Fágann an tseachtain atá ann go bhfuil sé tráthúil go dtáinig mé trasna ar thagairt d’insealbhú Abraham Lincoln mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe i leabhar atá á léamh agam faoi láthair.
Níl baint ná páirt ag an leabhar chéanna* le cúrsaí polaitíochta. Cur síos atá ann ar an gcaoi go dtáinig sé sa saol gur maith le daoine agus le lúthchleasaithe áirithe an méid struis agus pionóis agus is féidir a chur ar a gcuid colainneacha – iad siúd a dtugtar ‘Ultra-Reathaithe’ orthu.
Idir 56k -160k atá sna rásaí a ritheann siad – níos faide scaití. Bíonn cuid acu ar siúl i ngaineamhlaigh, ceann eile sna Himiléithe agus neart acu le fáil san Artach.
Níl aon chall duit an tír seo a fhágáil beag ná mór ach an oiread le teacht orthu. Tá neart ama agat a bheith aclaí faoin am a dtiocfaidh ceann Chonamara (63km) théis na Cásca, nó más gearr leat é sin beidh rás níos faide ann (160km) faoi Lúnasa.
Ná ceap ar feadh meandair ach an oiread gur faisean nua-aoiseach a leithéidí mar nach bhfuileadar ach in áit na leathphingine i gcomórtas leis na gaiscí a rinne Edward Payson Weston a bhfaca mise a ainm sa leabhar, fear a rugadh in Providence, Rhode Island in 1839.
Agus é ag ól deoch le cara dá chuid le linn toghchán uachtaránachta a thíre sa mbliain 1860, bhí an bheirt ag argóint faoi cé acu den cheathrar a bhí san iomaíocht a thiocfadh i gcumhacht. Ní raibh Weston ag tabhairt seans ar bith d’Abraham Lincoln agus chuaigh chomh fada sa scéal gur dhúirt go siúlfadh sé an bealach ar fad as Bostún go Capitol Hill in Washington (769km) sa gcás nach raibh an ceart aige.
Ní raibh ar ndóigh. Fuair Lincoln leathmhilliún vóta níos mó ná an t-iarrthóir ba ghaire dó agus tacaíocht i níos mó ó státaí ná an triúr eile in éineacht.
Ní raibh ag Edward ach péire nua buataisí láidre a cheannacht.
Ar chéimeanna Theach an Stáit i gceartlár Bhostún, ag tarraingt ar a haon a chlog san iarnóin, an Aoine an 22 Feabhra 1861, a thóg sé an choisméig ba thúisce dá thuras 478 míle. Bhí sé mar sprioc aige ceann cúrsa a bhaint amach deich lá dár gcionn go bhfeicfeadh sé Lincoln á insealbhú.
Bhí beirt fhear agus carráiste á leanacht an bealach ar fad lena chinntiú nach mbeadh aon tséitéireacht i gceist agus le athrú éadaí agus greim beatha a choinneáil leis nuair ba ghá. Scaipeadar ábhar bolscaireachta feadh an bhealaigh ag súil le cuid den chostas a ghlanadh. Bhí roinnt tacaíochta airgid faighte ón gcomhlacht Grover & Baker Sewing Machine agus measadh go maithfeadh an phoiblíocht a bhí á fáil ag Weston an chuid ba mhó de na billí óstais eile.
I mbaile Framingham, beagán taobh amuigh de Bhostún bhailigh slua ban óg ina thimpeall á phógadh agus d’iarr air na póga sin a sheoladh chun cinn chuig an Uachtarán. Ní baileach go raibh siad chomh ceanúil céanna air in Worcester i lár Massachusetts, áit ar ghabh na póilíní é gur íoc sé seanfhiacha a bhí air sa mbaile.
Seachas sin, cuireadh fáilte chroíúil roimhe mórán chuile áit eile, cé gur lean gadhar nó dhó é agus gur iompaigh sé ar a rúitín sa sneachta sular bhain sé Nua-Eabhrac amach, 5 lá tar éis dó Bostún a fhágáil.
Ó dheas de sin, in Trenton NJ, a rinne sé an codladh ab fhaide dá thuras – beagnach 6 huaire an chloig as a chéile. Ar shroichint an óstáin in Philadelphia dó, dhiúltaigh sé dul san ardaitheoir agus bhain a sheomra amach de shiúl a chos.
Ba i ndorchadas na hoíche a rinne sé an t-aistear go Baltimore agus tráthnóna an 4 Márta, shroich sé ceann scríbe.
Ní fhéadfá gan trua a bheith agat dó – bhí an t-insealbhú thart le cúpla uair an chloig.
Mar sin féin, ní fhéadfá a rá nach mba dhuine stuifiúil é Edward Payson Weston. Bhí oiread fanta ann agus gur fhreastail sé ar an mBál Insealbhaithe an oíche sin. Ansiúd cuireadh in aithne don uachtarán nua é. Thairg seisean an costas a bhainfeadh leis an turas abhaile a sheasamh. Dhiúltaigh Edward ar an gcuntar nár shroich sé an áit in am agus dúirt go siúlfadh sé abhaile freisin!
Agus é spreagtha de bharr a raibh bainte amach aige, chaith Weston an chuid eile dá shaol mar lúthchleasaí gairmiúil.
Ba iomaí coimhlint a bhí idir é agus fear darbh ainm Daniel O’Leary, a rugadh i gCloich na Caoilte in 1841 agus a chuaigh ar imirce chuig na Státaí agus é naoi mbliana déag.
Deir siad go raibh 300,000 siúlta ag an Laoghaireach faoin am ar bhásaigh seisean in Los Angeles i 1933 – leath de sin i gcomórtais ar fud an domhain. Bhí sé 66 bliain d’aois nuair a shiúil sé míle bealaigh chuile gheábh ar fhógair an clog an uair – 1,000 fógairt as a chéile.
Bhí Weston ceithre bliana lena chois sin i 1909 nuair a siúil seisean as Nua-Eabhrac go San Francisco in imeacht 104 lá.
*The Rise of the Ultra Runners, Adharanand Finn (Guardian Faber 2020)
Fág freagra ar 'An fear a shiúil 478 míle go dtí insealbhú Lincoln'