An dlí sáraithe ag an Seanadóir Brian Ó Domhnaill ina éilimh ar chostais – tuarascáil SIPO

Gníomhartha ‘tromchúiseacha’ déanta ag an Seanadóir Gaeltachta agus ní ‘de mheon macánta’ a rinne sé iad ach ‘chun an toradh airgeadais ab fhearr ab fhéidir a bhaint amach’, a deir SIPO

An dlí sáraithe ag an Seanadóir Brian Ó Domhnaill ina éilimh ar chostais – tuarascáil SIPO

Sháraigh An Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Brian Ó Domhnaill an dlí nuair a d’éiligh sé agus nuair a ghlac sé le costais taistil agus chothaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta ar ócáidí éagsúla sa bhliain 2006, de réir cinneadh atá déanta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO).

I dtuarascáil atá foilsithe ag an gCoimisiún inniu, deirtear gur “ag an leibhéal ab airde” a sháraigh an Seanadóir Gaeltachta as Dún na nGall an tAcht Rialtais Áitiúil agus an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus gur “d’aon turas” a sháraigh an Seanadóir an reachtaíocht ar na hócáidí atá i gceist.

Thug an Coimisiún le fios gur tugadh aird ar “na mínithe difriúla a thug an Seanadóir Ó Domhnaill ar a ghníomhartha” sular cinneadh gur d’aon turas a rinne sé na gníomhartha a bhí curtha ina leith agus gur “nithe tromchúiseacha” a bhí iontu.

Rialaigh an Coimisiún nach bhféadfaidís glacadh leis “gur ghníomhaigh an Seanadóir Ó Domhnaill de mheon macánta” maidir leis na gníomhartha a sháraigh an reachtaíocht.

Bhí an Seanadóir Ó Domhnaill ina bhall de Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus d’Údarás na Gaeltacht ag an tráth gur lorg sé agus gur ghlac sé le costais taistil agus chothaithe “go mícheart” ón dá eagraíocht stáit le freastal ar chruinnithe éagsúla a bhí ar siúl ar na laethanta céanna i gcontaetha Dhún na  nGall, Mhuineacháin agus Lú.

Dúirt an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí gur faoi Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus/nó faoi Údarás na Gaeltachta atá sé “na bearta cuí a dhéanamh” chun na suimeanna airgid atá i gceist a aisghabháil toisc nach bhfuil aon aisíocaíocht déanta i leith na gcostas a d’éiligh an Seanadóir Ó Domhnaill.

Comhairle Chontae Dhún na  nGall a rinne gearán foirmiúil leis an gCoimisiún faoin Seanadóir Ó Domhnaill tar éis do dhuine anaithnid gearán a dhéanamh leis an údarás áitiúil féin faoi chostais “dúbailte” a bheith faighte ag an iarchomhalta de chuid an Údaráis agus den Chomhairle Contae le freastal ar ócáidí a bhí ag teacht salach ar a chéile.

Cuireadh ina leith gur éiligh sé agus gur ghlac sé le híocaíochtaí le freastal ar Chomhdháil Bhliantúil Chumann Comhairlí Contae is Cathrach 2006 ag Óstán Fairways, Dún Dealgan, Co. Lú an 9, an 10 agus an 11 Márta 2006 don Chomhairle Contae ach gur íocadh costais leis ón Údarás chun freastal ar chruinniú de chuid Chomhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall i Leitir Ceanainn ar an 10 Márta 2016.

Cuireadh ina leith freisin go bhfuair sé costais ón gComhairle Contae le freastal ar Sheimineár Oiliúna de chuid an Fhorais Riaracháin i gCarraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin, ón 26 go dtí an 27 Aibreán 2006 agus ón Údarás le freastal ar chruinniú de chuid Chomhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall i Leitir Ceanainn le linn na tréimhse céanna.

Bhain an tríú héileamh le costais le freastal ar Chomhdháil maidir leis an turasóireacht mhuirí i gCairlinn, Co. Lú, ón 30 Bealtaine go dtí an 1 Meitheamh 2006, don Chomhairle Contae agus le freastal ar imeacht de chuid Chomhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall ar an gClochán Liath, Co. Dhún na nGall d’Údarás na Gaeltachta ar an 31 Bealtaine 2006.

Dhiúltaigh an Coimisiún d’argóint an tSeanadóra Uí Dhomhnaill “nárbh éilimh chostais dhúbailte iad na héilimh” a rinne sé agus é ag maíomh gur “dhá éileamh ar leith iad a cuireadh faoi bhráid dhá chomhlacht phoiblí dhifriúla agus a d’eascair as dátaí difriúla”.

Níor ghlac an Coimisiún ach an oiread le hargóintí a rinneadh thar ceann an tSeanadóra “gur bhotúin ionraice nó theagmhasacha a bhí san fhaisnéis mhícheart a bhí tugtha ar a bhfoirmeacha éilimh”. Tarraingíonn an Coimisiún aird ina thuairisc “ar an bpatrún taobh thiar den fhaisnéis mhícheart” a cuireadh os a gcomhair  agus deirtear “gur ghníomhaigh an Seanadóir Ó Domhnaill ar bhealach chun an toradh airgeadais ab fhearr ab fhéidir a bhaint amach”.

“Tugann na hadmhálacha éagsúla ón Seanadóir maidir lena bhotúin le fios go raibh a fhianaise míshásúil agus go raibh easpa inchreidteachta uirthi,” a deirtear i dtuarascáil SIPO.

Suim €2,045.60 san iomlán a bhí i gceist leis na héilimh a rinne an t-iarchomhalta de chuid Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta.

Tugadh le fios dhá mhí ó shin go raibh beagnach €350,000 caite ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) ag fiosrú cás Uí Dhomhnaill. Bhain tromlach an airgid sin le táillí dlí ach bhain €13,200 le haistriúchán mar gur éiligh an Seanadóir go n-éistfí a chás trí Ghaeilge.

Dúirt an Coimisiún gur chun a “leas féin ó thaobh airgeadais de” a bhí na botúin, a mhaígh an Seanadóir Ó Domhnaill a bhí déanta aige, ina éilimh ar chostais i ngach cás.

 

Fág freagra ar 'An dlí sáraithe ag an Seanadóir Brian Ó Domhnaill ina éilimh ar chostais – tuarascáil SIPO'