An fear nach bhfuil aon ‘jab’ aige a cheannaigh teach ar €1.25 milliún

Thriail fear óg jabanna éagsúla i dtionscal na hanamúlachta ach níor éirigh leis an gcineál oibre a bhí uaidh a fháil agus tar éis cúig bliana d’fhág sé chun a bhealach féin a dhéanamh…

An fear nach bhfuil aon ‘jab’ aige a cheannaigh teach ar €1.25 milliún

Tháinig an col ceathrar ag an dinnéar lá nó dhó roimh an Nollaig. Ní raibh sé feicthe againn le fada. Tógálaí, fear a bhíonn ag obair as féin, atá ann. Agus aon uair a casadh orainn é le blianta beaga anuas, ba ag déanamh jabanna beaga fánacha a bhíodh sé – pláistéireacht nó pluiméireacht ar scála beag.

Ba léir go raibh rudaí ag dul go maith dhó. ‘Coinnithe ag imeacht,’ mar a deir an ceann eile. Níl aon suim aige sna forbairtí móra tógála atá an-choitianta na laethanta seo thart ar Bhaile Átha Cliath. Go deimhin, thart orm féin anseo, ní chuireann sé iontas ar dhaoine níos mó nuair a fheiceann siad na céadta árasán agus roinnt tithe galánta á dtógáil ar shuíomh a raibh aon seanteach ársa amháin ann uair amháin. Agus iarracht á déanamh ainm ‘traidisiúnta Gaelach’ a thabhairt air. ‘Ard na Glaise’ an ceann is deireanaí a chonaic mé.

Bhí tuairimí suimiúla aige faoi úinéirí na dtithe a mbíonn sé ag obair dóibh. ‘Tá mé in ann a dhéanamh amach ar an bpointe cén sórt oibre a bhíonn ar bun acu,’ dúirt sé.

‘Déanaim amach go bhfuil trí aicme úinéireachta thart anseo,’ a dúirt sé.

‘Aithním ar an bpointe nuair a théim isteach i dteach, cén aicme lena mbaineann siad.’

Cheap mé féin go ndéarfadh sé gurb iad lucht na teicneolaíochta, an dream atá ag obair sna comhlachtaí móra Meiriceánacha is airde a bheadh ar an scála aige.

‘Ní hiad is airde,’ a dúirt sé, ‘cé go bhfuil siad ard go maith.’

Ach mhaígh sé gurb iad an dream proifisiúnta a oibríonn mar abhcóidí, mar dhlíodóirí, mar chuntasóirí agus comhairleoirí gnó a bhaineann leis an aicme is airde ar fad. ‘Ina dhiaidh sin, sa dara haicme, bíonn an dream atá ag obair i réimse na teicneolaíochta – agus aithním iad sin as an leagan amach a bhíonn ar a gcuid tithe agus as na giuirléidí leictreonacha a bhíonn acu.’

Fúthu sin ansin, tá an ghnáth-aicme úinéirí. Caithfidh siad a bheith réasúnta maith as, le go mbeidh tithe acu aon áit i mBaile Átha Cliath, ach ní bhíonn aon chosúlacht idir a gcuid tithe siúd agus tithe an ‘bharr-aicme.’

Ach casadh duine air le gairid a fuair an ceann is fearr ar an teoiric sin. Cara leis – fear sna caogaidí a casadh air agus a d’inis dhó go raibh teach deas, nua as an bpíosa, ceannaithe ag a mhac.

Chuir sin iontas ar an gcol ceathrar. Ní raibh an mac a bhí i gceist ach sna luath-thríochaidí. Agus de réir na tuairisce a bhí ag a chara, bhí teach ar luach thart ar €1.25 milliún ceannaithe ag an bhfear óg seo.

‘Cén jab atá ag do mhac?’ a d’fhiafraigh sé den fhear eile. Bhreathnaigh an fear eile síos ar a bhróga, ag tabhairt le fios go raibh sórt náire air faoin mac. ‘Bhuel, níl aon phost aige, i ndáiríre,’ a dúirt sé. ‘Aon phost ceart, ba chóir dhom a rá,’ ar seisean.

