An caidreamh idir foireann agus bainistíocht an Údaráis ‘at an all-time low’

I litir ó Ed Thompson, Bainisteoir Réigiúnach Unite, deirtear go bhféachfar ‘ar an tríú páirtí’ a thabhairt isteach sa scéal mura dtugann bainistíocht an Údaráis aghaidh ar scata ceisteanna atá ag déanamh imní d’fhoireann na heagraíochta

Udaras4

Tá litir curtha ag Bainisteoir Réigiúnach an cheardchumann Unite chuig Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ina maítear go bhfuil an caidreamh idir foireann agus bainistíocht an Údaráis “at an all-time low” agus “on the brink of collapse”.

Sa litir ó Ed Thompson, Bainisteoir Réigiúnach Unite, deirtear go bhféachfar ‘ar an tríú páirtí’ a thabhairt isteach sa scéal mura dtugann bainistíocht an Údaráis aghaidh ar scata ceisteanna atá ag déanamh imní d’fhoireann na heagraíochta. Luaitear an Coimisiún um Chaidreamh san Ionad Oibre (Workplace Relations Commission) mar eagras a bhféadfaí dul i gcomhar leo sa chás go dteipfeadh ar na hiarrachtaí teacht ar réiteach idir lucht bainistíochta agus lucht ceardchumainn.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo inné, tá meamram ceardchumainn curtha faoi bhráid Bhord Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ina gcuirtear i leith bhainistíocht an Údaráis nach bhfuil “aon mheas” á léiriú acu “ar an bhfoireann dhílis ar a bhfuil siad ag brath”, go bhfuil “ísle brí ollmhór” i measc fhoireann na heagraíochta agus gur “níos measa atá sé ag éirí lá i ndiaidh lae”.

Is de thoradh an mheamraim sin a sheol Unite an litir go dtí Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, litir a bhfuil cóip di faighte ag Tuairisc.ie.

Sa litir chéanna déantar cur síos ar cheithre cheist atá ag déanamh imní d’fhoireann an Údaráis.

Ar an gcéad cheist acusan tá an t-athstruchtúrú eagraíochta atá ar bun ag an Údarás faoi láthair. Iarrtar ar lucht bainistíochta dul i gcomhairle leis an bhfoireann faoi gach gné den athstruchtúrú seo, rud nach bhfuil ag tarlú faoi láthair, a mhaítear.

Baineann an chéad cheist eile a luaitear sa litir le cúrsaí pá. Tá baill foirne míshásta nach bhfuil a bpá ar comhchéim le státseirbhísigh eile agus deirtear sa litir nach bhfuil aon dul chun cinn déanta faoin ábhar seo ó bhí cruinniú faoi ag lucht an cheardchumainn agus an lucht bainistíochta sé mhí ó shin.

Luaitear sa litir chomh maith ceist a bhaineann le ‘deiseanna oibre’ agus deirtear go bhfuil baill foirne i mbun obair ghrád níos airde le breis is seacht mbliana, ach nach bhfuil íocaíocht dá réir á fáil acu.

Is é an t-ábhar imní deireanach a luaitear ná cúrsaí árachais gluaisteáin. Maítear go bhfuil costas breise árachais ar bhaill foirne de bharr go mbíonn siad ag taisteal mar chuid dá gcuid oibre.

Maítear sa litir go bhfuil ‘frustrachas mór’ i measc na foirne toisc, a deirtear, nach bhfuil an bhainistíocht sásta cúrsaí tábhachtacha a phlé ná eolas a chur ar fáil. Líomhnaítear chomh maith go mbíonn moilleadóireacht mhór maidir le teacht ar réiteach ar cheisteanna atá ag dó na geirbe ag an bhfoireann.

Is údar buartha don cheardchumann leis go bhfuil neamhaird á tabhairt ar “nósanna agus tuiscintí seanbhunaithe” maidir le déileáil le cúrsaí. Is cúis imní don cheardchumann go ndeachaigh an bhainistíocht “siar le déanaí ar chomhaontú” maidir le poist a fhógairt.

Ag deireadh na litreach ó Bhainisteoir Réigiúnach an cheardchumainn chuig Príomhfheidhmeannach an Údaráis iarrtar cruinniú le bainistíocht na heagraíochta ag deireadh na míosa seo chugainn chun go bpléifí go mion na húdair imní atá ag an bhfoireann.

Mura mbíonn aon “fhreagra cuí” ón mbainistíocht ar na ceisteanna a luaitear sa litir, deirtear go bhféachfar ‘ar an tríú páirtí’ a thabhairt isteach sa scéal.

I ráiteas a chuir sé ar fáil do Tuairisc.ie, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin, go gcruthaíonn athruithe ‘míshuaimhneas agus imní’ ach go ‘dtiocfaidh an eagraíocht tríd trí chomhoibriú le chéile’.

Fág freagra ar 'An caidreamh idir foireann agus bainistíocht an Údaráis ‘at an all-time low’'