An fhírinne faoin gcúlstop á seachaint ag Rialtas na hÉireann

Ní foláir dul go Londain chun tuiscint cheart a fháil ar chur chuige Rialtas na hÉireann i leith an Bhreatimeachta…

An fhírinne faoin gcúlstop á seachaint ag Rialtas na hÉireann

Foilsíodh aiste an-tábhachtach le déanaí mar gheall ar an tsáinn ina bhfuil an Ríocht Aontaithe agus polasaí ait Rialtas na hÉireann i leith na sáinne sin.

Paul Bew, an staraí cáiliúil agus ball neamhspleách de Theach na dTiarnaí, a scríobh an páipéar taighde do Policy Exchange. What do we want from the next Prime Minister?is teideal dó.

Is ait an rud nár foilsíodh an páipéar seo in Éirinn, ach sa lá atá inniu ann ní foláir dul go Londain chun tuiscint cheart a fháil ar chur chuige Rialtas na hÉireann.

Ba chóir éisteacht leis na hargóintí atá déanta ag Bew san aiste seo. Molann sé go dtabharfadh an chéad Phríomh-Aire eile sa Bhreatain droim láimhe leo siúd a deir go dtitfidh Comhaontú Aoine an Chéasta as a chéile má bhíonn maoirseacht ar bith ar siúl ar an teorainn idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart na hÉireann (“[ba chóir] briseadh ón smaoineamh míréadúil nár cheart srianta éifeachtacha teorann ar bith, agus leis an áiteamh áiféiseach go mbainfí an bonn den GFA [Comhaontú Aoine an Chéasta] má dhéantar seiceálacha ar bith, is cuma cén áit a dhéantar iad”).

Theip ar rialtas May go huile is go hiomlán, dar le Bew, na contúirtí a bhaineann leis an gcúlstad féin a thuiscint i gceart. Ba chóir don Phríomh-Aire nua cur síos a dhéanamh ar an gcoimhlint idir an cúlstad agus Comhaontú Aoine an Chéasta féin. (“Agus theip air [Rialtas May] dóthain airde a thabhairt ar na fíorshaineolaithe ar Thuaisceart Éireann – daoine a bhí lárnach sa phróiseas síochána ina measc – a rinne cur síos ar an mbaol a bhaineann leis an gcúlstad do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus do chobhsaíocht Thuaisceart Éireann amach anseo”.) Cad is brí leis an argóint seo? De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is é an tionól áitiúil i mBéal Feirste an institiúid atá i gceannas ar an gcomhoibriú polaitiúil agus eacnamaíochta idir an dá stát ar an oileán s’againne. Tá an tionól in Stormont i gcroílár an chonartha.

Tagann an cúlstad salach ar stádas an tionóil mar sciobann sé uaidh an chumhacht sin agus tugann sé ceannas don Aontas Eorpach ar an gcomhoibriú thuaidh-theas. 

Ach cad mar gheall ar mhaíomh na Roinne Gnóthaí Eachtracha s’againne go bhfuil práinn ar leith ag baint leis an gcúlstad chun an tsíocháin ar an oileán ar fad a chosaint? Ní ghlacann Bew leis an méid sin, agus deir sé go raibh bagairtí ann ó pharaimíleataigh éagsúla roimh 2016. Agus is cuma leis na grúpaí seo fén mBreatimeacht i ndáiríre. Fiú dá bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach ar feadh céad bliain eile, bheadh na grúpaí seo den tuairim go bhfuil an ceart acu daoine a dhúnmharú. (“Tá sé tugtha le fios ag Rialtas na hÉireann go bhfuil béim leagtha acu ar an gceist seo mar go mbaineann sí le cosaint na síochána. Maíomh é seo a bhfuil an-amhras ina thaobh. Bhí ag treisiú ar an mbagairt ó easaontóirí poblachtacha roimh an mBreatimeacht agus ní stadann siad ach ag argóint nach ndéanann an Breatimeacht aon difríocht dá bhfeachtas.”).     

B’fhearr leis an Taoiseach agus an Tánaiste dearmad a dhéanamh d’aon ghnó ar na difríochtaí tábhachtacha praiticiúla idir an dá stát ar an oileán seo atá le feiscint gach lá le fiche bliain anuas. Ní teorainn dhofheicthe atá againne ach an oiread. Tá córas airgeadra difriúil i bhfeidhm sa dá stát, an euro agus sterling, chomh maith le dhá chur chuige éagsúil ó thaobh cáin bhreisluacha.

An bhfuil freagra ar bith ag Rialtas na hÉireann ar na hargóintí san aiste thábhachtach seo?

Fág freagra ar 'An fhírinne faoin gcúlstop á seachaint ag Rialtas na hÉireann'