An ‘Donaldanna’ beaga Trump atá muid a thógáil nó cainteoirí muiníneacha Gaeilge? 

B’fhearr go mbeadh foclóir leathan Gaeilge ag ár bpáistí, rud a chuideos leo iad féin a chur in iúl go láidir

An ‘Donaldanna’ beaga Trump atá muid a thógáil nó cainteoirí muiníneacha Gaeilge? 

Go dtí gur iarr togra foclóireachta Fhoras na Gaeilge orm labhairt faoi riachtanais foclóireachta an tuismitheora mar chuid dá siompóisiam ar an fhoclóireacht le gairid, ní shílim gur thuig mé i gceart an oiread is atá mé ag brath mar mháthair ar an fhoclóir.

Tá muid inár sclábhaithe ag an aistriúchán. 

Seachas google.ie déarfainn gurb iad focloir.ie agus teanglann.ie na suíomhanna is mó a mbainim leas astu gach aon lá. Bíonn muid i gcónaí ag aistriú, corruair i ngan fhios dúinn féin, ar ár son féín nó ar son ár gcuid páistí. Ach má shíleann muid go bhfuil muidinne mar dhaoine fásta go holc, samhlaigh caidé mar atá ár gcuid páistí – an chéad ghlúin eile de chainteoirí dúchais Gaeilge.

Cé gur cainteoir dúchais Gaeilge mé féin, beidh mé ar an chéad duine a admhós nach bhfuil sí agam chomh maith is a ba mhaith liom. Deirim seo ar an ábhar go dtuigim ón chur amach atá agam ar theangacha eile a fhoghlaim, go bhfuil difear mór idir teanga a bheith agat ó dhúchas agus í a bheith go hiomlán ar do thoil agat nó líofa. Ceist eile ar ndóigh an chiall a bhaintear go coitianta anois as an fhocal ‘líofa’ – ní shílim gur ionann mo chiallsa den fhocal agus ciall daoine eile.  Rinne mé Fraincis agus Gearmáinis sa mheánscoil; tá céim san Iodáilis agus sa Fhraincis agam agus chaith mé tréimhsí sna tíortha sin.  Sílim mar sin go bhfuil tuigbheáil mheasartha agam ar an chiall atá le líofacht agus an dóigh a mbaintear amach é.

Tá mé á rá seo uilig mar chomhthéacs ar an dúshlán atá i gceist le teaghlach a thógáil le Gaeilge agus le tábhacht an fhoclóra.

Caidé tá i gceist le páiste a thógáil le teanga? Dar liomsa go gciallaíonn sé a chinntiú go bhfuil an páiste ábalta é féin a chur in iúl go hiomlán ina theanga dhúchais, agus cur síos ar a chuid smaointe, agus a chuid mothúchán uilig. Cinntíonn tú mar thuismitheoir go bhfuil an foclóir ag an pháiste le cur síos ar gach aon rud thart air – mar shampla, a chuid éadaí, a chuid bréagán, an trioc uilig sa teach, na gléasraí nó na huirlisí nó na hacraí uilig i dtarraiceáin agus i bpriosanna na cistine.

Caithfidh páiste a bheith ábalta cur síos ar a chorp – gach aon chuid de. Is minic san am a caitheadh, a chonaic muid nach raibh na focail ag páistí le cur síos ar an dóigh ar gortaíodh iad nó fiú ar ionsaíodh iad. Cén chuid den chos a buaileadh, a scríobadh, a gearradh, a leonadh, a gortaíodh? An í an ladhar, an bonn, an chéim, an tsáil, an troigh nó an murnán a scríobadh? Nó an í an lorga, an colpa, an ioscaid, an ghlúin, bearád na glúine, an mhás, an leis, nó an scoróg a gortaíodh?

