An bhliain ar dhiúltaigh Ciarraí cluiche ceannais na hÉireann a imirt

Bhí na ticéid i bhfad níos costasaí ná ticéid lucht an rugbaí ach ní thugtaí áit d’imreoirí CLG ar an traein chompordach a d’fhágadh Trá Lí ag am lóin. Ní bhíodh ag imreoirí na peile go minic ach áit seasaimh agus lucht an mhargaidh agus a gcuid ainmhithe plódaithe ina dtimpeall

An bhliain ar dhiúltaigh Ciarraí cluiche ceannais na hÉireann a imirt

Nó gur scríobh mé alt don chlár a bhí á dhíol ag an athimirt ar Chluiche Ceannais Peile na Éireann 2019 ar Pháirc an Chrócaigh inné níor thuig mé ceart cé chomh mór agus a bhí Cumann Lúthchleas Gael ag brath ar an gcóras iarnróid a bhí sa tír ar feadh formhór an chéid seo caite.

Baineann an giota sin sa gclár leis an gcaoi ar thug Ciarraí bua gan choimhlint do Chontae Lú i gCluiche Ceannais Peile 1910 níos túisce ná a ghéillfeadh siad in aighneas a bhí idir iad féin agus comhlacht an Great Southern and Western Railways. Bhain sin le caighdeán agus praghsanna na dtraenacha a bhítí a chur ar fáil dóibh féin agus do lucht a leanta agus iad ag tabhairt aghaidh ar chluichí móra.

Bhí siad ann a cheap go ndeachaigh Coiste Chiarraí thar fóir sa seasamh a ghlacadar, ach ní mór a mheabhrú go raibh baint ag cúrsaí náisiúnachais leis an scéal freisin. Níorbh iad CLG amháin a raibh clamhsán dá leithéid acu – an scéal céanna go minic ag Páirtí Náisiúnach na linne agus iadsan i mbun cruinnithe a eagrú ag éileamh Rialtas Dúchais. Cuimhnigh go mba le comhlachtaí Briotanacha na hiarnróid ag an am.

Ag an am sin freisin, sa taobh ó thuaidh den tír, bhí aighneas leanúnach idir údaráis Chumann Lúthchleas Gael agus an Great Northern Railway mar nach rabhthas sásta córas taistil a chur ar fáil chuig cluichí ar an Domhnach. Ar an taobh seo den teorainn bhí an éagothromaíocht go mór i gcroí na ceiste. Bhain an t-easaontas a d’fhág gur scaoil Ciarraí deis imeartha i gCluiche Ceannais 1910 uathu le caighdeán na dtraenacha a chuirtí ar fáil do lucht an rugbaí agus na táillí a ghearrtaí orthu siúd agus an tairiscint a thugtaí do lucht na gCluichí Gaelacha.

Bheadh dul amú ar an té a cheapfadh go mba argóint fhánach a bhí i gceist agus go mba ar mhaith le ‘pointí a scóráil’ lasmuigh de pháirc na himeartha a bhí Coiste Chiarraí. Ní bheadh sin iomlán cóir nuair a chuirtear tábhacht na n-iarnród ag an am san áireamh. In éagmais na mbóithre atá againn inniu, mar aon le laghad na ngluaisteán, ní áirím bochtanas na tíre, ba é an córas sin lámh tharrthála lucht gnó agus a gcuid fostaithe. B’amhlaidh an cás ag feirmeoirí, iascairí, siopadóirí agus a gcuid custaiméirí agus na milliúin nach raibh acu ach aghaidh a thabhairt ar an mbád bán – bhí traic iarnróid i nDún Laoghaire a thug iadsan chomh fada leis an ngeata bordála mar a thugtar an beithíoch ar chrúca sa seamlas.

Níl rud is fearr a thugann léargas ar thábhacht na n-iarnród ná mapa na hÉireann a d’fhoilsigh an Viceregal Commission sa mbliain 1906.

