An draoi Aaron Sorkin os cionn a bhuille le scéal seachtar Chicago

Saothar cumasach, taitneamhach é ‘The Trial of the Chicago 7’ a thugann faoi scéal corraitheach le sollúntacht agus le greann é

An draoi Aaron Sorkin os cionn a bhuille le scéal seachtar Chicago

The Trial of the Chicago 7
Scríbhneoir/Stiúrthóir: Aaron Sorkin
Cliar: Eddie Redmayne, Alex Sharp, Sacha Baron Cohen, Jeremy Strong, John Carroll Lynch, Yahya Abdul-Mateen, Mary Rylance, Joseph Gordon-Levitt, Ben Shenkman, Frank Langella, Noah Robbins, Danny Flaherty, Michael Keaton

Tá comharthaí sóirt Aaron Sorkin le feiscint ar fud an tsaothair seo: an chruinneshamhail liobrálach, idéalachas, carachtair chaithiseacha, dheisbhéalacha agus carúil is sáiteáin á gcaitheamh ar dalladh. Ní haon iontas go n-aithneoimis comharthaí sóirt scríbhneoireacht Sorkin óir gurb é an ceardaí céanna a bhí ar an bpeann do A Few Good Men (1992), The West Wing (1999 – 2002), The Social Network (2010), Moneyball (2011) agus a thuilleadh scannán is sraitheanna eile nach iad; saothair atá neadaithe i scioból samhlaíochta an lucht féachana.

An tionscnamh seo an dara huair aige taobh thiar den cheamara (Molly’s Game in 2017 an chéad gheábh aige). ‘Sí an chamastaíl, fothragadh agus seó bóthair cúirte a bhain leis an Chicago 7 a tharraingíonn sé chuige féin an uair seo.

Léiríonn an t-ábhar cartlainne ag tús an scannáin an chorraíl a bhí i Meiriceá na seascaidí: Cogadh Vítneam faoi lán seoil agus an coinscríobh is an t-ár ag cur eagla agus an ghoimh ar dhaoine, Bobby Kennedy agus Martin Luther King curtha den saol agus an teannas ciníoch chomh holc is a bhí sé riamh. Grúpaí éagsúla ag dul i mbun na hagóidíochta i gcoinne an chogaidh, na bunaíochta an chiníochais agus pé rud a bheidh agat féin.

I 1969 tugadh seachtar os comhair cúirte agus é curtha ina leith go gcuadar i mbun comhcheilge le círéibeacha a chur sa tsiúl ag coinbhinsiún náisiúnta na nDaonlathach in Chicago an bhliain roimhe sin. Bhí Nixon i gcumhacht faoin tráth sin agus fuair an pobal, go háirithe iad siúd ar an eite chlé, boladh na polaitíochta agus na camastaíola ar an bpointe.


 

Ag tús an scannáin címid an tArd-Aighne nua ag cur iachall ar an dlíodóir Richard Schultz (Gordon-Levitt) cás gan dealramh, gan bhunús a thógaint

i gcoinne an tseachtair. An pholaitíocht seachas an fhianaise a roghnaíonn an seachtar.

Meascán mearaí de charachtair iad an seachtar seo ach iad aontaithe ina gcuid feachtasaíochta i gcoinne Chogadh Vítneam.

Tá Tom Hayden (Redmayne) agus Rennie Davis (Sharp) i gcampa amháin; cuma mheasúil orthu is iad ag cur díobh go béasach. Tá Abbie Hoffman (Baron Cohen) agus Jerry Rubin (Strong) in eagraíocht fhrithchultúir; iad tógtha le drugaí agus bualadh craicinn. Ansin tá Tadhg an mhargaidh, David Dellinger, fear a bhí ina dhiúltóir coinsiasa i rith an Dara Cogadh Domhanda. Thíos i dtóin an phaca tá John Froines (Flaherty) agus Lee Weiner (Robbins); beirt ná feadar canathaobh a bhfuilid i measc na bpiardaí mór agóidíochta eile.

“Seo duaiseanna Oscar na hagóidíochta agus táim sásta go bhfuaireas  ainmniúchán,” a deir Weiner go seanbhlastúil ag pointe amháin. Cuirtear abhaile orainn níos faide anonn gur “roghnaíodh” iad siúd le go bhféadfaí iad a shaoradh arís, rud a dhéanfadh níos éasca é an chuid eile a chiontú.

Is fé na dlíodóirí bochta William Kunstler (Rylance) agus Leonard Weinglass (Shenkman) atá sé smacht éigin a choimeád ar an seachtar seo agus gach re sea acu lena chéile agus leis an mbreitheamh; fear a bhfuil an chuma air go bhfuil sé siabhránach claonta agus mí-oiriúnach don chúram.

An ghné is aite, agus is náirí b’fhéidir, den seó bóthair ná go raibh ceann feadhna na Black Panthers, Bobby Seal (Abdul-Mateen) os comhair cúirte chomh maith. An t-ochtú duine den ghrúpa seachtair; fear ar bheag a aithne ar an gcuid eile agus fear nach raibh ach ceithre uair an chloig in Chicago lá na gcíréibeacha. I radharc suaite náireach amháin tá sé ceangailte don chathaoir agus gobán ina bhéal.

Mar is dual do Sorkin tá teannas, deisbhéalaíocht agus greann sna míreanna cúirte. Déantar polaitíocht agus corraíl na tréimhse a chur abhaile gan sinn a bhá sna mionsonraí. Cé go gcuirtear Schultz inár láthair mar dhuine báúil, ní bhíonn riamh aon dabht inár n-aigne cé hiad na laochra agus na bithiúnaigh. Meitheal bhreá aisteoirí bailithe le chéile; Baron Cohen agus Langella ag baint súp as a róil, léiriú caolchúiseach ó Redmayne agus Rylance go mór os cionn a bhuille.

Saothar cumasach, taitneamhach a thugann fé scéal corraitheach le sollúntacht agus le greann.

Fág freagra ar 'An draoi Aaron Sorkin os cionn a bhuille le scéal seachtar Chicago'