An-deacair an lámh in uachtar a fháil ar Chill Chainnigh

Má tá aon seans le bheith ag Baile Átha Cliath caithfidh siad srian a choimeád ar TJ Reid a deir ár gcolúnaí

Pictiúr: INPHO Tommy-Grealy
Pictiúr: INPHO Tommy-Grealy

Cad é mar chúig lá thábhachtacha atá amach romhainn don iomáint i mBaile Átha Cliath. Anocht casfaidh an fhoireann shinsir ar Chill Chainnigh agus ar an gCéadaoin tiocfaidh foireann faoi 21 na hIarmhí ar cuairt chuig dún iomána na hardchathrach agus Páirc Parnell. 

Bhíos an-tógtha leis an taispeántas a thug imreoirí faoi 21 Átha Cliath i gcoinne Loch Garman deich lá ó shin. Bhíodar eagraithe, lán de spiorad, agus an chuma orthu go raibh a lán déanta acu i mbliana.

Sheas beirt imreoirí amach – Eoghan O’Donnell agus Seán Treacy. Thug O’Donnell ardtaispeántas in ealaín na cosanta. Bhí ról sainiúil aige chun príomhscórálaí Loch Garman, Conor Mc Donald a choimeád faoi smacht agus rinne sé é sin go paiteanta agus ba mhinic a tháinig sé chun tosaigh é féin agus an sliotar ina sheilbh aige. 

Chaith Treacy geansaí uimhir a haon déag agus d’fhormhór an chluiche bhí sé lárnach i ngach rud dearfach a rinne tosaithe na foirne. 

Ach cad é mar bhua a bhí ag an Iarmhí le déanaí nuair a chuireadar Cill Chainnigh go tóin poill agus tá a fhios againn go léir nach minic a tharlaíonn sin nuair a bhíonn cluiche iomána ag aon ghrád idir an dá chontae.

Mar sin rachaidh  siad go Baile Átha Cliath lán de dhóchas agus muinín. Ach caithfidh go bhfuil an buntáiste ag an bhfoireann baile agus iad i ndiaidh curaidh an chúige le trí bliana anuas a bhualadh. 

Tá naonúr den painéal faoi fhiche a haon ag traenáil leis an bhfoireann shinsir agus beirt (O’Donnell agus Shane Barrett) ag tosú anocht i bPáirc de Mórdha. 

Beidh dúshlán mór rompu ansin agus iad i gcoinne Chill Chainnigh. Tá buntáiste amháin ar a laghad acu agus sin go bhfuil cluiche craoibhe imeartha acu. Ach is dócha gurb é sin an t-aon bhuntáiste.

Agus céard faoi Chill Chainnigh féin i mbliana? Chuir siad críoch lag go leor leis an tsraith, tá Richie Hogan gortaithe agus amhras ann faoi Michael Fennelly. Caithfidh nach bhfuil a lucht leanúna chomh cinnte dóibh féin agus a bhíonn siad de ghnáth  in aghaidh Bhaile Átha Cliath.

Tá caint ann go mbeidh na Cait faoi bhrú i mbliana. Níl aon dabht ach go bhfuil an roth ag casadh agus nach bhfuil siad chomh láidir agus a bhíodar cúig bliana ó shin. Ach scríobhadh fógraí báis dóibh cheana agus bhí ar na meáin na fógraí céanna a tharraingt siar agus na Cait ag buachan  bliain i ndiaidh bliana. 

Ceapann na geallghlacadóirí gurb amhlaidh an scéal ag na meáin i mbliana. Dar leo go mbuafaidh Cill Chainnigh go héasca anocht. 

Ceapaim féin go bhfuil seans réasúnta ag Baile Átha Cliath. Ach fós n’fheadar an bhfuil a ndóthain imreoirí láidre, díograiseacha, maithe acu chun bob a bhualadh ar na Cait.

Má tá aon seans le bheith acu, caithfidh siad srian a choimeád ar TJ Reid. Más féidir leo é sin a dhéanamh, tá seans acu. Ach sin dúshlán mór agus ní héasca é a dhéanamh.

An imreoidh siad cosantóir sa bhreis? Is dócha go mbeidh orthu sin a dhéanamh ón tús lena chinntiú nach mbeidh a bport seinnte roimh leath ama, rud a tharla i gcoinne na Gaillimhe anuraidh. 

I ndeireadh an lae, beidh sé an-deacair an lámh in uachtar a fháil ar Chill Chainnigh.

Theastódh sciorta maith den ádh ó fhoireann Ger Cunningham chun an ceann seo a bhuachan. Ní dóigh liomsa gur leo a bheidh an lá.

Fág freagra ar 'An-deacair an lámh in uachtar a fháil ar Chill Chainnigh'

  • padraig

    An ceart ag na geallghlacadoiri a dearfainn, deanfaidh na Cait spior spear de na Jeaicini. Agus faoi mar a deir John is e an Riadach an Cat par excellence .i. imreoir eachtach sciliuil, ciocrach, cliste, laidir neamheaglach agus leamh osrealaioch aige ar an imirt. Agus dala a lan des na Cait fear uasal iseal ann fein. Cad as a dtagann an mianach sin? An o Achtanna Chill Chainnigh a shiolraionn se nuair a deineadh imirt na hiomana a thoirmisc ar na Gaill ach – i bhfianaise a mbionn d’ainmneacha Gallda ar fhoirne na gCat i gconai – is leir gur lean cuid acu a himirt ina ainneoin sin? I ‘Sceal na hIomana’ deir an t-udar gurb e an piarda mor sa cheantar a chaitheadh isteach an sliotar sna cluichi i gCC, fiu’s. Agus machairi meithe go rabach acu lena n-imirt dar ndoin. Beidh Coidia an-shasta nach bhfuil lucht na mean dirithe orthu chomh mor ceanna i mbliana leis. Bhiodar ana-chiuin go nuige seo -mar is dual doibh- aris i mbliana agus ligeadar dos na lucha a bheith ag rince idir an da linn.