I gContae Dhún na nGall leis féin bhí os cionn 60 stáisiún ag dul ó thuaidh chomh fada le Carn Domhnach, chomh fada siar le hAilt an Chorráin agus leis na Cealla Beaga agus chomh fada ó dheas le Bun Dobhráin agus Paiteagó. Bhí an té a bhí i gCill Airne nó i dTrá Lí in ann taisteal ar thraein chun na Fianaite, chun an Daingin, Cuan Bhéal Inse, Neidín agus Baile an Bhuinneánaigh.

Ní bréag a rá mar sin is dócha gur ar an traein a thaistil mórán chuile fhoireann a thug Craobhacha Sinsearacha Peile agus Iomána na hÉireann abhaile leo ó thús ama go dtáinig na 1960idí agus tá roinnt bheag acu atá dílis don nós i gcónaí.

Tá cur síos ar an suíomh idirlín atá ag Cumann na nDubhchonnach i gCorcaigh ar an gcaoi ar thaistil an fhoireann agus lucht a leanta as Dún Mánmhaí go cathair Chorcaí, áit ar bhuaigh siad Cluiche Ceannais an Chontae in 1897 in aghaidh Wolfe Tone as Ceann Toirc. Ba ar an gcuma chéanna a chuaigh siad go Dún Garbhán, go Cluain Meala agus go Luimneach i gCraobh na Mumhan. Agus é sin buaite acu, ba í an traein arís é go Corcaigh agus as sin go Baile Átha Cliath, áit faraor dóibhsean ar bhuaigh foireann Ciceam na cathrach sin orthu i gCluiche Ceannais na hÉireann.

Scilling agus 6 pingine sa sean-airgead a chosain sé ar na Dubchonnaigh agus ar lucht a leanta a dhul chomh fada le Corcaigh don chéad chluiche acu sin – sin tuairim €9 in airgead an lae inniu agus is cinnte go mba 1/6 a bí ansin a raibh bailiú air.

Trí bliana déag dár gcionn, ar an 12 Samhain 1910 thuairisc an Freeman’s Journal : ‘The final tie of the All Ireland Football Championship, which was fixed to be played at Jones’s Road tomorrow, has been declared off, as the Kerry team refuse to travel. It was thought early yesterday that the crux had been bridged over, but later in the day a telegram from Tralee stated that as the demands of the Kerry team were not conceded in full by the railway company, they would not travel to play Louth.’

Aighneas a bhí ann a raibh borradh faoi le tamall agus thug go cnámh na huillinne an argóint a bhí ag lucht leanta agus eagair na gCluichí Gaelacha nach raibh cothrom na Féinne á thabhairt dóibh. Luadh go raibh a gcuid ticéad i bhfad níos costasaí ná na ticéid fhillte a thugadh lucht rugbaí as Trá Lí go Corcaigh (4 scilling) agus fiú go Caerdydd na Breataine Bige agus ar ais (13 scilling). Sa mullach air sin is iomaí clamhsán a rinne Coiste CLG an chontae nach dtugtaí áit dá gcuid imreoirí siúd ar an traein chompordach a d’fhágadh Trá Lí ag am lóin. Ní bhíodh le fáil acusan ach ceann an tráthnóna, gan ag na himreoirí go minic ach áit seasaimh agus lucht an mhargaidh agus a gcuid ainmhithe plódaithe ina dtimpeall.

Déanadh iarracht ar eadrán, ach tháinig litir ó cheanncheathrú an Great Southern & Western Railway (i mBaile Átha Cliath) agus gan de shásamh le fáil inti ach go mbeadh neart áite ar thraein an tráthnóna.

B’in an iarraidh a mharaigh an mhuc. Dhiúltaigh Ciarraí cos a chur thar teorainn agus fógraíodh contae Lú ina seaimpíní ar Éirinn gan aon chur ina gcoinne.

Fág freagra ar 'An bhliain ar dhiúltaigh Ciarraí cluiche ceannais na hÉireann a imirt'