Casfaidh peileadóirí Mhaigh Cuilinn agus na Ceathrún Rua ar a chéile sa chéad bhabhta de Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe 2021 agus na socruithe do chomórtas na bliana seo fógartha.
Bhuaigh Maigh Cuilinn an Chraobh Shinsir den chéad uair riamh anuraidh agus is i gcoinne na Ceathrún Rua a bheidh siad ina gcéad chluiche i mbliana, cluiche a imreofar ar an 4/5 Meán Fómhair.
Beidh taispeántais láidre ag teastáil ó na foirne Gaeltachta más leo teacht slán ó Ghrúpa 3 agus Baile Chláir agus Eanach Dhúin curtha leo sa ghrúpa.
Cuireadh An Spidéal i nGrúpa 2 leis An Creagán-Maigh Locha, Naomh Micheál agus Baile an Mhuilinn. Is in aghaidh Bhaile an Mhuilinn a bheidh fir an Spidéil sa chéad bhabhta.
Imreoidh Bearna, a chuaigh chomh fada le babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe anuraidh, i gcoinne Chora Finne sa chéad bhabhta agus beidh cluichí eile acu i gcoinne Bhóthar na Trá/Chnoc na Cathrach agus Uachtar Ard.
Beidh an cluichí sa dara bhabhta ann ar an 18/19 Meán Fómhair agus imreofar an tríú babhta ar an 2/3 Deireadh Fómhair.
Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe 2021 | ||||
---|---|---|---|---|
Grúpa 1 | Grúpa 2 | Grúpa 3 | Grúpa 4a | Grúpa 4b |
Réalta Thuama | An Creagán-Maigh Locha | Maigh Cuilinn | Cora Finne | Muine Mheá-An Mhainistir |
Naomh Séamus | Naomh Micheál | Baile Chláir | Uachtar Ard | Bearna |
Seamróga Chortúin | An Spidéal | An Cheathrú Rua | Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach | Cathair Loistreáin |
Cill Aithnín | Baile an Mhuilinn | Eanach Dhúin |
Sa Chraobh Idirmheánach, tá Micheál Breathnach agus Naomh Anna, Leitir Móir, curtha le chéile i nGrúpa 1 na craoibhe. Áth Cinn agus Naomh Gabriel atá leo sa ghrúpa sin.
Beidh na Breathnaigh ag iarraidh ardú céime ar ais go dtí grád na sinsear a bhaint amach ar an gcéad iarracht tar éis dóibh cluiche dícháilithe, a bhí curtha siar ó anuraidh, a chailliúint cúpla seachtain ó shin in aghaidh Mhuine Mheá-Na Mainistreach.
Tá Oileáin Árann curtha i nGrúpa 2 le Cill Choirín/Cluain Bheirn, Gleann na Madadh agus Cill Chonla.
Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe 2021 | |||
---|---|---|---|
Grúpa 1 | Grúpa 2 | Grúpa 3 | Grúpa 4 |
Micheál Breathnach | Cill Choirín/Cluain Bheirn | An Dún Mór Mhic Éil | Cill Fhir Iarainn |
Áth Cinn | Gleann na Madadh | Cora Finne | Mionlach |
Naomh Anna, Leitir Móir | Cill Chonla | Órán Mór-Meáraí | An Chealtrach |
Naomh Gabriel | Oileáin Árann | Baile Liam | Naomh Breandán |
I gCraobh Shóisir an Iarthair, tá Carna-Caiseal i nGrúpa 1 le Cumann an Athar Uí Ghríofa/Éire Óg, Bearna agus Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach. I nGrúpa 2, tá An Clochán, Maigh Cuilinn, Rinn Mhaoile agus An Fhairche.
Fág freagra ar 'An Cheathrú Rua le seaimpíní 2020 agus na socruithe déanta do Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe'