An Caighdeán Oifigiúil nua ag dul chuig na clódóirí an tseachtain seo chugainn

Tá ‘na leathanaigh dheireanacha á seiceáil’ i láthair na huaire agus cuirfear chuig na clódóirí an leagan is deireanaí de An Caighdeán Oifigiúil an tseachtain seo chugainn

ancaighdea

Cuirfear chuig na clódóirí an tseachtain seo chugainn an leagan is deireanaí de An Caighdeán Oifigiúil.

Thug Vivian Uíbh Eachach, Príomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin, le fios do Tuairisc.ie go bhfuil “na leathanaigh dheireanacha á seiceáil” i láthair na huaire agus go mbeidh an cháipéis athbhreithnithe ag dul chuig na clódóirí ina dhiaidh sin.

“Tá an próiseas go léir geall le bheith críochnaithe anois agus na leathanaigh dheireanacha á seiceáil. Beidh an leagan críochnaitheach á chur chuig na clódóirí an tseachtain seo chugainn,” a dúirt sé.

Ceann de na gnéithe is mó a mbeidh spéis ag lucht teanga ann ná cé chomh dílis dá chéile is a bheidh an Caighdeán nua agus an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge (www.focloir.ie).

Ba í Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a cheap an Caighdeán Oifigiúil an chéad lá riamh agus a d’fhoilsigh sa bhliain 1958 é. Sa bhliain 2012, d’fhoilsigh an Rannóg leagan athbhreithnithe den Chaighdeán agus gealladh sa réamhrá leis an eagrán sin go ndéanfaí athbhreithniú air i gceann trí bliana.

Bhí an leagan nua le foilsiú an Márta seo caite ach fógraíodh anuraidh go raibh moill ar chúrsaí agus go mbeadh sé réitithe roimh dheireadh na bliana. I mí na Samhna, cuireadh an spriocdháta siar go dtí an mhí seo.

Beidh lucht scríofa na teanga ag súil, mar shampla, go mbeidh soiléiriú agus simpliú sa Chaighdeán nua ar riail an tséimhithe agus ar chóras na n-uimhreacha.

I measc na gceisteanna conspóideacha eile a bhféadfaí fuascailt a fháil orthu sa leagan nua den Chaighdeán Oifigiúil, tá láimhseáil na bhfocal ‘atá’ agus ‘a bhfuil’ ó chanúint go chéile agus an t-athrú atá tagtha ar an ngné sin den ghramadach sa chaint bheo.

Meastar go dtabharfar aghaidh freisin ar cheist chomhréir an ainm bhriathartha sa chaint bheo agus cé acu ar cheart nó nár cheart aitheantas a thabhairt do leaganacha áirithe amhail ‘an obair atá Seán ag déanamh’, leagan a chloistear go minic i nGaeltacht na Mumhan. Ní aithnítear ach ‘an obair atá Seán a dhéanamh’ sa Chaighdeán Oifigiúil faoi láthair.

Ceisteanna eile a d’fhéadfadh a bheith sa treis ná imeacht an ghinidigh as an gcaint bheo agus a bhfuil de dhifear idir an chaint bheo agus an Caighdeán maidir le mearbhall na ‘dntls’ ó chanúint go chéile.

Dúradh sa leagan den Chaighdeán a foilsíodh in 2012, nó an Caighdeán ‘Corcra’ mar a thugtar mar ainm ceana air, go ndearnadh iarracht ‘na claochluithe atá ag titim amach ó thaobh struchtúir ghramadaí na teanga a aithint’ ach srian a choinneáil leis an ró-Bhéarlachas agus gan struchtúir dhúchasacha na Gaeilge ‘a chur as a riocht’.

Chuige sin d’fhéach údair Chaighdeán 2012 le foirmeacha agus leaganacha canúnacha atá sa chaint a chur san áireamh ar mhaithe le haitheantas a thabhairt do ghnáthchaint na ndaoine.

Fág freagra ar 'An Caighdeán Oifigiúil nua ag dul chuig na clódóirí an tseachtain seo chugainn'