AN CLUICHE CEANNAIS: Cúig cinn de na comhraic is tábhachtaí i gcluiche ceannais na hÉireann

Níl an bhéim chéanna á cur ar choimhlintí beirte sa pheil is a bhíodh ach beidh tábhacht ar leith le cuid de na comhraic sin i gCluiche Ceannais Chraobh Peile Uile-Éireann Dé Domhnaigh. Pictiúir: INPHO

AN CLUICHE CEANNAIS: Cúig cinn de na comhraic is tábhachtaí i gcluiche ceannais na hÉireann

Sa pheil sa lá atá inniu ann, bíonn bainisteoirí ag súil go mbeidh a gcuid imreoirí in ann ag róil dhifriúla ar an bpáirc agus go mbeidh siad chomh compordach céanna i mbun cosanta agus a bheidís ar an ionsaí. Fágann sé sin nach bhfuil na coimhlintí aonair chomh tábhachtach agus a bhíodh, ach níl aon amhras mar sin féin ach go mbeidh cúpla coimhlint cinniúnach amárach againn.

 

Ciarán Kilkenny agus Pádraig Hampsey

Nuair is mian le Mickey Harte an tionchar a bhíonn ó imreoir ar leith a laghdú, is é Pádraig Hampsey a roghnaítear chun súil a choinneáil ar an imreoir sin. In aghaidh Dhún na nGall, d’imir Hampsey thart ar lár na páirce mar ar choinnigh sé Michael Murphy faoi chois. Sa chluiche leathcheannais, fágadh Conor McManus faoina chúram agus ní bhfuair laoch Mhuineacháin ach aon phointe amháin sa chluiche uilig.

Cé go bhfuil imreoirí den scoth ag Áth Cliath fud fad na páirce, seans gurb é Ciarán Kilkenny an fear is tábhachtaí atá acu, go háirithe agus iad ar an ionsaí. Caitheann Kilkenny cuid mhaith den chluiche ag dul anonn agus anall 40m nó 50m amach ón gcúl ag stiúir na himeartha agus bearnaí á lorg aige i measc chosantóirí an hfreasúra. Má choinníonn Hampsey leis an t-am go léir agus má cheileann sé spás air, beidh ar Áth Cliath an stíl a bhí acu i gcaitheamh na bliana a athrú beagáinín.

 

 

Jack McCaffrey agus Mattie Donnelly

Ní róiontach a chruthaigh Jack McCaffrey i gcluichí ceannais na hÉireann go dtí seo. Baineadh den pháirc é ag leath ama in aghaidh Mhaigh Eo in 2013 agus níor mhair sé ach 50 nóiméad in 2015 tar éis dó a bheith tinn an tseachtain roimhe sin. Ba i measc an lucht féachana a bhí sé in 2016 tar éis dó seal a chaitheamh san Afraic agus anuraidh b’éigean dó an pháirc a fhágáil agus é gortaithe tar éis deich nóiméad.

Níl dabht ar bith ach gur sárimreoir é McCaffrey, áfach, agus beidh coimhlint mhór ann idir é féin agus Mattie Donnelly Dé Domhnaigh. Tá luas dochreidte ag fear Átha Cliath ach tá sé an-láidir chomh maith agus léamh iontach aige ar an imirt. Tá na buanna céanna ag Donnelly agus nuair a théann sé ar ruathar, is deacair é a stopadh. Bhí sé ciúin go maith ar feadh píosa maith den chluiche leathcheannais agus beidh sé ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh as sin amárach.

 

Jonny Cooper agus Niall Sludden

Agus é ag imirt ar an líne daichead slat, tá neart imreoirí ar fhoireann Átha Cliath a d’fhéadfadh Niall Sludden a mharcáil ach seans gur ar Jonny Cooper a leagfar an cúram sin. Agus Phllly McMahon imithe ar gcúl i mbliana, is é Cooper an marcálaí is fearr atá ag Jim Gavin faoi láthair agus tá taithí aige ar a bheith ag imirt sa líne leathchúil.

Tá Sludden ag imirt ar fheabhas i mbliana. Bhí sé ar dhuine de phríomhscórálaithe Thír Eoghain i gcaitheamh na craoibhe agus 3-13 aimsithe aige ón imirt. Ba é a fuair cúl na cinniúna in aghaidh Mhuineacháin sa chluiche leathcheannais agus tá sé chomh cumasach céanna ag cruthú deiseanna do dhaoine eile. Má éiríonn leis éalú ó Cooper, déanfaidh sé scrios.

 

Brian Howard agus Tiernan McCann

Tá Brian Howard i measc rogha na n-údar don ghradam Imreoir Óg na Bliana ach ní foláir dó imirt go maith sa chluiche ceannais más faoi David Clifford Chiarraí a shárú. Agus é ag imirt ar an gcliathán deas d’Áth Cliath, beidh Howard á fhéachaint le Tiernan McCann, duine de na cosantóirí leathchúil is fearr sa tír.

Tá McCann breá in ann d’obair an chosantóra nuair is gá, ach is é an luas atá aige agus é ar an bhfrithionsaí an bua is mó atá aige. É sin ráite, tá an fuinneamh in Howard coinneáil leis an tráthnóna go léir.

 

Stephen Cluxton agus Niall Morgan

Beidh 145 méadar eatarthu ar an bpáirc ach beidh taispeántais na gcúl báire ríthábhachtach i gcluiche ceannais an Domhnaigh. Ní haon rún é go mbíonn tionchar ollmhór ag Stephen Cluxton ar imirt Átha Cliath agus níl a shárú de chúl báire sa tír. Ní gan locht atá sé, áfach. Léiríodh sa chluiche in aghaidh na Gaillimhe go mbíonn deacrachtaí aige nuair a sheoltar an liathróid isteach ard i mbéal an chúil, ach ní minic a bhaineann Tír Eoghain úsáid as an teaictic sin.

Is cúl báire iontach é Niall Morgan chomh maith ach bíonn sé thuas seal, thíos seal. Bhí sé beagáinín trína chéile ina chuid imeartha sa chéad leath in aghaidh Dhún na nGall an mhí seo caite ach d’fheabhsaigh sé go mór sa dara leath. Nuair a bhíonn sé lán de mhuinín agus de mhisneach, bíonn sé ar fheabhas agus is mór an chabhair é do Thír Eoghain é freisin na laethanta sin a mbíonn sé cruinn ó na ciceanna saora. Is féidir é a chur faoi bhrú, áfach, agus is beag an baol nach ndéanfaidh Áth Cliath iarracht é a chur dá bhuille amárach.

Fág freagra ar 'AN CLUICHE CEANNAIS: Cúig cinn de na comhraic is tábhachtaí i gcluiche ceannais na hÉireann'