Bhain an grianghraf ar scáileán mo ríomhaire an anáil díom.
Ba iad ansin romham ina steillbheatha iad, Rik agus Graciel, beirt phríomhcharachtar an úrscéil a bhí idir lámha agam le breis agus ocht mbliana anuas, iad ina seasamh ar thrá sa Bhrasaíl.
I ngrianghraf a chruthaigh aip atá bunaithe ar an intleacht shaorga (AI.)
Méar aisteach amháin as an áireamh, ba dheacair aon difríocht a fheiceáil idir an íomhá a bhí os mo chomhair agus grianghraf mar a thuig muid an coincheap sin go dtí le gairid: pictiúr glactha le ceamara.
An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm: an chaoi nach mbreathnaíonn an bheirt san íomhá sa dá shúil ar a chéile, an chaoi a léiríonn staidiúir a gcorp an dinimic eatarthu san úrscéal go beacht. Agus an dlaoi mhullaigh: ceo na mara, chomh brionglóideach, chomh brónach, lán saudade.
Ach níor éirigh leis an intleacht shaorga ar an bpointe boise.
Ceacht sciobtha dóibh siúd nár bhain úsáid go fóill as aip a chruthaíonn íomhánna ag baint úsáid as an intleacht saorga: bíonn ort ‘leid’ a scríobh, cur síos i bhfocail ar a dteastaíonn uait agus nach dteastaíonn uait a fheiceáil sa phictiúr.
‘Breathnaíonn fear (38, Ísiltíreach, gruaig fhionn ghearr, Speedo dearg) agus fear eile (30, Brasaíleach dubh, gruaig Afro ghearr, brístí sacair dubha) ar a chéile ar thrá thréigthe, an ghrian ag spalpadh. Coimhthíos. Ardchaighdeán’ an leid a bhí agam – i mBéarla, óir ní labhraíonn an aip ginte íomhánna a d’úsáid mé (DreamUp, de chuid an ardáin ealaíne ar líne DeviantArt) ach Béarla. ‘Barraíocht matán’ an ‘leid dhiúltach’ a bhí agam. Bíonn an diabhal ar aipeanna a bhíonn bunaithe ar an intleacht shaorga ag dul thar fóir, agus íomhá réalaíoch a theastaigh uaimse.
Ealaín ann féin atá ann, leid a scríobh d’aip ginte íomhánna, agus minic go leor ní fhaigheann tú a mbíonn uait ar an gcéad iarracht. Sular tháinig DreamUp aníos leis an íomhá thuas, bhí an aip tar éis cúpla dosaen leaganacha a chruthú nach ndearna cúis, cúpla íomhá scáfar ina measc ina raibh cos sa bhreis ar dhuine den bheirt.
Ach d’aimsigh an grianghraf thuas an marc.
D’aimsigh sé an marc chomh maith sin nach bhfuil ag éirí liom, maidin inniu, níos lú ná 12 uair an chloig ó cruthaíodh an grianghraf sin, príomhphearsana m’úrscéil a fheiceáil i m’aigne ar aon bhealach eile.
Rud atá sách scanrúil, má chuimhníonn tú gur mhair siad i mo cheann ar feadh breis agus ocht mbliana, gur bhunaigh mé a ndreach agus a bpearsantacht ar cheathrar nó cúigear arb ann dóibh san fhíorshaol (mé féin ina measc) agus gur chaith mé uaireanta fada an chloig ag sclábhaíocht os cionn an mhéarchláir ag iarraidh cur síos a dhéanamh díreach i gceart ar fhéachaint áirithe, ar mhiongháire áirithe.
Tá a fhios agam, is fiú míle focal pictiúr. Ach is léir gur fiú míle focal pictiúr saorga, leis – agus chuir sé sin ag machnamh mé.
Agus dá mbeadh an grianghraf sin agam ocht mbliana ó shin, nuair a chuir mé tús le m’úrscéal? Ceist áiféiseach, cinnte – sa bhliain 2016, níorbh ann d’aipeanna a chruthaíonn íomhánna ag baint úsáide as an intleacht saorga. Ach dá mbeadh, an ndéanfadh sé an próiseas scríbhneoireachta níos éasca, nó an gcuirfeadh sé srian le mo shamhlaíocht?
An dá rud, b’fhéidir.
Bheadh sé áisiúil dá mbeadh portráid AI agam de gach duine de mo chuid carachtar, íomhá chartlainne a bhféadfainn breathnú uirthi gach uair a dteastódh uaim cur síos a dhéanamh ar dhreach, ar fhéachaint nó ar mheangadh éigin. Lena chois sin, ní ann san fhíorshaol do na daoine in íomhánna AI-ghinte agus dá bharr sin ní féidir leo a chur i do leith gur phéinteáil tú pictiúr gránna díobh i d’úrscéal.
Ach ag an am céanna ceapaim go gcuirfeadh a leithéid de phortráid AI srian le mo shamhlaíocht, nó ar a laghad ar bith go stiúrfadh sé mo shamhlaíocht i dtreo áirithe. Agus b’fhéidir go mbeadh uaireanta fada a d’fhéadfainn a chaitheamh i mbun pinn curtha amú agam ag útamáil le haip nach ndéanann a bhfuil uait i gcónaí, ag iarraidh teacht ar íomhá a bheadh díreach ceart.
An t-aon bhealach amháin le fáil amach, gan dabht, ná triail a bhaint as i mo chéad thogra scríbhneoireachta eile, agus b’fhéidir go bhfaighinn amach nach bhfuil sa rud seo ar fad ach seanphróiseas faoi chruth nua. B’ann i gcónaí do scríbhneoirí a rinne sceitsí dá gcuid carachtar ficseanúil – le peann luaidhe nó le gualach atá i gceist agam anois, seachas i bhfocail – agus b’fhéidir nach bhfuil sna haipeanna a ghineann íomhánna ag baint úsáide as an intleacht shaorga ach uirlis áisiúil do scríbhneoirí nach bhfuil bua na líníochta acu.
Fág freagra ar 'An fiú míle focal pictiúr AI?'