‘An bhfuil tú cinnte dearfa go bhfuil chips le fáil thart anseo, Mamaí?’

Bhí sé 29 céim Celsius sa gcarr agus ní raibh sé oibrithe amach agam cén chaoi leis an aer fuar a chur ag imeacht

‘An bhfuil tú cinnte dearfa go bhfuil chips le fáil thart anseo, Mamaí?’

‘Tá sé seo ar nós an lá a ndeachaigh muid suas in aghaidh Rathúin,’ a deir an Cailín Mór Beag aniar ó chúl an chairr is muid sáinnithe sa trácht is na carranna tóin le srón ar bhóthar Sheáin Uí Mhaoilbhuaidh i nGaillimh.

Ní raibh mé cinnte ar dtús an é go raibh an teas róláidir di is go raibh sí ag rámhaille nó an é go raibh seilbh glactha ar a corp ag taibhse peile a bhí i bhfolach sna sceacha ar thaobh an bhóthair.

Bhreathnaigh mé isteach sa scáthán siar. ‘An bhfuil tú ok?’ a d’fhiafraigh mé di agus imní orm. Chonaic mé na leicne lasta is braoiníní allais ag cruinniú ar a baithis.

‘Tá Mamaí,’ a deir sí is thosaigh ag breathnú amach an fhuinneog.

‘Céard air a bhfuil tú ag caint?’ a d’fhiafraigh mé di.

‘An lá a ndeachaigh muid suas in aghaidh Rathúin,’ a deir sí mar shoiléiriú ar an gcéad ráiteas.

Bhí sé 29 céim Celsius sa gcarr agus ní raibh sé oibrithe amach agam cén chaoi leis an aer fuar a chuir ag imeacht. Is annamh go mbíonn aer fuar ag teastáil is níor chuir mé de stró orm féin córas casta teasa agus fuachta an chairr a oibriú amach. Fuair mé amach nach é lá an teasa lá na foghlama.

B’aoibhinn liom filleadh ar na laethanta nuair a bhíodh an deais breá simplí ar an gcarr. Laethanta nuair nach raibh le déanamh agat ach an diail a chasadh taobh amháin leis an teas a chur ag imeacht agus an taobh eile dá mbeadh an t-aer fuar ag teastáil uait.

Rinne mé staidéar ar na cnaipí is na scáileáin is na diaileanna a bhí scaipthe thart ar an deais. Chonaic mé cnaipe a raibh AC priontáilte agus dath gorm air agus shíl mé gur dóigh go gcuirfeadh sé sin aer fuar ag imeacht. Bhrúigh mé an cnaipe. Bhuail racht feirge na gaothairí aer is thosaigh siad ag séideadh gála te bruite orainn.

‘Meas tú an mbeidh deireadh linn anseo i lár an tráchta ar Bhóthar Sheáin Uí Mhaoilbhuaidh?’ a chuimhnigh mé. D’airigh mé meabhrán ag teacht orm ag an teas, an mhúch ó na carrannaí is maidhm aeir na ngaothairí.

Bhrúigh mé an cnaipe arís ag súil go stopfadh sé an t-aer. Ní dhearna sé ach é a láidriú. Thosaigh cór na gcarranna agus iad ag bípeáil amhail is go ndéanfadh sé difríocht éigin dúinn agus an cás ina raibh muid, sáinnithe.

‘Casfaidh mise dhe é,’ arsa an Cailín Mór Beag. Thosaigh sí ag breathnú ar na cnaipí agus níl a fhios agam céard a rinne sí leis, ach stop an t-aer ag séideadh.

Níor chorraigh an líne mhór carranna. Bhí oibreacha bóthair ar siúl ag an gcrosbhóthar amach romhainn agus bhí an chuma air go raibh dearmad déanta ag na hoibrithe bóthair go raibh muid ann.

Ní raibh uainn ach cúpla mála sceallóg a fháil ar an mbealach abhaile. Shíl mé go mbeadh sé níos éasca ná a bheith ag cócaireacht. An é go raibh déithe an tís ag gearradh pionóis orm?

‘An bhfuil tú cinnte dearfa go bhfuil chips le fáil thart anseo, Mamaí?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin agus amhras uirthi.

Is ansin a chuimhnigh mé ar an lá a ndeachaigh siad suas in aghaidh Rathúin is gur thriail muid sceallóga a fháil ar an mbealach abhaile.

Fág freagra ar '‘An bhfuil tú cinnte dearfa go bhfuil chips le fáil thart anseo, Mamaí?’'