh agus dúirt siad go raibh siad an-bhuartha roimh ré go mbeadh an lucht féachana ina gcoinne ach is é an grá agus an tacaíocht a léirigh daoine dóibh. Dúirt siad go raibh ualach imithe dá ndromanna agus go raibh siad in ann bogadh ar aghaidh lena saol. Tá an saol an-ghairid agus mar sin bím ag iarraidh scéalta mar seo a insint.”

Scéal spreagúil a bhí idir lámha aici agus í ina heagarthóir ar an scannán Disney Young Woman and the Sea a stiúir Joachim Rønning.

Insíonn an scannán, a tháinig amach in 2024, scéal Gertrude Ederle, an chéad bhean a shnámh trasna Mhuir nIocht, éacht a bhain sí amach sa mbliain 1926. Meiriceánach a bhí inti agus iníon le hinimirceach as an nGearmáin a tháinig go Nua-Eabhrac ag tús an chéid seo caite. Pléann an scannán téamaí a bhaineann leis an imirce, le cearta na mban agus deiseanna do dhaoine faoi mhíchumas.

Scéal dearfach atá á insint sa scannán Paddington in Peru, scannán teaghlaigh atá ann agus an t-eagrán is deireanaí in eachtraíocht an bhéirín bhig a thosaigh sa leabhar A Bear Called Paddington le Michael Bond, a foilsíodh den chéad uair sa mbliain 1958.

Scríobh Bond 29 leabhar eile ina dhiaidh sin faoin mbéirín céanna agus tá an carachtar tugtha go dtí an scáileán mór le blianta beaga anuas agus glúin nua páistí ag baint spraoi as na scéalta.

Is é Paddington in Peru an tríú scannán sa tsraith nua seo agus tá go leor aicsin agus láithreacha difriúla sa scannán, chomh maith le héifeachtaí speisialta. Deir Úna gur bhain sí an-taitneamh as a bheith ag obair ar an scannán agus go raibh sé speisialta freisin mar gur aithin a páistí féin an carachtar.

Bhí suim aici sa scéal ar dtús mar gheall ar an ngné a bhaineann le scéal na n-imirceach sa scannán. Filleann Paddington ar a áit dúchais i bPeiriú sa scannán seo, agus cé gur scéal spraíúil spórtúil é do lucht féachana óg, teagmhaíonn sé freisin le téamaí a bhaineann le cúrsaí imirce, ábhar atá go mór i mbéal an phobail ar fud an domhain.

Chuir sí suim sa gcuid sin den scéal mar gur Éireannach í féin a bhfuil go leor dá saol oibre caite aici ag taisteal do chúrsaí oibre.

“Baineann scéal Paddington in Peru cuid mhaith le saol an inimircigh agus bhí bá agam leis an scéal sin. Is Éireannach mise a bhfuil formhór mo shaol oibre caite agam thar lear, i Londain cuid mhaith, cé go bhfuil cónaí orm i mBaile Átha Cliath i gcónaí. Scéal dearfach atá sa scannán seo agus teachtaireacht mhaith ann maidir le comhoibriú agus tacú lena chéile.

“Is breá liom scannáin a bhfuil teachtaireacht mhaith iontu. I saol an lae inniu tá na teachtaireachtaí sin an-tábhachtach,” a deir sí.

Fág freagra ar 'An Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath a bhíonn ag obair le Paddington agus Kenneth Branagh'