An Coimisinéir Gaeilge ag staonadh ó phlé le lucht frith-Ghaeilge

Deir Pól Deeds go bhfuil deireadh déanta aige le lucht frith-Ghaeilge atá ag iarraidh sochaí an Tuaiscirt ‘a tharraingt siar go dtí an Mheánaois’

An Coimisinéir Gaeilge ag staonadh ó phlé le lucht frith-Ghaeilge

Tá cinneadh déanta ag Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt Pól Deeds gan plé a thuilleadh le lucht frith-Ghaeilge.

D’éirigh easaontas roimhe seo idir an Coimisinéir nua agus leithéidí Jamie Bryson, gníomhaí dílseach atá frith-Ghaeilge.

“Tá mé ag an phointe sin. Tá cuid daoine ag rá gur chaith mé barraíocht ama ag plé leis na daoine seo, ach bhí mé ag iarraidh cúpla pointe a dhéanamh I dtaca leis na daoine siúd.”

Dúirt Deeds le Tuairisc go bhfuair sé comhairle “an-láidir” ó shaineolaí cumarsáide “neamhaird iomlán a thabhairt don cheist sin ar fad”.

“Sílim go bhfuil an ceart aige. Tá obair le déanamh agam. Tá lucht éisteachta ag na daoine sin [leithéidí Bryson] agus cé nach bhfuil lucht éisteachta s’acu ag dul áit ar bith níl sé ag fás.

“Is cuma faoi na daoine sin. Is daoine iad atá ag iarraidh polaitíocht s’againne a choinneáil gangaideach. Atá in éadan achan rud atá liobrálach nó nua-aimseartha. Is daoine iad seo atá ag iarraidh muid a tharraingt siar mar shochaí go dtí an Mheánaois. Níl mé buartha fúthu chun an fhírinne a rá.”

Deir Deeds go mbíonn sé deacair neamhaird a dhéanamh orthu siúd atá i gcoinne na Gaeilge, ach go bhfuil ag éirí leis.

“Tá mé i ndiaidh cloí leis ó bhí mí Dheireadh Fómhair ann. Sílim gur sheol mé cúpla tvuít. Níl oifigeach margaíochta againn. Tá muid i ndiaidh duine a fhostú an tseachtain seo.

“Bhí mé gan urlabhraí ar bith ó fógraíodh mo cheapachán agus tá na daoine seo ag déanamh ionsaí orm ó shin. Rinne duine éigin in san oifig comhaireamh ar na tvuíteanna a chuir Jamie Bryson amach agus chuir sé níos mó ná 90 tvuít amach ó fógraíodh mo ceapachán, fúmsa, faoin oifig agus faoin nGaeilge.

“Tá muid faoi ionsaí. Tá cleachtadh agam air, agus, mar a deirim, chuir mé cúpla rud amach agus ní bheidh mé ag rá rud ar bith eile. Ní fiú plé leo.”

Dúirt an Coimisinéir Gaeilge go raibh comhairle mhaith ag LeasChéad-Aire Thuaisceart, Emma Little-Pengelly, dó.

“Sa chomhrá a bhí agam leis an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire cúpla seachtain ó shin, tharraing mé an cheist seo agus bhí foláireamh sláintiúil ag an LeasChéad-Aire dom; dúirt sí gur chóir dom cuimhneamh nach bhfuil freasúra don Ghaeilge agus do na mionteangacha ag teacht óna leithéid amháin.

“Níl sé ag teacht ó dhaoine ar Twitter amháin. Tá fíor-imní ar chuid daoine sa phobal Protastúnach, Aontachtach Dílseach. Tá fíorbhuairimh ag cuid daoine sa phobal sin. [Tá] cuid acu aineolach, [tá] cuid acu buartha fá chuid de na teachtaireachtaí a tháinig amach thar na blianta.”

Mhol Emma Little-Pengelly dó plé leo sin a bhfuil “fíor-bhuairimh” acu i leith na Gaeilge.

“Ba mhaith liom sin a dhéanamh agus sin an fáth a bhfuil mé ag dul i mbun bearta for-rochtana leis an Ord Oráisteach, mar shampla, leis na bannaí Dílseacha, le daoine eile sa phobal PAD.

“Tá súil agam go mbeidh mé ábalta plé leo ach na daoine eile seo a bhfuil na cosa curtha i dtaca acu, atá in éadan na Gaeilge, beag beann ar caidé a deirim nó beag beann ar cé a bhuailim leo, ní bheidh mé ag plé leis an aineolas sin amach anseo. Tá barraíocht oibre le déanamh agam.”

Bíonn formhór mór na ndaoine a chastar ar an gcoimisinéir nua “dearfach” faoina chuid oibre.

“Taobh amuigh den scaifte an-bheag ar na meáin shóisialta a bhíonn ag síorthabhairt amach, cuid acu, ar an drochuair, atá sa saol polaitiúil fosta, cosúil le cúpla ball den TUV, taobh amuigh de sin achan uile áit a dtéim agus achan uile dhuine a labhraím leo, bíonn siad dearfach oscailte.”

Ní ghéillfidh sé, a deir Deeds, don dream nach bhfuil aon dul chun cinn uathu.

“Sílim go bhfuil muid i réimse úr. Tá na daoine eile seo ag iarraidh muid a tharraingt siar ach níor éirigh leo. An oifig a bheith bunaithe, an dlí a bheith i bhfeidhm, na cumhachtaí a bheith agam, soláthar foirne agus buiséad a bheith agam.

“Sin an rud a bheireann dóchas domh chomh maith leis an atmaisféar úr sin ó thuaidh.”

Tá tábhacht ar leith le teachtaireacht an dóchais a chur amach, a deir sé.

“Tá sé tábhachtach é sin a chur amach mar in achan chomhrá a bhíonn agam le hiriseoirí, agus tuigim daoibh, luaitear ainm an duine sin [Jamie Bryson], mar tá sé chomh glórach.

“Tugtar ardán dó an oiread sin agus tá an locht ar an BBC, ar an Belfast Telegraph agus ar an Belfast News Letter, ar na trí ardán sin. Tugann siad an t-ardán dó i gcónaí agus ní thuigim cén fáth. Sin an fáth go dtagann ainm s’aige aníos arís is arís eile.

“Níl vótálaithe aige, chruthaigh sé sin uair amháin nuair a fuair sé 167 vóta. Níl lucht éisteachta aige taobh amuigh de Twitter, ní dóigh liom, agus tá a uimhreacha Twitter féin ag dul síos.”

Deir Deeds go samhlaítear stádas ag daoine áirithe nach bhfuil ag dul dóibh.

“Níl na daoine seo chomh cumhachtach nó chomh tábhachtach is a chreideann siad féin agus atá daoine cosúil le Stephen Nolan [an craoltóir] ag iarraidh a chur trasna. Ní hin an fhírinne, níl mé buartha fúthu.

“Tagann an dóchas féin ó na comhráití agus na deiseanna rannpháirtíochta a bhí agam go dtí seo. Tá rudaí i bhfad níos dóchasaí ná mar a chuirtear in iúl.”

Fág freagra ar 'An Coimisinéir Gaeilge ag staonadh ó phlé le lucht frith-Ghaeilge'

  • Peter

    Tabhair Séamus Ó Muirgheasáin ar Jamie Bryson (a ainm i nGaeilge) agus ba cheart go gcuirfeadh sé sin corc ann ar feadh scaithimh, ar a laghad.
    “Is le gach duine í.”