An Daingean agus Cill na Martra tríd go dtí cluichí ceannais peile na Mumhan

Tháinig an dá fhoireann Ghaeltachta i gcraobhacha na Mumhan slán ó choimhlintí géara ach briseadh croí a bhí i ndán do Naomh Conaill i mbabhtaí leathcheannais Uladh

An Daingean agus Cill na Martra tríd go dtí cluichí ceannais peile na Mumhan

Darragh O'Sullivan. Pictiúr: ©INPHO/Laszlo Geczo

Beidh dhá chumann ó cheantair Ghaeltachta na Mumhan ag imirt i gcluichí ceannais an chúige an mhí seo chugainn agus buanna stairiúla ag peileadóirí an Daingin agus Chill na Martra an deireadh seachtaine seo.

Tá áit bainte amach ag Daingean Uí Chúis i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na Mumhan tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar churaidh Thiobraid Árann, Tráchtálaithe Chluain Meala inné, 0-13 in aghaidh 0-10.

D’fhan an Daingean i Luimneach an oíche roimh ré chun an turas go Durlas a dhéanamh níos giorra ach níor chuir na Tráchtálaithe fáilte chroíúil rompu i Staid Semple agus coimhlint ghéar, chrua a bhí ann. Ocht n-uaire a bhí na foirne ar comhscór ach ba iad an Daingean ba láidre a chríochnaigh agus a thug an svae leo. Bhí Cluain Meala pointe chun tosaigh ag leath ama, 0-5 in aghaidh 0-4, ach luigh an Daingean isteach ar an obair sa dara leath.

Ba é Dylan Geaney is mó a rinne gaiscí scórála don Daingean. D’aimsigh an mac léinn ollscoile cúig phointe ón imirt le linn an chluiche agus an cumas sin a spreag Jack O’Connor chun é a thabhairt isteach ar phainéal Chiarraí á léiriú aige. Beirt atá i bhfad níos faide le foireann an chontae a chinntigh an bua, áfach, agus an dá scór deireanach sa chluiche aimsithe ag Paul Geaney agus Tom O’Sullivan chun Cluain Meala a chur de dhroim seoil faoi dheireadh.

Barry O’Sullivan. Pictiúr: ©INPHO/Laszlo Geczo

Casfaidh an Daingean anois ar Ghleann Bearcháin as Corcaigh sa chluiche ceannais faoi cheann cúpla seachtain agus iad ag iarraidh Craobh Shinsir na Mumhan a bhuachan den chéad uair, 20 bliain ó d’éirigh leis an nGaeltacht a bheith ar an gcéad chumann Gaeltachta a rinne an gaisce sin.

Beidh ionadaithe ag Corcaigh i gcluichí ceannais na craoibhe sinsir, idirmheánaí agus sóisir i mbliana. Beidh Cill Mhuire ag imirt i gcluiche ceannais na sóisear i ndiaidh a mbua ag an deireadh seachtaine ach ba é gaisce Chill na Martra sa Chraobh Idirmheánach is mó suim do mhuintir na Gaeltachta agus fir Mhúscraí tagtha aniar aduaidh ar Bhaile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge.

Bua 0-13 in aghaidh 0-10 a bhí ag Cill na Martra ar an Domhnach agus slua mór bailithe go Páirc Uí Chuana don chluiche in aghaidh sheaimpíní Chiarraí.

Is annamh a bhuailtear foirne na Ríochta sa chomórtas áirithe seo agus 15 den 19 craobh roimhe seo buaite ag cumainn as Ciarraí, rud a léiríonn an t-éacht a rinne Cill na Martra.

D’fhág imirt mhaith ó na Corcaígh sa chéad leath agus go háirithe ó chosantóirí na foirne go rabhadar 0-6 in aghaidh 0-4 chun tosaigh ag an mbriseadh ach tháinig Baile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge ar ais go láidir ag tús an dara leath agus ceithre phointe as a chéile aimsithe acu.

D’aimsigh Micheál Ó Deasúna, a bhí tugtha isteach mar ionadaí, cúpla scór tábhachtach do Chill na Martra ansin chun iad a chur ar an mbóthar ceart arís ach níor lig Baile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge dóibh bearna a chur idir na foirne. Pointe amháin chun tosaigh a bhí Cill na Martra agus gan fágtha ach cúpla nóiméad ach chinntigh dhá scór ó Mhaidhcí Ó Duinnín i dtreo an deiridh gurbh iad fir na Gaeltachta a bheadh ag dul ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais in aghaidh Mhungairit Naomh Pól as Luimneach faoi cheann coicíse.

Ó thuaidh, ní raibh an lá le Naomh Conaill i gCraobh Shinsir Peile Uladh agus an ceann is fearr faighte ag an nGleann orthu tráthnóna Dé Sathairn, 0-10 in aghaidh 1-6.

Ba í an fhoireann as Doire, seaimpíní na bliana seo caite, rogha láidir na coitiantachta don chluiche seo agus ba iad a d’aimsigh na chéad trí phointe sa chluiche ach, mar is dual dóibh, thug na Conallaigh faoin dúshlán go díocasach ina dhiaidh sin agus thug cúpla scór ó Chiarán Thompson agus ceann eile ó Ethan O’Donnell ar ais sa choimhlint iad.

Bhí siad chun tosaigh den chéad uair luath sa dara leath nuair a scóráil John O’Malley cic éirice agus bhí na foirne gob ar ghob as sin go deireadh. Chuir Stevie O’Gara an Gleann chun cinn in am breise ach fuair AJ Gallagher ceann do Naomh Conaill chun iad a thabhairt ar ais ar comhscór sa 63ú nóiméad. Ar an drochuair do na Conallaigh, bhí dóthain ama fágtha ag Emmet Bradley le scór gleoite a fháil chun áit sa chluiche ceannais a bhaint amach don Ghleann don tríú bliain as a chéile.

Fág freagra ar 'An Daingean agus Cill na Martra tríd go dtí cluichí ceannais peile na Mumhan'