Caidé fá na baill ghiniúna? Cén uair dheireanach a rinneadh iarracht oideachas caidrimh agus collaíochta a theagasc i gceart i nGaeilge dár gcuid páistí? Céard iad na focla nádúrtha dúchasacha a bheir muid daofa le cur síos ar na baill ghiniúna – an bhfuil an focal bod, magairlí, gabhal, tóin, pluca srl againn le cur síos ar na baill seo, gan trácht ar na focla canúnacha is deise? Búdalaí a bhí againne ar an bhall fearga inár bpáistí ag fás aníos i nGaoth Dobhair ach tá sé na blianta ó chuala mé é.

Agus díol trua an ghirseach bheag nach bhfuil ábalta a rá leat go gcaithfidh sí a gnoithe a dhéanamh – dhul chuig an leithreas. Tóin an focal ginearálta atá ag páistí anois le trácht ar gach aon áit idir an scoróg agus an choim – amhail is go raibh náire ag baint leo. Díth foclóra seachas aiféaltas is cúis leis, sílim féin.

Tá sé tábhachtach go mbeadh gach aon chuid den chorp ar fáil san fhoclóir. Chomh maith le teasáras a chur ar fáil, creidim go bhfuil géarghá le forbairt a dhéanamh ar an Fhoclóir Bheag. Go dtí go ndéanfar sin beidh muid féin agus ár gcuid páistí inár sclábhaithe ag an aistriúchán, ag síordhearbhú téarmaí agus focail in éadan an Bhéarla seachas a bheith ag cur lenár stór focal.

I ndiaidh an iomláin, an ‘Donaldanna’ beaga Trump atá muid ag iarraidh a thógáil nach mbeidh acu amach anseo ach líon teoranta ainmfhocla, briathra, agus aidiachtaí? Nó an bhfuil muid ag iarraidh go mbeadh foclóir leathan acu, rud a chuideos leo iad féin a chur in iúl go láidir, muiníneach, agus go mbeidh meas acu orthu féin agus meas dá réir sin ag daoine eile orthusan?

Fág freagra ar 'An ‘Donaldanna’ beaga Trump atá muid a thógáil nó cainteoirí muiníneacha Gaeilge? '

  • Peadar

    Seo alt gur fiú a dhíriú ar an Roinn Oideachais. Gaidé atá sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta do na páistí chun an Trumpachas a sheachaint? Lean sin suas Shorcha!

  • Colin Ryan

    An t-alt is ciallmhaire a léigh mé faoin ábhar seo le fada an lá. Bímis buíoch de na foclóirí breátha Béarla-Gaeilge atá againn, ach tar éis an tsaoil fágtar sinn i muinín an aistriúcháin ar a lán slite – i.e. i muinín teanga eile. Sin fadhb a eascraíonn go nádúrtha as cás na Gaeilge mar atá sí anois, agus cuideoidh sí le fás crióil, fiú dá mbeadh súil agat go bhfágfadh an Béarla lorg éigin ar an nGaeilge.

  • Ruth

    An-alt. An ceart ar fad agat!

  • Ciarán

    Tá mé ag foghlaim fós ach sílim go bhfuil mé ag deanamh niós mó dul chun cinn nó go cinntigh mé an foclóir beag a usáid in ionad an foclóir gaeilge- bearla. Seo mír ón doiciméad taighde anseo > https://barrdotheanga.wordpress.com/caibidil-6-concluid-moltai/6-6cen-tabhacht-ata-le-focloir-mor-aonteangach/
    “Is é tuairim an taighdeora ón taithí a fuarthas go dtí seo i réimse an aistriúcháin go gcailltear ciall san aistriúchán go minic tríd a bheith ag smaoineamh trí Bhéarla agus go bhfuil comhréir na Gaeilge nádúrtha á chailleadh mar gheall air freisin. Measann an taighdeoir go gcuideodh foclóir aonteangach le smaointeoireacht leanúnach a dhéanamh trí Ghaeilge, agus le comhréir na teanga nádúrtha a chleachtadh go rialta.”