‘Níl mé in ann a rá cén teideal atá ar a chuid oibre,’ dúirt sé. ‘Ach amanta, tugtar influencer air.’

Pé ar bith scéal é, tá an fear óg seo tar éis a chuid ioncaim ón obair a dhéanann sé a dhúbailt gach bliain le ceithre bliana anuas. Bhí mé ag déanamh amach nach ag tabhairt poiblíochta d’uachtar cnis a bhí sé.

Tar éis na scoile dhó, d’fhreastail sé ar an gColáiste Ealaíne i nDún Laoghaire. Tá an-cháil ar an gcúrsa anamúlachta ansin – go deimhin, is as an gcoláiste sin a tháinig go leor de na céimithe a chuir comhlachtaí cáiliúla anamúlachta ar bun le blianta beaga anuas.

Ach chinn ar an bhfear óg seo post sa gcuid chruthaitheach den tionscal a fháil in aon cheann acu. Thriail sé jabanna éagsúla sa tionscal ach níor éirigh leis an gcineál oibre a bhí uaidh a fháil agus tar éis cúig bliana d’fhág sé chun a bhealach féin a dhéanamh.

Bhíodh suim aige sna cluichí ríomhaireachta i gcónaí agus cheap a athair nach raibh tada ar siúl aige thuas staighre ach é ag útamáil leis na cluichí sin. Am amú, a cheap sé, agus cineál imní air.

Lá amháin, chuir an fear óg a thráchtaireacht féin le ceann de na cluichí agus chuir ar líne é. Ní raibh sé ach ag pleidhcíocht, ar bhealach. Ach thaitin sé thar cionn le daoine. Nuair a d’éirigh sé an mhaidin dár gcionn bhí chuile dhuine ar líne ag rá leis go raibh tuilleadh ag teastáil uathu.

Cúig bliana dár gcionn, tá 1.5 milliún duine á leanacht ar a chainéal YouTube féin.

Sa lá inniu, cuireann sé cluichí ar siúl a mbíonn sé féin mar charachtar iontu. Taitníonn sé sin thar cionn lena lucht leanta. Is dócha go gcuidíonn a thaithí i ngnó na hanamúlachta go mór leis – ní hé gach éinne a bheadh in ann cluiche a shamhlú, a ghlór féin a chur leis, a chur ag gníomhú agus a chainéal YouTube féin a thosú agus luach saothair a bhaint as sin uilig.

Ní hin é an scéal ina iomláine ach oiread. Anois tá réimse earraí – figiúirí beaga bunaithe ar na cluichí, éadaí agus earraí eile a bhfuil a bhranda féin orthu, tugtha amach aige. ‘Merch’ a thug a athair air seo. Tá an t-ioncam ag méadú i gcónaí.

D’iarr mé ar an gcol ceathrar a inseacht dom cén chaoi a n-aimseoinn an cluiche nó an branda ar líne. Ní raibh sé iomlán cinnte ach thug leid dhom faoin ainm. Níor thóg sé i bhfad orm é a aimsiú. Ba léir gur rud mór, a bhí aitheanta go hidirnáisiúnta, a bhí ann. Ní bheinn féin in ann bun ná barr a dhéanamh de ach ní ormsa atá sé dírithe.

Nach mór an mhaith nach bhfuair sé an post a bhí uaidh an chéad lá? Ach fuair sé taithí luachmhar ar an gceird cé nach raibh a fhios aige go dtabharfadh sé luach saothair maith dó san am a bhí le teacht.

Agus lá éigin amach anseo beidh a athair in ann a rá go paiteanta cén sórt ‘jab’ atá ag a mhac. Agus ar a laghad ní bheidh sé thuas ina sheomra beag codlata ag útamáil leis an ríomhaire agus ag cur ama amú.

Fág freagra ar 'An fear nach bhfuil aon ‘jab’ aige a cheannaigh teach ar €1.25 milliún'